Nuacht & Imeachtaí

Feabhsuithe á dtabhairt isteach ag an rialtas chun íocaíochtaí do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBManna) Éireannacha a spreagadh

6 Márta 2025

Tá beartaithe nua comhaontaithe ag an rialtas an tseachtain seo chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt i dtaca le riachtanas na hearnála poiblí a billí a íoc laistigh de 15 lá.

Deartar na bearta seo chun feabhsuithe a chur i bhfeidhm a rachaidh chun tairbhe do GBManna a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí d’údaráis phoiblí, agus beidh coigilteas ag an Státchiste mar thoradh orthu freisin.

Agus é ag labhairt i ndiaidh an chinnidh, dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke:

“Ós rud é gur mise an tAire atá freagrach as fiontar na hÉireann a chur chun cinn agus as tacú leis, tá a fhios agam cé chomh tábhachtach agus atá sreabhadh airgid dár bpobal gnó. Is bealach an-phraiticiúil amháin é seo inar féidir leis an Rialtas tacaíocht a thabhairt don earnáil GBM sa tír seo. Táim tiomanta chun gach seift is féidir a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dár bhfiontair dhúchasacha, arb iad cnámh droma ár ngeilleagair iad”.

CRÍOCH

Nóta don eagarthóir

Tá ceangal ar ranna agus ar chomhlachtaí poiblí íoc as earraí agus seirbhísí laistigh de 15 lá féilire, le roinnt eisceachtaí.

Tá bearta comhaontaithe ag an rialtas a dheartar chun feabhas a chur ar fheidhmíocht íocaíochta fhoriomlán agus tá sé diongbháilte an tiomantas don tréimhse 15 lá a chomhlíonadh ar fud na hearnála poiblí.

Le Clár an Rialtais gealltar costais do ghnó a laghdú, maorlathas nach bhfuil gá leis a chiorrú, rochtain ar airgeadas a chinntiú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar bunriachtanach chun cabhrú le gnóthais a bheith rathúil.