Nuacht & Imeachtaí

Tá an tAire Burke ag lorg iarratas nua ar mhaoiniú €40 milliún do theicneolaíochtaí suaiteacha

1 Deireadh Fómhair 2026

D’fhógair an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD, inniu go bhfuil Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (CNTB) dá Roinn ar oscailt d’iarratais nua, agus €40 milliún i maoiniú iomaíoch ar fáil.

Tá CNTB ceaptha chun forbairt tráchtála agus imscaradh teicneolaíochtaí agus feidhmchlár bunathraitheach a chur chun cinn, trí chomhoibrithe a bhfuil tionchar acu idir bonn taighde den chéad scoth na hÉireann agus an tionscal a chothú; agus trí chur ar chumas fiontar na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt agus a ghlacadh ar scála mór.

Is é seo an t-ochtú glao iomaíoch faoi CNTB, a bhfuil tacaíocht tugtha aige go dtí seo do 131 tionscadal comhoibríoch an-nuálach ó seoladh é in 2018, agus dámhachtainí de thart ar €4 mhilliún ar an meán do gach tionscadal. Dúnfar Glao 8, atá á oscailt d’iarratais inniu, ar an 3 Feabhra 2027.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Burke

“Cuireann an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ar chumas comhoibrithe ardtionchair smaointe ceannródaíocha a athrú ina réitigh tráchtála fhíorshaoil. Tugann sé deis d’fhiontair uaillmhianacha scála a mhéadú agus poist ar ardchaighdeán a chruthú, agus neartaíonn sé seasamh na hÉireann mar gheilleagar ceannródaíoch atá faoi stiúir na nuálaíochta. Tá áthas orm an glao iomaíoch nua seo ar iarratais ar fiú €40 milliún é faoin gciste, a oscailt inniu, agus táim muiníneach go meallfaidh sé tionscadail cheannródaíocha bhunathraitheacha a bhfuil an uaillmhian agus an fhéidearthacht iontu tairbhí marthanacha a bhaint amach dár ngeilleagar agus dár sochaí.

“Tá an tallann, an sármhaitheas taighde agus an uaillmhian fiontraíochta ag Éirinn chun ceannaireacht a ghlacadh sa nuálaíocht bhunathraitheach. Trí thacaíocht a thabhairt do chomhoibrithe spreagúla agus luach saothair a thabhairt don smaointeoireacht dhána, táimid ag cruthú na gcoinníollacha chun go dtiocfaidh fiontair chun cinn, go méadóidh siad a scála agus go mbeidh siad in iomaíocht ar fud an domhain - tá sceitimíní orm a fheiceáil céard a bhainfidh an chéad ghlúin eile nuálaithe amach.”

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless:

“In aimsir ina bhfuil athrú teicneolaíoch tapa ar siúl, ní mór d’Éirinn leanúint de leas a bhaint as an mbonn taighde cumasach atá aici agus as uaillmhian na bhfiontar chun deiseanna nua don nuálaíocht a chruthú a fhéadfaidh tacú lenár bhfás, lenár n-iomaíochas agus lenár n-inbhuanaitheacht amach anseo. Tá Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha dírithe ar fhíorthionchar a bhaint amach; trí chomhoibriú idir an saol acadúil agus an tionscal a chothú; ár dtallann taighde a fhorbairt; agus réitigh nuálacha den scoth a chruthú a bhfuil an fhéidearthacht iontu claochlú eacnamaíoch agus sochaíoch a chur chun cinn. Léiríonn an glao iomaíoch nua €40 milliún atá á oscailt inniu tiomantas leanúnach an Rialtais chun a chinntiú go bhfanfaidh Éire ar thús cadhnaíochta an dul chun cinn teicneolaíochta ar fud an domhain.”

Riarann Fiontraíocht Éireann CNTB thar ceann na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta. Tá Fiontraíocht Éireann ag óstáil imeachtaí réigiúnacha ‘Disruptech’ faoi láthair chun eolas a chur ar fáil faoin gciste, agus chun líonrú agus meaitseáil a éascú idir comhpháirtithe comhoibrithe. Seo a leanas na dátaí agus na láithreacha atá fágtha:

  • 1 Deireadh Fómhair – Dún Dealgan, Gateway Hotel
  • 13 Deireadh Fómhair – An Muileann gCearr, Mullingar Park Hotel
  • 15 Deireadh Fómhair – Baile Átha Cliath, Aviva

Ag trácht ar fhógra an Aire, dúirt Jenny Melia, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Fiontraíocht Éireann:

“Tá áthas ar Fhiontraíocht Éireann tacú le seoladh an ochtú glao ar Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Tá cuntas teiste láidir ag CNTB maidir le cuideachtaí Éireannacha agus ár n-institiúidí taighde a thabhairt le chéile chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt a bhfuil fíorfhéidearthacht tráchtála ag baint leo. Mholfainn do chuideachtaí uaillmhianacha a bhfuil smaointe nua agus nuálacha acu iarratas a dhéanamh, agus tá ár bhfoireann réidh chun tacú leo tríd an bpróiseas.”

