Is é is aidhm don straitéis nua cothroime, táirgiúlacht agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú trí idirphlé sóisialta níos fearr
Inniu d’fhógair an tAire Fiontair, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, seoladh Phlean Gníomhaíochta na hÉireann chun Cómhargáil a Chur Chun Cinn 2026-2030, ar straitéis chuimsitheach í atá ceaptha chun córas seanbhunaithe an chaidrimh thionsclaíoch dheonaigh in Éirinn a atreisiú. Leis an bplean, tugtar isteach bearta praiticiúla chun an chómhargáil a chumhachtú, a chur chun cinn agus a chosaint, lena gcinnteofar go mbeidh ionaid oibre cothrom, táirgiúil, agus athléimneach i gcónaí.
Leis an tionscnamh seo, a forbraíodh i ndlúthchomhar le Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (Ibec), comhlíontar gealltanas lárnach sa Chlár Rialtais, agus é ag teacht le hAirteagal 4 de Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Pá Íosta Leordhóthanach. Leagtar amach leis an bplean 20 gníomh thar chúig cholún straitéiseacha, lena n-áirítear:
- Tionchar a Thuiscint – Bearnaí sna sonraí a dhúnadh trí thaighde spriocdhírithe chun tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta na cómhargála a thomhas.
- Cumhachtú agus Spreagadh – Cláir um fhorbairt acmhainne, maoiniú do chomhaontuithe chun táirgiúlacht a fheabhsú, agus dea-chleachtais a aithint.
- Cur chun cinn – Feachtais feasachta poiblí, Cód Cleachtais nua, agus dreasachtaí cánach a iniúchadh chun tacú le ballraíocht i gceardchumainn.
- Cosaint – Athbhreithnithe reachtúla chun cearta oibrithe a chosaint agus cosaint a neartú le haghaidh ionadaithe ceardchumainn.
- Tacú le hInstitiúidí – Infheistíocht i ndigitiú, i réiteach feabhsaithe díospóide, agus i nuachóiriú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre agus na Cúirte Oibreachais.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin:
“Tá an chómhargáil ina bunchloch don mhuinín agus don chothroime san ionad oibre. Leis an bPlean Gníomhaíochta seo, cuirtear lenár dtraidisiún toilí, cothaítear idirphlé fiúntach, agus cinntítear go bhfuil Éire fós chun tosaigh maidir le comhtháthú sóisialta agus iomaíochas. Cuirim fáilte roimh an gcomhaontú seo idir an Rialtas agus comhpháirtithe sóisialta mar fhianaise ar luach na rannpháirtíochta leanúnaí faoin bhFóram Eacnamaíoch Saothair agus Fostaíochta.”
Dúirt an tAire Burke freisin:
“Is ionann an plean seo agus cur chuige cothrom, réamhbhreathnaitheach i dtreo caidrimh thionsclaíoch. Trí infheistiú i scileanna agus neartú idirphlé sóisialta, táimid ag cinntiú go leanfaidh an chómhargáil ar aghaidh ag tacú leis an obair fhiúntach, leis an iomaíochas agus leis an bhfás inbhuanaithe. Gabhaim buíochas le Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus le Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (Ibec) as a gcomhpháirtíocht agus táim ag súil leis an bplean seo a chur i gcrích ar mhaithe le hoibrithe agus fostóirí araon.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Gnóthais Bheaga agus Miondíol, Alan Dillon:
“Tá níos mó ná caibidlí i gceist leis an gcómhargáil—is é atá i gceist leis ná cothroime, neamhionannas a laghdú, agus muinín a chothú. Leis an bplean seo, athdhearbhaítear gealltanas na hÉireann chun idirphlé sóisialta fiúntach a chothú agus ionaid oibre a chruthú atá athléimneach agus cothrom i saol na hoibre atá ag athrú.”
Chun níos mó eolais a fháil: Plean Gníomhaíochta na hÉireann chun Cómhargáil a Chur Chun Cinn 2026–2030
CRÍOCH