Nuacht & Imeachtaí

Fógraíonn an tAire Calleary an chéad chéim de thosach feidhme an Achta um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta 2022

6 Feabhra 2023

Tá an tAire Dara Calleary TD, Aire Stáit um Chur Chun Cinn Tradála agus Athrú ar an gCóras Digiteach sa Roinn Fiontar, tar éis a lámh a chur leis an ordú le tosach feidhme a thabhairt don gcéad chéim de na forálacha a bhaineann leis an Acht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta a thiocfaidh i bhfeidhm ar 13 Feabhra 2023.

Agus é ag síniú thosach feidhme an oird dúirt an tAire Calleary:

“Tá achtú agus tosach feidhme ar an reachtaíocht seo ina thosaíocht agam ó ceapadh mar Aire mé. Is cúis áthais dom a fhógairt go mbeidh tosach feidhme ag an chéad chéim de na forálacha a bhaineann leis an Acht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta ón 13 Feabhra 2023. Neartófar agus cuirfear leis an gcreat seo de chuid Bhord Mheasúnachta ar Dhíobhálacha Pearsanta (BMDP).”

Is é is ciall don ordú tosach feidhme seo ná ó 23 Feabhra 2023:

  • Sa chás a rachaidh éileamh chun dlí, agus gur ghlac an freagróir le measúnacht BMDP cheana féin, glacfar leis seo mar thairiscint íocaíochta. Is é is ciall dó seo ná nuair nach mbeidh dámhachtain na cúirte níos mó ná luach mheasúnacht BMDP ní bheidh an t-éilitheoir in ann na costais a fháil ar ais. Is féidr go mbeidh an t-éilitheoir thíos le costais an fhreagróra chomh maith. 
  • Sa chás ina bhfuil an díobháil le réiteach go fóill in áit dul chun dlí beidh tuilleadh ama ag an BMDP le measúnacht a dhéanamh ar éilimh. Déanfaidh an Bord measúnacht ar éilimh a bhfuil bonn síceolaíoch ar fad leo chomh maith. 
  • Beidh sé ina choir eolas bréagach a sholáthar don BMDP agus beidh de chumhacht ag an mBord eolas a nochtadh do An Garda Síochána. 
  • Neartóidh an BMDP a róil i dtaighde, in anailísiú agus i bhfeasacht eolais.

Dúirt an tAire chomh maith:

“Rinne an Rialtas seo tosaíocht de leasú ar chúrsaí árachais agus chuir muid sin ar fáil. Agus muid ag tosú á fheiceáil go bhfuil an leasú seo ag dul i bhfeidhm ar phraghanna árachais ar ghluaisteáin, tá an t-am ann go bhfeictear na buntáistí céanna i gcúrsaí fostóirí agus dliteanais phoiblí.”

“Spreagfaidh an tAcht de chuid BRDP tuilleadh éilitheoirí agus freagróirí chun leas a bhaint as an tseirbhís fheabhsaithe réiteach díobhálacha pearsanta, rud a laghdóidh an gá le dul chun dlí agus a laghdóidh an costas a bhaineann le héilimh ar dhíobhálacha pearsanta,”

“Taobh leis na forálacha a thiocfaidh i bhfeidhm ó 13 Feabhra, beidh tuilleadh forálacha le fógairt sna míonna amach romhainn, rud a chuirfidh ar a chumas do bhord réitigh feabhsaithe próiseas eadrána a thairiscint mar mhodh réitigh ar éileamh. Leanfaidh mé orm ag obair leis an BMDP lena dhéanamh cinnte go gcuirfear forálacha an Achta nua i bhfeidhm a luaithe agus is féidir.”

Nótaí d’eagarthóirí

An tAcht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta 2022 (Tosach Feidhme Forálacha Áirithe) Ordú 2023

Chuir an tUachtarán a lámh leis an Acht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta ar an 13 Nollaig 2022. Leasaítear leis An tAcht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta 2003-2019 le go méadófar líon na n-éileamh díobhála pearsanta a réitítear trí BMDP agus laghdófar an costas agus an t-am a bhaineann le héilimh díobhála pearsanta dul chun dlí.

D’fhógair an tAire Calleary go mbeidh feidhm ag na hailt seo a leanas de chuid An Achta um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta ón 13 Feabhra 2023::

  • alt 1
  • fopharagraif (iii) agus (iv) d’alt 7(a)
  • paragraf (c) d’alt 11
  • paragraf (b) d’alt 12
  • paragraif (b) agus (c) d’alt 13
  • ailt 14, 15, agus 16
  • alt 17 (sa mhéid go mbaineann sé leis an ionsáiteán i bhfo-alt (1) in alt 54 den bPríomh-Acht i bparagraf (aa))
  • alt 18
  • ailt 20, 21 agus 22
  • alt 25 

Maidir BMDP (An Bord Measúnachta ar Dhíobhálacha Pearsanta)

Déanann an BMDP measúnacht go neamhspleách ar éilimh ar chúiteamh a éiríonn as díobhálacha a bhaineann le gluaisteán nó a tharlaíonn san ionad oibre nó in eachtra a bhaineann le dliteanas poiblí. Faoi Achtanna um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta 2003-2019, ní mór éilimh ar dhíobhálacha pearsanta amhail cásanna faillí leighis, ach eisceachtaí ar leith a bheith ann, a chur isteach chuig BMDP ach amháin sa chás go réitíonn na páirtithe leasmhara iad go luath

Léirítear i dtuairisciú a thugann an Banc Ceannais faoi choimirce Bhunachar Sonraí Faisnéise um Éilimh Náisiúnta go réitítear níos gasta éilimh trí BMDP agus go mbíonn na costais dlí níos ísle ná iad siúd a théann chun dlí, in ainneoin go mbíonn méid na ndámhachtan cosúil le chéile.

Athchóiriú ar árachas

I gClár oibre an Rialtais tá gealltanais ann go gcuirfear córas árachais ar fáil a bheidh inacmhainne agus iontaofa agus ina neartófar geilleagar bríomhar. Seoladh an ‘Plean Gníomhaíochta um Athchóiriú Árachais’ 8 de Mhí na Nollag 2020. Leagtar amach sa bPlean Gníomhaíochta 66 gníomh do leasú a laghdóidh an costas do thomhaltóirí agus don lucht gnó agus a mhéadóidh an iomaíocht sa margadh. Soláthraíodh 90% de na gníomhartha sa bPlean go dtí seo.