Nuacht & Imeachtaí

Cuairt an Aire Mitchell O’Connor ar an mBruiséil

5 Meán Fómhair 2016

Tabharfaidh an tAire Mary Mitchell O’Connor, T.D., cuairt ar an mBruiséil Dé Luain, 5 Meán Fómhair le haghaidh sraith cruinnithe leis an gCoimisinéir Elzbieta Bienkowska, Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, an Coimisinéir Cecelia Malmstrom, Coimisinéir Eorpach um Thrádáil, agus Vicky Ford, MEP, Cathaoirleach Choiste an Mhargaidh Inmheánaigh, coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Beidh an tAire Mitchell O’Connor ag plé saincheisteanna tábhachtacha ó thaobh trádála agus an Mhargaidh Aonair de, ina measc an dul chun cinn ar an idirbheartaíocht trádála AE-SAM (TTIP), an comhaontú trádála AE-Ceanada (CETA), agus tionscnaimh an Choimisiúin chun dul chun cinn a bhaint amach ó thaobh Margadh Aonair na hEorpa a neartú. Beidh an tAire ag leagan béim ar thacaíocht na hÉireann do chlár oibre trádála an AE lena chinntiú go bhfaighidh easpórtálaithe Éireannacha sciar níos mó den mhargadh i margaí atá ann cheana féin agus téarmaí iontrála feabhsaithe i gcás margaí nua, agus beidh sí ag moladh go ndéanfaí dul chun cinn ar idirbheartaíocht trádála an AE nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós (Ceanada) nó nach bhfuil críochnaithe (an tSeapáin agus SAM).

Ina theannta sin, leagfaidh an tAire amach an tábhacht a bhaineann leis an tionchar a bheidh ag cinneadh Reifrinn na Ríochta Aontaithe (RA) ar Éirinn, agus tabharfaidh sí le fios gurb í Éire an ballstát is mó a rachaidh imeacht an RA i bhfeidhm uirthi. Dúirt an tAire, agus í ag leagan béim air, “Tá sé ríthábhachtach go mbeidh tuiscint iomlán ag institiúidí an AE ag na leibhéil is airde, ag an gcéim is luaithe, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar Éirinn, roimh aon phróiseas idirbheartaíochta mionsonraithe a ullmhóidh na téarmaí d’imeacht an AE agus don chaidreamh a bheidh aige leis an Aontas amach anseo.

“Leagfaidh mé béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfear san áireamh go hiomlán, agus an idirbheartaíocht maidir le himeacht na Breataine ar siúl, an tionchar ar Éirinn i ndáil leis an gcomhthéacs eacnamaíochta agus fostaíochta, muid a bheith ag iarraidh custam agus bacainní trádála a sheachaint, an dúshlán iomaíochais, agus muid a bheith in ann páirt a ghlacadh fós i gcomhoibriú taighde, taighde faoi chláir a mhaoiníonn an AE san áireamh,” arsa an tAire Mitchell O’Connor.

 

CRÍOCH