Chuir an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD, i gcuimhne do thomhaltóirí na hÉireann inniu (Dé Céadaoin, 6 Eanáir) na hathruithe nua a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh an mhiondíola ar líne faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, a cuireadh i gcrích le déanaí.
Dúirt an tAire Troy: “Táimid ag feidhmiú faoi rialacha nua maidir leis an trádáil ar líne agus ba mhaith liom meabhrú do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ar theidlíochtaí athraithe agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne de chuid na Ríochta Aontaithe.”
“Is iad na príomhchúiseanna imní do thomhaltóirí na costais bhreise a d’fhéadfaí a ghearradh orthu trí tháillí CBL agus Custam ag brath ar luach agus ar thionscnamh na n-earraí atá i gceist. Tá roinnt miondíoltóirí ar líne ag cur tomhaltóirí san airdeall ar na hathruithe seo agus tá na táillí breise seo á gcur san áireamh sa phraghas deiridh ag cuid de na miondíoltóirí seo. Ní mór do thomhaltóirí polasaithe na miondíoltóirí a sheiceáil, áfach, chomh maith le táillí breise a d’fhéadfadh an chuideachta seachadta a ghearradh maidir le bailiú táillí, mar shampla”, arsa an tAire.
Dúirt an tAire gur chóir do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:
- ní bhíonn ach earraí a chruthaítear go bhfuil siad de thionscnamh na Ríochta Aontaithe saor ó tharaifí
- d’fhéadfaí dleacht chustam a ghearradh ar earraí a cheannaítear ón Ríocht Aontaithe a chosnaíonn níos mó ná €150, ach nach bhfuil de thionscnamh na Ríochta Aontaithe
- gearrfar CBL na hÉireann ar earraí a cheannaítear sa Ríocht Aontaithe agus a chosnaíonn níos mó ná €22
- sa chás go ngearrtar CBL na Ríochta Aontaithe ar earraí a ceannaíodh, beidh CBL na hÉireann fós i gceist nuair a allmhaireofar an t-earra/na hearraí chun na hÉireann.
- Má ghearrtar CBL na Ríochta Aontaithe ar thomhaltóir in Éirinn, ba chóir don tomhaltóir aisíocaíocht ar an CBL a iarraidh ar an soláthraí.
Dá bharr sin, d’athdhearbhaigh an tAire nach mór do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:
- ní bhíonn an áisiúlacht agus na cosaintí a bhíodh againn mar thomhaltóirí AE i gceist go huathoibríoch níos mó agus muid ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne de chuid na Ríochta Aontaithe (d’fhág an Ríocht Aontaithe Margadh Aonair an AE an 1 Eanáir 2021 go hoifigiúil) agus;
- ní bhaineann reachtaíocht an AE maidir le cosaint tomhaltóirí, a chuirtear i bhfeidhm ar earraí a cheannaítear i Margadh Aonair an AE, le hearraí a cheannaítear sa Ríocht Aontaithe. Ina ionad sin, braithfidh tomhaltóirí ar reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le cosaint tomhaltóirí má tá fadhb acu le ceannachán.
Dúirt an tAire Troy freisin: “Ba mhaith linn go mbainfidh tomhaltóirí in Éirinn tairbhe as an tsiopadóireacht ar líne leis an Ríocht Aontaithe fós agus í ar cheann de na páirtithe trádála is mó atá againn, ach mholfainn do thomhaltóirí na hÉireann smaoineamh chun cinn agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne lasmuigh den AE agus cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (ccpc.ie) chun eolas soiléir agus úsáideach a fháil ar tháillí agus ar chearta tomhaltóirí. Tá naisc úsáideacha ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin (revenue.ie), ar a dtugtar eolas ríthábhachtach do thomhaltóirí na hÉireann a bhfuil sé ar intinn acu earraí a cheannach ar líne lasmuigh de mhargadh aonair an AE”.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí:
revenue.ie/ga/customs-traders-and-agents/brexit/brexit-for-individuals/buying-goods-online.aspx
An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
Nótaí do na hEagarthóirí:
Bíonn gach earra a allmhairítear ó thír neamh-AE, an Ríocht Aontaithe san áireamh (seachas Tuaisceart Éireann), faoi réir foirmiúlachtaí custam ón 1 Eanáir agus meastar le haghaidh Dleachta Custam agus CBL iad. Ag brath ar na cineálacha earraí agus ar an luach atá orthu, d’fhéadfaí táillí a ghearradh orthu, lena n-áirítear dleachtanna custam, CBL agus dleachtanna máil. Íoctar Dleacht Mháil ar tháirgí alcóil agus tobac agus níl aon bhaint aici le Dleacht Chustam.
Seo a leanas na rialacha ginearálta agus na luachanna gaolmhara:
- Ní ghearrtar táillí breise nuair atá rud á cheannach agus luach €22 nó níos lú air. Ón 1 Eanáir, ní íocann tomhaltóirí Dleacht Chustam nó CBL más ionann luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) agus €22 nó níos lú; Ón 1 Iúil, áfach, beidh ar thomhaltóirí CBL a íoc ar gach earra, is cuma an luach atá air, mar go dtiocfaidh athruithe ar rialacha CBL an AE maidir leis an Ríomhthráchtáil i bhfeidhm ag an am sin.
- Íoctar CBL nuair atá rud á cheannach agus luach níos mó ná €22 air. Caithfidh tomhaltóirí CBL a íoc má tá luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) níos mó ná €22;
- Íoctar Custaim agus CBL nuair atá rud á cheannach agus luach níos mó ná €150 air. Caithfidh tomhaltóirí Dleacht Chustam agus CBL a íoc má tá luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) níos mó ná €150