Nuacht & Imeachtaí

Straitéis Náisiúnta IS Athnuaite: “Deis ollmhór d'Éirinn leas a bhaint as IS ar son leas an phobail”

6 Samhain 2024

“Táimid go léir freagrach as IS atá freagrach”

Sheol an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke TD, agus an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Dara Calleary TD, athnuachan ar an Straitéis Náisiúnta IS inniu. Leis an Athnuachan seo, cuirtear forbairtí suntasacha i dteicneolaíocht agus i rialú IS ó foilsíodh an Straitéis bunaidh in 2021 san áireamh. Ar an gcéad dul síos, cuireadh le géarú ollmhór sna teicneolaíochtaí IS a bhfuil fáil ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí orthu leis an seoladh ChatGPT go déanach in 2022. Ar an dara dul síos, tháinig Acht IS an AE i bhfeidhm le linn an tsamhraidh, agus dá bharr tá na paraiméadair maidir leis an rialú a bhaineann le húsáid a bhaint as IS soiléir anois. 

Leis an Athnuachan, tógtar ar an mbunchloch dhaingean atá i bhfeidhm cheana agus tugtar faoi chothromaíocht a aimsiú idir rialú comhréireach agus bearta lena dtógtar muinín. I measc na mbeart nua tá:

  • bosca gainimh rialála IS a bhunú chun nuálaíocht in IS a chothú
  • cumarphointe Taighde IS Náisiúnta a chruthú lena mbaineann féiniúlacht chomhaontaithe
  • spás sábháilte a chruthú ina dtugtar spreagadh do státseirbhísigh agus d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí triail a bhaint as uirlisí IS
  • staidéar suntasach a choimisiúnú ar na tionchair fhéideartha a bhaineann le IS (lena n-áirítear IS giniúnach) agus le hardteicneolaíochtaí eile ar phríomhearnálacha de chuid gheilleagar na hÉireann
  • an staidéar ó 2022 ar scileanna IS de chuid an Ghasra Saineolaithe um Riachtanais Scileanna sa Todhchaí a nuashonrú
  • an raon tionscnamh uasoiliúna agus athoiliúna digití a leathnú 

Agus an Straitéis athnuaite á cur i láthair chruinniú de chuid na comh-aireachta acu an tseachtain seo, d'aontaigh an bheirt Aire gur dóchúla, i roinnt mhaith cásanna, go gcomhlánódh IS róil na n-oibrithe ná go dtiocfadh sé ina n-ionad. Mar sin féin, ní tharlóidh an comhlánú seo go huathoibríoch, agus beidh gá le hacmhainní agus le cumais nua a fhorbairt sa lucht saothair ina leith. Leathnófar ar an raon tionscnamh uasoiliúna agus athoiliúna digití mar chuid den Straitéis athnuaite, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil fáil orthu trí Skillnet Ireland, Springboard+, agus tionscnaimh chaipteal daonna amach anseo. 

Agus an Straitéis á seoladh aige, leag an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Burke a uaillmhian amach faoin gcaoi a gcuirfear feabhas ar an ngnó le teicneolaíocht IS: 

“Cuirtear deiseanna romhainn le IS nach bhfuil a leithéid feicthe againn riamh roimhe le dul chun cinn teicneolaíochta roimhe seo, mar a bhaineann sé leis an tionchar claochlaithe a d'fhéadfaí go mbeadh acu ar ár leas comhchoiteann. Is ann do dheiseanna eacnamaíocha soiléire i dtaca lenár n-iomaíochas idirnáisiúnta agus ag an leibhéal gnólachta aonair araon. 

“Ar an gcéad dul síos, ní mór don rialtas coinneáil orainn i dtaca lena bhfuil á thairiscint againn leis an teicneolaíocht a fhorbairt agus dár gcoinneáil i mbarr ár réime, chun borradh a chur faoi Éirinn mar thimpeallacht mhealltach maidir le hinfheistíocht in IS – ar mhaithe lenár ngnólachtaí dúchasacha agus cuideachtaí ilnáisiúnta eachtrannacha araon. 

“Ar an dara dul síos, is deis táirgiúlachta ollmhór é seo do ghnólachtaí Éireannacha. Más féidir linn tuilleadh glactha IS a spreagadh, sábhálfar am agus airgead d'úinéirí gnólachtaí, agus beidh siad níos iomaíocha. Tá maoiniú deontais spriocdhírithe agus comhairle ar fáil dár ngnólachtaí níos lú a bhfuil suas le 50 ball foirne acu i mbun infheistíochta in IS trí na hOifigí Fiontair Áitiúla agus Fiontraíocht Éireann, agus tá mé ag impigh ar chuideachtaí go bhfiosróidís an rogha seo atá an-phraiticiúil agus luachmhar.”

