Nuacht & Imeachtaí

Tacaíonn an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa le hiasachtú €75m do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide na hÉireann – an tAire Pat Breen 

Níos mó ná 3,000 post cruthaithe nó coinnithe i saolré na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa

2 Lúnasa 2017

Chuir an tAire Stáit ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an tUasal Pat Breen TD, fáilte inniu (Dé Céadaoin) roimh an Tuarascáil Ráithiúil is déanaí (R2 de 2017) ó Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann maidir le hoibriú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) thar ceann an Stáit.

Léirítear sa Tuarascáil is déanaí gur faomhadh saoráidí na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa do 34 SME Éireannach in R2 de 2017 le haghaidh níos mó ná €4 mhilliún de mhaoiniú a chruthóidh nó a choinneoidh 223 post Éireannach.

Ó cuireadh tús leis an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa i mí Dheireadh Fómhair 2012, faomhadh 471 saoráid arbh fhiú €75 milliún ar fad iad. Táthar ag tacú le níos mó ná 3,000 post, nó á gcoinneáil, dá bharr sin.

Is éard a bhí le rá ag an Aire Breen inniu faoi fhoilsiú na Tuarascála Ráithiúla is déanaí: “Léirítear sa Tuarascáil Ráithiúil is déanaí ar oibriú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa go bhfuil SMEanna fós ag baint an-leas as an Scéim. Tá an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa fós ag leathnú i ngach réigiún den tír agus úsáidtear an maoiniú le haghaidh cuspóirí éagsúla. Áirítear orthu sin Caipiteal Oibre, Ceannach Trealaimh, Forbairt Táirge nó Seirbhíse, Ceannach Áitribh nó Leathnú Gnó.

Tá mé ag tnúth le Scéim 2017 ó Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann a leathnóidh an réimse táirgí airgeadais. Ar na táirgí nua a bheidh ar fáil beidh táirgí neamhchreidmheasa, cuir i gcás airgeadas sonraisc agus léasú, agus rótharraingtí. Molaim do SMEanna a bhfuil tacaíocht airgeadais ag teastáil uathu chun a ngnó a leathnú smaoineamh ar an rogha seo le ceann de na príomhbhainc.”

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolas a fháil, is féidir dul i dteagmháil leis an bPreasoifig sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ach glaoch ar 01-6312200 nó ríomhphost a sheoladh chuig press.office@djei.ie

 

Tuarascáil: Anailís ar an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa do SMEanna agus feidhmíocht na Scéime