4 Feabhra 2025
Mar Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, aithním go hiomlán an cur isteach agus an imní shuntasach a bhain do ghnólachtaí go leor mar gheall ar Stoirm Éowyn. Tá dlúthmhonatóireacht á déanamh ag mo roinn ar an gcás, ag dul i dteagmháil leis an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála, le hOifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna), agus le príomhpháirtithe leasmhara chun dúshláin láithreacha a mheas agus dul i ngleic leo.
Bhí tionchar suntasach ar go leor gnólachtaí, lena n-áirítear damáiste do réadmhaoin, caillteanas stoic agus cur isteach oibríochtúil mar gheall ar bhristeacha cumhachta, uisce agus cumarsáide. Na hOifigí Fiontair Áitiúla sna contaetha is mó a ar bhain an storim dó, ar na dúshláin leanúnacha ar leith a chuir siadsan abhaile orm le cúpla lá anuas tá damáiste struchtúrach d'áitribh ghnó, cur isteach trádála, caillteanas tuillimh agus an gá le caiteachais gan choinne a thabhú mar fhreagairt ar thionchar na stoirme. Cé go bhfuil gnólachtaí áirithe ag tosú arís ar ghnáthoibríochtaí, tá daoine eile ag fiosrú faoi na tacaíochtaí a bheidh le teacht ón rialtas. Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag na gnólachtaí seo go bhfuil, agus go mbeidh, an rialtas ag comhoibriú tuilleadh leis an earnáil chun athléimneacht bhonneagair a fheabhsú, go háirithe i dtaca le cumhacht, uisce agus cumarsáide, agus ag an am céanna ag neartú ár gcreata práinnfhreagartha.
Ba cheart do ghnólachtaí ar bhain Stoirm Éowyn dóibh dul i muinín a soláthraithe árachais ar dtús, mar go dtagann formhór na gcaillteanas amhail damáiste, tuilleamh caillte agus milleadh stoic faoi chuimsiú caighdeánach. Cuimsíonn Clár an Rialtais tiomantas do Scéim Cúnaimh Aimsire Foircní, atá deartha chun tacú le teaghlaigh, feirmeacha agus gnólachtaí atá buailte. Ní mheastar gur freagairt shonrach ar Stoirm Éowynan tionscnamh seo ach gníomh beartais straitéiseach le haghaidh seachadadh laistigh de théarma an rialtais reatha. Aithnítear, áfach, go n - éilíonn tionchair gan fasach Stoirm Éowyn go mbeadh an tionscnamh seo ina bheartas ardtosaíochta do na ranna ábhartha. Cé go bhfuiltear fós ag obair go hiomlán ar shonraí iomlána na scéime seo, ag tabhairt dá haire go mbeidh ionchur ó roinnt airí agus ranna ag teastáil ó scéim a chuimsíonn teaghlaigh, feirmeacha agus gnólachtaí, is é an aidhm leathan a bheadh ann na scéimeanna cúnaimh dhaonnúil atá i bhfeidhm cheana féin a neartú. Maidir leis seo, beidh m'oifigigh i dteagmháil lena gcomhghleacaithe ar fud ranna rialtais chun an beart seo a chur chun cinn mar ábhar práinne.
Tá an rialtas tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí tríd an tréimhse théarnaimh seo agus ina dhiaidh sin. Leanfaimid orainn ag plé leis an bpobal gnó chun monatóireacht a dhéanamh ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus chun a chinntiú go bhfuil freagraí cuí i bhfeidhm.
CRÍOCH