Mhínigh Dara Calleary, an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, cur chuige an Rialtais: 

““Tá deis ollmhór againn le haghaidh na hÉireann i dtaca le leas a bhaint as IS ar son leas an phobail maithe, i gcúrsaí gnó, sa gheilleagar, agus sa tsochaí i gcoitinne. Táimid go léir freagrach as IS atá freagrach. Is cuid ollmhór é dár gcur chuige, muinín an phobail a thógáil. Tá an struchtúr rialála á chur i bhfeidhm againn chun soláthar a dhéanamh do mhaoirseacht agus d'fhorfheidhmiú Acht IS an AE in Éirinn. 

"Tá a fhios ag gnólachtaí gur réimse mhéadaithe ríthábhacht iad scileanna IS, agus go bhfuil an córas oideachais ag leathnú ar a sheirbhísí mar fhreagairt ar an spéis mhéadaithe seo. Chun aontacht agus comhleanúnachas a thógáil, cruthófar Cumarphointe Taighde IS Náisiúnta chun cumas phobal taighde na hÉireann a mhéadú i dtaca le fíorthionchar suntasach a sholáthar sa tírdhreach IS domhanda. 

"San earnáil phoiblí, in éineacht le roinnt tionscnamh IS píolótach, cruthóimid spás sábháilte freisin ina dtugtar spreagadh do státseirbhísigh agus d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí triail a bhaint as teicneolaíocht IS.” 

Tá an t-athnuachan nua ar an Straitéis Náisiúnta IS ar fáil anseo

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí 

Seoladh an chéad Straitéis Náisiúnta Intleachta Saorga (IS) de chuid na hÉireann, 'AI – Here for Good' i mí Iúil 2021. Tá feidhm ag an Straitéis mar threochlár i dtaca leis an gcaoi ar féidir le hÉirinn leas a bhaint as cumas IS chun leas a bhaint as an táirgiúlacht, chun dul i ngleic le dúshláin na sochaí, agus chun seirbhísí poiblí a sholáthar. Samhlaítear léi am amach romhainn ina mbeidh Éire mar cheannródaí idirnáisiúnta i dtaca le húsáid a bhaint as IS do leas an ghnó, na seirbhísí poiblí, agus - an rud is tábhachtaí - do leas na ndaoine, trí chur chuige eiticiúil a bhfuil daoine ag a chroílár maidir le forbairt, glacadh agus úsáid IS. 

Cuirtear san áireamh leis an athnuachan seo ar Straitéis Náisiúnta IS na hÉireann, na forbairtí suntasacha i dteicneolaíocht agus i rialú IS ó foilsíodh an Straitéis bunaidh in 2021. Ar an gcéad dul síos, cuireadh le géarú ollmhór sna teicneolaíochtaí IS a bhfuil fáil ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí orthu leis an seoladh ChatGPT go déanach in 2022. Ar an dara dul síos, tháinig Acht IS an AE i bhfeidhm le linn an tsamhraidh, agus dá bharr tá na paraiméadair maidir leis an rialú a bhaineann le húsáid a bhaint as IS soiléir anois. 

Tá an glacadh agus an soláthar leanúnach de theicneolaíochtaí IS nua ríthábhachtach do ghnólachtaí Éireannacha agus iad san iomaíocht i margaí idirnáisiúnta. Tá borradh an-mhór ar fud an domhain faoi roinnt gnólachtaí ceannródaíocha Éireannacha atá á dtiomáint ag IS, agus glúin nua de ghnólachtaí nuathionscanta ag teacht sna sála orthu. Aithníonn Fiontraíocht Éireann deis ollmhór d'fhiontraithe Éireannacha le bheith mar cheannródaithe sa réimse réabhlóideach seo a mbíonn de shíor ag athrú.

Aithníonn GFT Éireann deiseanna suntasacha freisin. Bunaíodh gnólachtaí domhanda atá ag tús cadhnaíochta na forbartha IS in Éirinn, agus bunaíodh roinnt gnólachtaí nach bhfuil a sárú le fáil ar fud an domhain, moil Thaighde agus Nuálaíochta IS in Éirinn. D'fhógair Microsoft, díreach an tseachtain seo caite, 550 post innealtóireachta nua agus róil T&F a bheidh bunaithe in Éirinn, le bheith ar thús cadhnaíochta na forbartha de theicneolaíochtaí IS nua. 

