Nuacht & Imeachtaí

Is cúis áthais don Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, agus don Aire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen TD, gur foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Bhliantúla Mhicrea-Airgeadas Éireann don bhliain 2017

  • Thacaigh maoiniú d’iasachtaí micrea-airgeadais le níos mó ná 1,141 post

  • Ceadaíodh iasachtaí arbh fhiú €5.5m iad i gcomhair 400 gnólacht beag

  • Ainmníodh Micrea-Airgeadas Éireann mar an ceann is fearr san aicme faoin gCód Eorpach Dea-iompair ón gCoimisiún Eorpach maidir le Micrea-Airgeadas a sholáthar

  • Soláthraíonn sé an costas is ísle a bhaineann le tionscnamh post ar bith ón Rialtas – €2,000 in aghaidh an phoist

  • Tugtar 79% de na hiasachtaí do mhicrifhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath

Ba chúis áthais don Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, agus don Aire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen TD, gur foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Bhliantúla Mhicrea-Airgeadas Éireann don bhliain 2017. Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Cuntais Bhliantúla gur ceadaíodh €22.6m d’iasachtaí ón mbliain 2012 i leith faoin gCiste Iasachta do Mhicrifhiontair, rud a thacaigh le 3,952 post sna cuideachtaí a fuair na hiasachtaí ar fud na hÉireann.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Ó seoladh Micrea-Airgeadas Éireann in 2012, tá sé ag cur tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do mhicrifhiontair ó cheann ceann na tíre. Sárbhliain ba ea 2017 mar gur leanadh den fhás ar an ngníomhaíocht iasachtaithe agus ar líon na bpost dár tugadh tacaíocht. Is díol suntais é gur do mhicrifhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a thugtar beagnach 80% d’iasachtaí Mhicrea-Airgeadas Éireann, rud atá ríthábhachtach chun tacú le sprioc an Rialtais 135,000 post a chruthú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath faoin mbliain 2020.”

Thréaslaigh an tAire Breen an obair mhaith a rinne Micrea-Airgeadas Éireann go leanúnach le linn 2017 leis agus dúirt:

“Tá tionchar dearfach ag an obair a dhéanann Micrea-Airgeadas Éireann ar fud na hÉireann agus tacaíonn sí le cuspóirí an Rialtais i ndáil le geilleagair réigiúnacha a fhorbairt agus poist a chruthú. Agus níos tábhachtaí fós, is gnólachtaí nua-thionscanta agus custaiméirí a bhaineann le grúpaí leochaileacha, amhail an óige, daoine dífhostaithe, mná, imircigh agus daoine scothaosta, cuid mhór dá chustaiméirí.

D’aithin an Ciste Eorpach Infheistíochta Micrea-Airgeadas Éireann go hidirnáisiúnta i mí an Mhárta seo caite nuair a ainmníodh mar an ceann is fearr san aicme é faoin gCód Eorpach Dea-iompair ón gCoimisiún Eorpach maidir le micrea-airgeadas a sholáthar. Tréaslaím an dea-obair leanúnach seo le Garrett Stokes, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Mhicrea-Airgeadas Éireann, agus lena fhoireann”

CRÍOCH

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.

Nóta d’Eagarthóirí

Faoi Mhicrea-Airgeadas Éireann

Is iasachtóir neamhbhrabúis é Micrea-Airgeadas Éireann a bunaíodh in 2012 chun Ciste Iasachta an Rialtais do Mhicrifhiontair a chur ar fáil.  Baineann Micrea-Airgeadas Éireann tairbhe as ráthaíocht a maoiníonn an tAontas Eorpach í faoin gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EASI). Cuireann Micrea-Airgeadas Éireann foinse eile cistiúcháin ar fáil do mhicrifhiontair* – idir mhicrifhiontair nua agus mhicrifhiontair sheanbhunaithe – ag a bhfuil deacrachtaí airgeadas a fháil ó sholáthróirí tráchtála. Mar sin, tacaíonn sé le poist a chruthú agus/nó poist a chothabháil.

*Sainítear micrifhiontair mar ghnólachtaí a fhostaíonn níos lú ná deichniúr agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos lú ná €2M.

Eolas ar an gCiste Eorpach Infheistíochta

Tacaíonn an Ciste Eorpach Infheistíochta le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide san Eoraip ach feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar airgeadas trí réimse leathan idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe. Chuige sin, déanann sé ionstraimí airgeadais i ndáil le caipiteal gnáthscaireanna agus fiachas lena ndírítear go sonrach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, a cheapadh, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Is sa ról seo a chothaíonn sé cuspóirí AE maidir le tacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht, an fás, an nuálaíocht, an taighde agus forbairt agus an fhostaíocht. Ach réimse de tháirgí airgeadais comhtháite riosca um airgeadas do fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chur ar fáil d’idirghabhálaithe, tacaíonn sé leis na táirgí a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil.