Nuacht & Imeachtaí

Bhabhta Nua Den Scéim Fionraí/cuótai taraifí

Tá an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta tar éis babhta nua de na scéimeanna fionraí/cuótaí taraifí a fhógairt inniu (Dé hAoine) agus tá sí ag lorg iarratas ó dhéantúsóirí in earnáil na gceimiceán, in earnáil na micrileictreonaice agus in earnálacha gaolmhara. 

Tugann an scéim fionraí taraifí deis do chuideachtaí den sórt sin amhábhair, comhpháirteanna nó táirgí idirmheánacha a iompórtáil ó lasmuigh den Aontas Eorpach saor ó tharaifí, mura féidir teacht ar an earra san Aontas Eorpach. 

Tá an scéim cuótaí taraifí saincheaptha chun dul i ngleic le ganntanas ábhar riachtanach taobh istigh den Aontas Eorpach agus is féidir cur isteach uirthi ar an gcaoi chéanna le fionraí. 

Is é an dáta agus am deiridh le haghaidh an chéad bhabhta eile d’iarratais a bheith faighte ná 5.30 p.m. ar an Aoine dheireanach den mhí seo (29 Iúil 2016). Ba chóir iarratais a sheoladh ar an ríomhphost chuig tariffschemes@djei.ie agus iad a chur sa phost chuig an Roinn ag an seoladh thíos. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais atá déanach nó nach bhfuil iomlán. 

Má éiríonn le hiarratas, tiocfaidh fionraí na ndleachtanna i bhfeidhm 12 mhí i ndiaidh an t‑iarratas a bheith déanta. 

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an Scéim Fionraí nó Cuótaí Taraifí anseo.

Is féidir ceisteanna agus iarratais a sheoladh chuig: 

Fionnuala Kehoe,

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta,

Sráid Chill Dara,

Baile Átha Cliath 2

D02 TD30

Guthán: (01) 6312704/ ríomhphost: tariffschemes@djei.ie