Leagadh amach sa Straitéis cur chuige uile-Rialtais i dtaca leis na cumasóirí riachtanacha a chur i bhfeidhm le bheith mar bhonn faoi ghlacadh IS i seirbhísí fiontraíochta agus poiblí, lena n-áirítear éiceachóras nuálaíochta tacúil, bonneagar sonraí agus ceangail sábháilte, agus polasaithe le cinntiú go bhfuil an lucht saothair ullamh le haghaidh tionchar IS.​ Baineann cumas iontach le húsáid agus le cur i bhfeidhm IS chun cabhrú le dúshláin a réiteach i gcúram sláinte, i bhfionnachtain eolaíoch, i gcúrsaí inbhuanaitheachta, i gcúrsaí talmhaíochta, i gcúrsaí iompair, agus i gcúrsaí gluaiseachta. Tá úsáid á baint as cur i bhfeidhm IS “Cúnga” i roinnt réimsí de chuid na seirbhíse poiblí, i réamhaisnéisiú na haimsire, i dtairngreacht ráig ghalar i measc ainmhithe, agus i láimhseáil doiciméid uathoibrithe chliste, mar shampla. Tá cumas suntasach ag an sraith uirlisí IS giniúnacha atá ag teacht chun cinn chun cur le hobair na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí i réimsí amhail taighde polasaí, soláthar seirbhíse agus riarachán. Tá roinnt tionscadal píolótach lárnach chun tástáil a dhéanamh ar chruthúnas coincheapa agus úsáide ar bun faoi láthair. 

Leis an Athnuachan, tógtar ar an mbunchloch dhaingean atá i bhfeidhm cheana agus tugtar faoi chothromaíocht a aimsiú idir rialú comhréireach agus bearta lena dtógtar muinín. Is príomhchuid é muinín an phobail a thógáil i dtaca lena chinntiú go nglacfar go forleathan le IS sa gheilleagar agus sa tsochaí níos leithne. Is minic gurb é a bhíonn i gceist leis ná an gá atá ann le trédhearcacht agus freagracht a chaomhnú, cuid de na príomhphrionsabail a bhaineann le IS iontaofa. Tá an struchtúr rialála chun soláthar a dhéanamh do mhaoirseacht agus d'fhorfheidhmiú Acht um Intleacht Saorga an AE ag Leibhéal Náisiúnta á chur i bhfeidhm ag Éirinn faoi láthair. Creideann an Rialtas gurb é an cur chuige comhréireach, bunaithe ar phriacal a glacadh in Acht IS an AE an ceann ceart, agus go gcosnófar sábháilteacht agus cearta bunúsacha an duine aonair leis chomh maith leis an nuálaíocht a chur chun cinn. Tá comhairle neamhspleách, shaineolach á soláthar ag an gComhairle Comhairleach IS don Rialtas maidir le polasaí na hintleachta saorga. Cuimsítear lena mandáid freisin rannpháirtíocht phoiblí chun leanúint le muinín a thógáil i dtaca le húsáid a bhaint as IS iontaofa. Ó bhí mí Eanáir 2024 ann, ghlac baill na Comhairle páirt sna céadta imeachtaí, agallamh, painéal agus coinní eile. 

I measc na nGníomhaíochtaí Straitéiseacha aibhsithe san athnuachan seo, tá:

  • go gcinntítear go bhfuil Éire mar cheannródaí i dtaca le cur i bhfeidhm éifeachtach Acht IS an AE, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht thairbheach i mBord IS an AE agus a ghrúpaí oibre chomh maith le caighdeáin agus deimhniú IS a chur i bhfeidhm
  • staidéar suntasach a choimisiúnú ar na tionchair fhéideartha a bhaineann le IS (lena n-áirítear IS giniúnach) agus le hardteicneolaíochtaí eile ar phríomhearnálacha de chuid gheilleagar na hÉireann
  • feachtas náisiúnta a fhorbairt chun feasacht a ardú i measc FBManna maidir leis na buntáistí a bhaineann le IS a ghlacadh agus na tacaíochtaí atá ar fáil
  • bosca gainimh rialála IS a bhunú chun nuálaíocht in IS a chothú
  • cumarphointe Taighde IS Náisiúnta a chruthú lena mbaineann féiniúlacht chomhaontaithe
  • go leantar le tallann IS d'ardchaighdeán a fhorbairt trí na hIonaid Taighde de chuid Taighde Éireann
  • spás sábháilte a chruthú ina dtugtar spreagadh do státseirbhísigh agus d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí triail a bhaint as uirlisí IS
  • an staidéar ó 2022 ar scileanna IS de chuid an Ghasra Saineolaithe um Riachtanais Scileanna sa Todhchaí a nuashonrú
  • raon na dtionscnamh uasoiliúna agus athoiliúna digití a leathnú, lena n-áirítear iad siúd atá ar fáil trí Skillnet Ireland, Springboard+, agus tionscnaimh chaipteal daonna amach anseo
  • úsáid agus rochtain mhéadaithe ar ard-sheirbhísí ríomhaireachta IS a chur chun cinn
  • tacaíocht a thabhairt do bhonneagar a bhunú, lena n-áirítear lárionaid sonraí le bheith mar bhonn faoi na chéad ghlúnta teicneolaíochtaí IS eile

 

CRÍOCH