Nuacht & Imeachtaí

Déanann an tAire Bruton rialacháin earraí grósaera a shíniú mar dhlí

Leis na Rialacháin, táthar ag comhlíonadh gealltanais i gClár an Rialtais caidreamh a athchothromú san earnáil earraí grósaera chun leas post, tomhaltóirí agus bia shábháilte inbhuanaithe

Tá Richard Bruton TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tar éis sraith thosaigh rialachán arb é an aidhm atá leo cleachtais áirithe san earnáil earraí grósaera a rialáil.

Is é is aidhm do na rialacháin caidreamh a athchothromú idir na páirtithe difriúla san earnáil earraí grósaera agus a chinntiú gur cothrom agus inbhuanaithe a bhíonn déileálacha san earnáil agus go n-oibrítear iad chun leas post, tomhaltóirí agus bia shábháilte inbhuanaithe.

Tá siad seo a leanas i measc na réimsí atá ar áireamh sna rialacháin, ina gcuimsítear táirgí bia agus di:

  • Ceanglófar conarthaí earraí grósaera a bheith i scríbhinn
  • Ní fhéadfar conarthaí a athrú nó a fhoirceannadh gan toiliú sainráite ón dá pháirtí
  • Ní fhéadfar oibleagáid a chur ar sholáthraithe earraí/seirbhísí a fháil ó thríú páirtí óna bhfaigheann miondíoltóir/mórdhíoltóir íocaíocht i leith na socraíochta sin
  • Forálacha lena ndéileálfar le ceisteanna ‘force majeure’, is é sin, neamhfheidhmíocht de bharr cúinsí nach dtagann faoi rialú réasúnach na bpáirtithe
  • Féadfaidh soláthraithe ceangal a chur ar mhiondíoltóirí/mhórdhíoltóirí réamhaisnéis a thabhairt maidir leis na hearraí a bheidh ag teastáil
  • Beidh cosc ann ar cheangal a chur ar sholáthraithe íoc as earraí a stocáil/a liostú; as cur chun cinn; as costais mhargaíochta; as suíomh níos fearr a fháil ar na seilfeanna, as fógraíocht; as diomailt; as crapadh – ach amháin i gcúinsí a bheidh sonraithe go docht, mar shampla, bunaithe ar chomhaontú saor idir na páirtithe, bunaithe ar chonradh scríofa, agus bunaithe ar thomhas oibiachtúil ar na costais arna n-iompar ag an miondíoltóir/mórdhíoltóir
  • Ní mór íoc le soláthraithe as earraí laistigh de 30 lá
  • Bearta chun comhlíonadh i measc miondíoltóirí/mórdhíoltóirí a chinntiú, lena n-áirítear – ceanglas go ndéanfar baill foirne a ainmniú agus a oiliúint mar dhaoine a bheidh freagrach as comhlíonadh; ceanglas go gcuirfidh miondíoltóirí/mórdhíoltóirí ráiteas bliantúil ar chomhlíonadh isteach; agus ceanglas go gcoinneoidh gach miondíoltóir/mórdhíoltóir taifid

Ina theannta sin, tá cumhachtaí suntasacha ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí faoin Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 comhlíonadh na rialachán a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear córas grádaithe pionós trína bhféadfar fíneáil nach mó ná €100,000 nó téarma príosúnachta nach mó ná 2 bhliain a fhorchur, chomh maith le foráil lena gcumasaítear go sainráite do sholáthraithe imeachtaí ar son damáistí (lena n-áirítear damáistí eiseamláireacha) a thionscnamh sa Chúirt Chuarda.

Leis na rialacháin, táthar ag comhlíonadh gealltanas tábhachtach i gClár an Rialtais. Tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an 30 Aibreán 2016 chun dóthain ama a thabhairt do mhiondíoltóirí agus do mhórdhíoltóirí a chinntiú go gcuireann a gcuid córas agus nósanna imeachta ar a gcumas cloí leis na rialacháin.

Tá Coimisiún an Aontais Eorpaigh ag scrúdú an chaidrimh sa slabhra bia freisin agus d’fhéadfadh go mbeadh roinnt tionscnamh ann ina leith sin sa bhliain 2016. Mar sin féin, d’aithin an Rialtas cheana féin gur gá gníomh a dhéanamh in Éirinn anois ar an tsaincheist.

Dúirt an tAire:

“Tríd an Acht um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí sa bhliain 2014, leagadh cumhachtaí síos chun rialacháin láidre lena rialálfaí caidreamh sa réimse sin a thabhairt isteach. Tá baol ann go dtiocfaidh fíor-éagothroime chun cinn idir na páirtithe, rud ar féidir mí-úsáid a bhaint as ar bhealach nach mbeidh chun leas post, tomhaltóirí ná bia shábháilte inbhuanaithe. Mar sin, táim ag síniú sraith thosaigh rialachán mar dhlí anois. Comhlíonfaidh sé sin gealltanas a thug an Rialtas i gClár an Rialtais agus tabharfaidh sé cosaint ar mhí-úsáid. Díreofar sna rialacháin ar bhia agus deoch, agus iad ar na táirgí ar cuireadh formhór na n-ábhar imní in iúl ina leith.

“Leanfaidh caidreamh le bheith bunaithe ar thráchtáil agus leanfar le praghsanna a shocrú de réir dian-idirbheartaíochta – agus tá an méid sin ar fad chun leas tomhaltóirí. Mar sin féin, ceanglófar le forálacha dlíthiúla nua nach mór conarthaí a bheith i scríbhinn, nach mór téarmaí áirithe a chur ar áireamh iontu, nach mór taifid a choinneáil lena n-iniúchadh agus nach mór ráiteas ar chomhlíonadh a thabhairt sa todhchaí. In éineacht leis na cumhachtaí láidre forfheidhmithe atá ann, cinnteoidh na bearta nua gur cothrom agus inbhuanaithe a bheidh caidreamh san earnáil.”

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil leis an bPreas-Oifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

ach glao a chur ar 6312200 nó ríomhphost a sheoladh chuig press.office@djei.ie