5 Lúnasa 2026
D’fháiltigh an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, agus an tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn na Trádála, Intleacht Shaorga agus Claochlú Digiteach, Niamh Smyth, roimh cheapadh seachtar ball Bhord Oifig IS na hÉireann.
Thacaigh an tAire le ceapadh an Chathaoirligh agus seisear Ball Boird.
Beidh siad freagrach as rialachas agus as maoirseacht fheidhmeanna Oifig IS na hÉireann agus as a chinntiú go mbeidh oibleagáidí na hOifige á gcomhlíonadh chomh fada is a bhaineann le cur chuige na hÉireann maidir le cur i bhfeidhm Ghníomh IS an AE. Beidh a ról agus feidhmeanna ag teacht leis an méid atá forordaithe in Acht um an Intleacht Shaorga a Rialáil, 2026.
Is iad seo a leanas baill an Bhoird:
- Mary Doyle, Cathaoirleach
- An tOllamh Deirdre Ahern
- An Dr Michelle Kearney
- Siobhan Noble
- Donal Rooney
- An Dr Alessandra Sala
- An tOllamh Alan Smeaton
Tá neart taithí ag baill an Bhoird ar riarachán poiblí, rialú, teicneolaíocht, rialachas, dlí, an timpeallacht acadúil, cosaint tomhaltóirí agus eitic.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke:
"Is ionann an chéad Bhord d’Oifig IS na hÉireann a cheapadh agus garsprioc thábhachtach eile in iarrachtaí na hÉireann Gníomh IS an AE a chur chun feidhme mar aon le gné den aidhm ghinearálta atá againn - feidhmiú mar cheannaire i réimse na IS iontaofa agus duinelárnaí.
Soláthróidh baill an Bhoird ceannaireacht agus maoirseacht chun tacú le ról na hOifige, is é sin feidhmiú mar phríomhúdarás comhordúcháin na hÉireann chomh fada is a bhaineann le IS a rialú faoi Ghníomh IS an AE. Cabhróidh saineolas bhaill an Bhoird chun a chinntiú go mbeidh ar chumas na hÉireann creat láidir agus nuálach a fhorbairt chun IS a rialú agus ag an am céanna, cearta bunúsacha a chosaint agus muinín an phobail a chothú.
Cúis áthais dom is ea go bhfuil beirt iarbhall de Chomhairle Chomhairleach IS na hÉireann, an tOllamh Deirdre Ahern agus an tOllamh Alan Smeaton, sásta cur le hobair an Bhoird.
Tréaslaím a ceapachán mar Chathaoirleach le Mary Doyle agus a gceapachán leis na baill uile den Bhord freisin. Tá mé ag súil le bheith ag obair leo fad is atá cur chuige náisiúnta comhordaithe maidir le rialú agus nuálaíocht IS á fhorbairt."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn na Trádála, Intleacht Shaorga agus Claochlú Digiteach, Niamh Smyth,
“Fáiltím roimh Mary Doyle atá ceaptha mar Chathaoirleach ar Bhord IS na hÉireann, agus roimh baill an Bhoird freisin. Tacóidh na ceapacháin seo le rialachas agus le maoirseacht fheidhmeanna Oifig IS na hÉireann tráth a bhfuil tús á chur aici lena ról ríthábhachtach - ionad lárnach den chéad scoth a fhorbairt in Éirinn a bheidh dírithe ar rialú, nuálaíocht agus saineolas IS."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Bhoird, Mary Doyle:
"Tá mé fíorshásta go bhfuil mé ceaptha mar Chathaoirleach ar Bhord IS na hÉireann.
Tá deiseanna go leor ag baint le IS chun seirbhísí poiblí a fheabhsú, tacú le fás eacnamaíoch agus saol daoine a fheabhsú. Ionas gur féidir linn tairbhe a bhaint as na deiseanna seo, teastaíonn creat rialachais a thacaíonn le nuálaíocht, a chothaíonn muinín an phobail agus a thacaíonn le cearta bunúsacha.
Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le baill eile an Bhoird, an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus páirtithe leasmhara ar fud an tionscail agus na sochaí sibhialta chun tacú le hOifig IS na hÉireann chun díriú ar a sainordú reachtúil agus cabhrú le chur chun feidhme freagrach, duinelárnach Ghníomh IS an AE in Éirinn."
Nótaí do na heagarthóirí
Cathaoirleach
Tá Mary Doyle ceaptha mar Chathaoirleach ar Bhord Oifig IS na hÉireann. Roimhe seo bhí sí ag obair mar Ard-Rúnaí Cúnta agus mar Leas-Rúnaí Ginearálta i Roinn an Taoisigh, sa Roinn Sláinte agus Leanaí agus sa Roinn Oideachais agus Scileanna.
I láthair na huaire is ball í de Bhord The Wheel agus roimhe seo bhí sí ainmnithe mar bhall den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta, Bord Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, an Bord Náisiúnta Staidrimh agus Ball d’Fhóram na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Bhronn Ollscoil Luimnigh céim sa Léann Eorpach uirthi agus bhronn Coláiste na Tríonóide BÁC/Foras Bainistíochta na hÉireann Céim Máistir i mBainistíocht Seirbhíse Poiblí uirthi. Toghadh mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann í sa bhliain 2022 agus tá sí ag obair mar Rúnaí Beartais agus Caidrimh Idirnáisiúnta an Acadaimh.
