3 Nollaig 2024
Inniu, d’fhógair an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke, tosach feidhme fhormhór Acht na gCuideachtaí 2024 (Rialachas Corparáideach, Forálacha Forfheidhmithe agus Rialála), tar éis a achtú agus a shínithe ag Uachtarán na hÉireann ar an 12 Samhain.
Ag fógairt a thosach feidhme, dúirt an tAire Burke:
“Tar éis comhairliúcháin agus rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara, tugann Acht 2024 isteach raon éagsúil leasuithe ar Acht na gCuideachtaí 2014 go príomha i réimsí an rialachais chorparáidigh, forfheidhmiú agus maoirseacht dhlí na gcuideachtaí, riarachán dlí na gcuideachtaí agus dócmhainneacht chorparáideach.
“Tugann na feabhsuithe a tharla leis an Acht seo cothromaíocht idir solúbthacht a thabhairt do chuideachtaí a ngnó a dhéanamh go héifeachtach - trí phróisis a shruthlíniú agus a fheabhsú, éifeachtúlachtaí a chruthú agus deireadh a chur le riarachán neamhriachtanach ar thaobh amháin, agus na huirlisí a thabhairt do na comhlachtaí reachtúla chun comhlíonadh méadaithe le dlí na gcuideachtaí a chinntiú. Rachaidh na hathruithe a tugadh faoin Acht seo chun tairbhe do ghnólachtaí, do chuideachtaí, dá gcomhaltaí agus dá gcreidiúnaithe, chomh maith leis an ngnáthshaoránach”.
Dúirt Dara Calleary, an tAire Stáit do Chur Chun Cinn Trádála, Claochlú Digiteach agus Rialáil Cuideachta:
“Treisíonn an tAcht cumas an Stáit chun sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí a imscrúdú trí chumhachtaí méadaithe a thabhairt don CEA chun fianaise ar éagóir chorparáideach a imscrúdú. Mar an gcéanna, tugann an tAcht cumhachtaí breise don IAASA agus don CRO. Cuirfidh na bearta seo ar chumas ár ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dul i ngleic le heachtraí coireachta agus éillithe an bhóna bháin agus treiseoidh siad cáil na hÉireann mar gheilleagar trédhearcach atá rialaithe go maith.
“Mar aitheantas ar an timpeallacht atá ag éirí níos fíorúla agus hibrideacha ina n-oibrímid agus ina ndéanaimid ár ngnó, tugann an tAcht an rogha do chuideachtaí agus do chumainn thionsclaíocha agus choigiltis cruinnithe ginearálta hibrideacha nó iomlána fíorúla a thionól. Áirithíonn na bearta ar cuireadh tús leo inniu cuntasacht, trédhearcacht agus tugann siad deis leordhóthanach do rannpháirtíocht iomlán ag cruinnithe cibé acu i bhfoirm fhíorúil, fhisiciúil nó hibrideach.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Éifeacht an Ordaithe
Cuirfidh an tOrdú tús le hAcht 2024 agus tabharfaidh sé éifeacht do na seasca is a ceathair de nócha foráil an Achta a leasaíonn Acht na gCuideachtaí 2014 lena n‑áirítear:
- chun soláthar a dhéanamh maidir le cruinnithe ginearálta cuideachta nó cumann tionscail agus soláthróir a sheoladh, agus rannpháirtíocht iontu, trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht cumarsáide leictreonaí
- chun soláthar a dhéanamh maidir le forais bhreise chun cuideachtaí a bhaint go neamhdheonach
- chun soláthar a dhéanamh maidir le dífheidhmiú den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907 maidir le cion faoi alt 343 d’Acht na gCuideachtaí 2014
- chun soláthar a dhéanamh maidir le cion bacainn nó cur isteach ar oifigeach don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach
- chun leasuithe áirithe a dhéanamh ar an bpróiseas tarrthála do chuideachtaí beaga agus do mhicrichuideachtaí
- d’Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann treoir eatramhach a eisiúint in imthosca áirithe a chumasú
- síneadh a chur le liosta na n-údarás inniúil ar féidir leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faisnéis, leabhair nó doiciméid a nochtadh dóibh faoi alt 792 d’Acht na gCuideachtaí 2014
- do chomhlachtaí sonraithe, faisnéis a nochtadh don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi alt 944Q d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chumasú
- d’Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann, airgead a íocadh isteach sa chúlchiste a chumasú de réir alt 919 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a úsáid i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi alt 934 den Acht sin
- chun forálacha áirithe d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus d’Acht na gCumann Tionscail agus Soláthair 1893 a aisghairm
Le tosú in 2025:
Is iad na sé fhoráil is fiche nár tosaíodh ar an 3 Nollaig 2024 ná iad siúd a éilíonn nuashonruithe teicniúla a dhéanamh ar chórais TFC an CRO chun na hathruithe atá beartaithe a éascú. Baineann na forálacha seo le hordú na bhfoirmeacha le cur faoi bhráid an CRO agus deireadh a chur leis an díolúine ó iniúchadh caillteanas uathoibríoch do chuideachtaí beaga ar an gcéad uair a dteipeann orthu cuntas bliantúil a chomhdú. Tá sé beartaithe tús a chur leis na forálacha seo in 2025.
CRÍOCH