Nuacht & Imeachtaí

Seolann an tAire Nash Próiseas Comhairliúcháin maidir le ceanglas reachtúil a chur ar gach comhlacht poiblí (seachas comhlachtaí tráchtála leath-Stáit) soláthraithe a íoc laistigh de 15 lá

Togra maidir leis na téarmaí íocaíochta reachtúla atá i bhfeidhm do gach comhlacht san earnáil phoiblí a laghdú faoina leath ar mhaithe le cultúr prasíocaíochta a chothú

4 Meán Fómhair 2015

D’fhógair Ged Nash TD, an tAire Gnó agus Fostaíochta, seoladh próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu (Dé hAoine an 4 Meán Fómhair) ar thogra maidir le ceanglas reachtúil a chur ar gach comhlacht poiblí a gcuid soláthraithe a íoc laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil. Tagann an togra, nach gcuimsítear comhlachtaí tráchtála leath-Stáit ann, sna sála ar chinneadh ón Rialtas agus tá sé ar áireamh sa Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2015. Tá an togra mar chuid den iarracht leanúnach a bhíonn á déanamh ag an Rialtas chun dul i ngleic le fadhb na n-íocaíochtaí déanacha, íocaíochtaí a mbíonn a lán gnóthaí ag brath orthu chun féimheacht a sheachaint agus chun coinneáil sócmhainneach. 

Ag fógairt an phróisis chomhairliúcháin phoiblí dó, dúirt an tAire Nash, “Tá an togra seo ina ghné eile de thiomantas an Rialtais d’íocaíochtaí déanacha a chomhrac.Bíonn gnóthaí ag brath go mór ar íocaíochtaí a fháil in am chun maireachtáil agus chun bheith in ann leathnú agus poist a chruthú.De réir na dtorthaí atá sa Tuarascáil Eorpach um Íocaíochtaí 2015, arna foilsiú ag Intrum Justitia, deir níos mó ná leath de chuideachtaí Éireannacha gur bagairt ar a maireachtáil féin is ea íocaíochtaí déanacha.” 

Dúirt an tAire Nash freisin, “Tá sé ríthábhachtach go leanann an Rialtas ar aghaidh le tionscnaimh a shaothrú sa réimse seo. Tionscnamh amháin atá á bhreithniú againn faoi láthair is ea na téarmaí íocaíochta caighdeánacha do chomhlachtaí poiblí a laghdú ó 30 lá go 15 lá. Má chuirtear feabhas ar fheidhmíocht íocaíochtaí ar fud na hearnála poiblí, cabhrófar le sreabhadh airgid i measc gníomhaíochtaí, cuideofar le costais ghnó a laghdú agus méadófar muinín agus iomaíochas ar fud an gheilleagair. Spreagfaidh agus éascóidh an feabhas sin athrú inár gcultúr íocaíochtaí freisin.” 

D’fhonn cabhrú le sreabhadh airgid i measc an lucht gnó, thug an Rialtas Cinneadh um Íoc Pras 15 Lá isteach sa bhliain 2009. Ó shin i leith, tá feabhas á chur ag Ranna Rialtais Láir ar a gcuid tréimhsí íocaíochta féin agus tá oibleagáid orthu anois a gcuid soláthraithe a íoc laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil. Mar chuid de na gealltanais atá i gClár an AE/CAI d’Éirinn, cuireadh an Cinneadh ón Rialtas i bhfeidhm i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla, Gníomhaireachtaí Stáit agus na gComhlachtaí eile uile san Earnáil Phoiblí (seachas comhlachtaí tráchtála leath-Stáit) i gcás sonraisc bhailí a fuarthas an 1 Iúil 2011 nó ina dhiaidh. 

Ba ar bhonn riaracháin amháin a tugadh an Cinneadh ón Rialtas isteach. Mar sin, ní dhéanann sé difear don cheanglas reachtúil atá ann maidir le hús a ghearradh ar íocaíochtaí déanacha, rud nach dtagann i bhfeidhm ach amháin tar éis 30 lá ó shonrasc bailí a fháil. Ina theannta sin, níl feidhm ag an gCinneadh ón Rialtas ach amháin maidir le hidirbhearta tráchtála idir údaráis phoiblí agus an lucht gnó.   Níl feidhm aige maidir le hidirbhearta tráchtála idir na gnóthaí féin. 

Cé go leanann Ranna Rialtais agus comhlachtaí san earnáil phoiblí de bheith ag cloí leis an gceanglas atá ann maidir le soláthraithe gnó a íoc laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil, tá sé molta anois, mar chuid den Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2015, féachaint ar a indéanta atá sé an Cinneadh ón Rialtas a ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta, rud lena laghdófaí na téarmaí íocaíochta reachtúla do gach comhlacht san earnáil phoiblí (seachas comhlachtaí tráchtála leath-Stáit) ó 30 lá go 15 lá. 

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Nash, “Mar gheall ar an tionchar ar dóigh dó bheith ann má laghdaítear na téarmaí íocaíochta do chomhlachtaí poiblí, tá sé tábhachtach go ndéanfar mionscrúdú iomlán ar aon idirghabháil beartais fhéideartha ina leith sin.   Is é sin an cuspóir atá leis an gcomhairliúchán atá á sheoladh inniu agus mholfainn do gach páirtí páirt a ghlacadh ann.”

 

Táthar ag iarraidh ar pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl ar an gcomhairliúchán sin anois, rud a bheidh ar siúl ar feadh ceithre seachtaine dar tús an 4 Meán Fómhair 2015. Is féidir tuilleadh sonraí faoin bpróiseas comhairliúcháin a fháil ag Consultation on proposal to incorporate into national legislation the Government Decision for all public bodies (excluding commercial semi-State bodies) to pay suppliers within 15 days of receipt of a valid invoice

CRÍOCH

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta trí ghlao a chur ar 01 631 2200 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig press.office@djei.ie