An tOllamh Deirdre Ahern
Tá an tOllamh Deirdre Ahern ag obair mar Ollamh le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá sí ceaptha mar Stiúrthóir an Ghrúpa Taighde Teicneolaíochtaí, Dlí agus Sochaí. Tá an taighde atá á dhéanamh ag an Ollamh Ahern dírithe ar dhlí corparáideach, rialachas corparáideach agus na dúshláin rialála a bhaineann le hIntleacht Shaorga agus le teicneolaíochtaí eile. Mar Phríomhthaighdeoir le Rinn AI agus Rinn Quantum Thaighde Éireann, tá ról ceannaireachta aici chomh fada is a bhaineann le taighde náisiúnta faoi theicneolaíochtaí sa tsochaí. Ceapadh an tOllamh Ahern mar Bhall de Chomhairle Chomhairleach IS an Rialtais in 2024 agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Cuideachtaí na hÉireann in 2026.
An Dr Michelle Kearney
I láthair na huaire, tá an Dr Michelle Kearney ag obair sa Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta i ndiaidh di bunú Oifig IS na hÉireann a stiúradh, rialachas bunúsach na hOifige a fhorbairt mar aon le struchtúir chomhordúcháin thrasrialtais le bliain anuas. Tá ról ceannaireachta ag an Dr Kearney sa Chruinniú Mullaigh IS Idirnáisiúnta faoi láthair – imeacht tábhachtach a bheidh ar siúl i rith Uachtaránacht na hÉireann agus seoladh oifigiúil mhí Nuálaíocht IS na hEorpa.
Siobhan Noble
I láthair na huaire tá Siobhan ag obair mar Phríomhoifigeach Sonraí agus IS cuideachta seirbhísí airgeadais atá lonnaithe in Éirinn. Tá sí ag feidhmiú mar Leas-Chathaoirleach Mheitheal Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn agus Nualaíochta Chistí na hÉireann agus tá ábhar maidir leis an gclaochlú digiteach agus IS i seirbhísí airgeadais foilsithe aici.
Donal Rooney
Is cuntasóir cairte é Donal mar aon le ceannaire gnó a bhfuil neart taithí aige agus POA Grúpa cumasach a bhfuil róil éagsúla curtha i gcrích aige i dtimpeallachtaí cothromais phríobháidigh, cpt agus earnála poiblí lena n-áirítear GNBS, gníomhaireacht a raibh sé ag obair inti tamall gearr i ndiaidh a bunaithe agus bhí ról lárnach aige i bhforbairt GNBS. I láthair na huaire, tá sé ag feidhmiú mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin le Fiontraíocht Éireann agus le Oxfam Éireann
An Dr Alessandra Sala
Tá an Dr Sala ag obair mar Stiúrthóir Sinsearach IS agus Eolaíochta Sonraí i gcuideachta meán digiteach dhomhanda. Tá an Dr Sala i mbun cathaoirleachta ar an gComhfhiontar Barántúlachta IS agus Ilmheán, a bhfuil eagraíochtaí caighdeán páirteach ann. Is é an aidhm atá ag an gComhfhiontar seo freagairt aontaithe ar theicneolaíocht domhainbhrionnaithe a fhorbairt. Tá an Dr Sala ainmnithe mar Chomhchathaoirleach ar Ardán IS Eiticiúil Ban EOECNA.
An tOllamh Alan Smeaton
Is Ollamh Emeritus le Ríomhaireacht in Ollscoil Chathair BÁC é an tOllamh Alan Smeaton agus Stiúrthóir bunaithe Ionad Taighde Anailísíochta Sonraí Insight FEÉ mar aon le taighdeoir aitheanta i réimse na hintleachta saorga agus na hanailísíochta sonraí. Chaith sé 7 mbliana ag obair mar bhall de bhord na Comhairle um Thaighde in Éirinn. In 2024, ceapadh an tOllamh Smeaton mar Bhall de Chomhairle Chomhairleach IS Rialtas na hÉireann.
Oifig IS na hÉireann
Bunaítear le hAcht um an Intleacht Shaorga a Rialáil, 2026, a síníodh ina dhlí ar an 21 Iúil 2026, Oifig IS na hÉireann mar chomhlacht reachtúil neamhspleách agus mar údarás lárnach comhordúcháin na hÉireann chomh fada is a bhaineann le cur chun feidhme Ghníomh um an Intleacht Shaorga an AE (Rialachán (AE) 2024/1689).
Déanfaidh an Oifig IS an méid seo a leanas:
- beidh an Oifig ag feidhmiú mar Phointe Teagmhála Aonair do Ghníomh IS an AE don Choimisiún Eorpach, d’údaráis inniúla náisiúnta agus don phobal
- forbróidh an Oifig creat rialála comhsheasmhach chun Acht IS an AE agus Acht um an Intleacht Shaorga a Rialáil, 2026, a chur chun feidhme
- cuirfidh an Oifig saineolas teicniúil ar fáil d’údaráis inniúla in ionad lárnach
- cuirfidh an Oifig dlús le nuálaíocht IS agus leis an nglacadh a bheidh le IS ar fud na hÉireann
Táthar ag súil go mbeidh an Oifig ag feidhmiú ar an 2 Lúnasa 2026 agus go mbeidh rialachas straitéiseach á chur ar fáil fad is a bheifear ag tacú le cur chuige rialála comhordaithe agus comhsheasmhach in údaráis inniúla ainmnithe na hÉireann.
CRÍOCH