Féadfaidh cuibhreannais iarratais a chur isteach ón 1 Deireadh Fómhair 2026. Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha faisnéis mhionsonraithe a fháil faoin gciste, faoi na himeachtaí réigiúnacha ‘Disruptech’, agus faoin bpróiseas iarratais tríd an leathanach gréasáin tiomnaithe ar shuíomh gréasáin na Roinne ag enterprise.gov.ie/DTIF.

Nóta d’eagarthóirí

Glao 8 CNTB Faisnéis chúlra

Is ciste ar fiú na milliúin euro é an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (CNTB) a bunaíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) in 2018. Déanann an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta CNTB a bhainistiú agus tá tacaíocht riaracháin acu ó Fhiontraíocht Éireann.

Tá €530 milliún faofa ag an Rialtas cheana féin do 131 tionscadal ar éirigh leo faoi sheacht nglao CNTB roimhe seo. Clúdaíonn na tionscadail sin réimsí amhail eolaíochtaí na beatha, feistí leighis, TFC, intleacht shaorga, déantúsaíocht agus an comhshaol.

Ní mór tionscadail chomhoibríocha faoin gciste a bheith dírithe ar thráchtálú thar thréimhse 3 go 7 mbliana.

Is é cúspóir an chiste comhar a spreagadh idir an bonn taighde den scoth in Éirinn agus an earnáil tionsclaíochta, mar aon le gnóthais a chumasú chun dul in iomaíocht go díreach le haghaidh cistiú chun tacú le forbairt agus glacadh na dteicneolaíochtaí seo. Is é is aidhm leis ná tacú le hinfheistíocht chun teicneolaíochtaí agus feidhmchláir bhunathraitheacha ar bhonn tráchtála a fhorbairt agus a sholáthar.

Ní mór do gach tionscadal ar a laghad FBM agus fiontar amháin eile a bheith ina gcuid de chuibhreannas ina bhfuil triúr comhpháirtithe tionscadail nó níos mó. Spreagtar comhoibriú le hearnálacha taighde na hÉireann. Ní mór do gach comhpháirtí a bheith lonnaithe in Éirinn agus a bheith ina chliant de chuid Fhiontraíocht Éireann, GFT Éireann, Údarás na Gaeltachta nó ina Eagraíocht a Dhéanann Taighde incháilithe (EDT). Tá eagraíochtaí Leathstáit agus comhlachtaí poiblí na hÉireann incháilithe anois chun páirt a ghlacadh mar chomhpháirtithe nach bhfaigheann maoiniú, ar choinníoll go n-áirítear sna tionscadail ar a laghad triúr comhpháirtithe incháilithe eile. Ní raibh cuideachtaí Leathstáit incháilithe roimhe seo.

Díríonn an ciste ar thionscadail taighde thionsclaíoch agus / nó forbartha turgnamhaí ar scála agus a bhfuil tionchar acu. Ní mór gurb é €1.5 milliún ar a laghad an t-iarratas ar mhaoiniú i gcás tionscadal a mhairfidh suas le trí bliana. Ní mór do chomhpháirtithe FBM maoiniú meaitseála a chur ar fáil, agus ní mór do chuideachtaí móra 60% de mhaoiniú an tionscadail a chur ar fáil.

Féadfar iarratais ar Ghlao 8 a chur isteach ón 1 Deireadh Fómhair 2026.

Déanfaidh painéil neamhspleácha saineolaithe idirnáisiúnta iarratais incháilithe a mheasúnú de réir ceithre phríomhchritéar:

  • Cáilíocht na teicneolaíochta bunathraithí
  • Sármhaitheas an chur chuige fhoriomláin
  • Tionchar eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht
  • Láidreacht an chomhoibrithe

Síneadh ar an spriocdháta: Tabhair faoi deara go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta d’iarratais ón 31 Eanáir 2027 (mar a fógraíodh roimhe seo) go dtí an 3 Feabhra 2027 ar 15:00 (am na hÉireann).

Tá Fiontraíocht Éireann ag óstáil sraith imeachtaí réigiúnacha bolscaireachta ar fud na tíre i rith mhí Dheireadh Fómhair faoi láthair, ag cur faisnéise ar fáil faoin nGlao agus ag soláthar deiseanna le haghaidh líonraithe agus meaitseála idir cuideachtaí ilnáisiúnta, FBManna agus eagraíochtaí a dhéanann taighde. Seo a leanas na dátaí agus na láithreacha atá fágtha:

  • 1 Deireadh Fómhair – Dún Dealgan, Gateway Hotel
  • 13 Deireadh Fómhair – An Muileann gCearr, Mullingar Park Hotel
  • 15 Deireadh Fómhair – Baile Átha Cliath, Aviva

Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha faisnéis mhionsonraithe a fháil faoin gciste agus faoin bpróiseas iarratais tríd an leathanach gréasáin enterprise.gov.ie/DTIF.

CRÍOCH