Nuacht & Imeachtaí

Babhta Nua de na Scéimeanna Fionraí / Cuótaí Taraifí Fógartha ag an Aire Troy

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tar éis babhta nua de na scéimeanna fionraí/cuótaí taraifí a fhógairt inniu agus tá sí ag lorg iarratas ó dhéantóirí in earnáil na gceimiceán, in earnáil na micrileictreonaice agus in earnálacha gaolmhara.

Tugann an scéim fionraí taraifí deis do chuideachtaí den sórt sin amhábhair, comhpháirteanna nó táirgí idirmheánacha a iompórtáil ó lasmuigh den Aontas Eorpach saor ó tharaifí, mura féidir teacht ar an earra san Aontas Eorpach ná sa Tuirc.

Tá an scéim cuótaí taraifí saincheaptha chun dul i ngleic le ganntanas ábhar riachtanach taobh istigh den Aontas Eorpach agus is féidir cur isteach uirthi ar an gcaoi chéanna leis an scéim fionraí.

Chuir an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD, fáilte roimh an nglaoch nua agus dúirt sé:

“Is cúis mhór imní iad costais táirgthe do dhéantóirí Éireannacha agus iad ag feidhmiú sa mhargadh domhanda. Tugann na scéimeanna fionraí agus cuótaí taraifí deis iontach do ghnóthaí buntáiste iomaíochta a fháil toisc go laghdaíonn siad na costais a bhaineann le comhpháirteanna nach bhfuil ar fáil san AE a fháil. Molaim do dhéantóirí Éireannacha leas a bhaint as na scéimeanna seo nuair is gá.”

Is é an dáta agus an t-am deiridh le haghaidh an chéad bhabhta eile d’iarratais a bheith faighte ná 5.30 p.m. Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021. Ba chóir iarratais a sheoladh ar an ríomhphost chuig tariffschemes@enterprise.gov.ie agus iad a chur sa phost chuig an Roinn ag an seoladh thíos. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais atá déanach nó nach bhfuil iomlán.

Má éiríonn le hiarratas, tiocfaidh fionraí na ndleachtanna i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an Scéim Fionraí nó Cuótaí Taraifí anseo

Is féidir ceisteanna agus iarratais maidir le taraifí a sheoladh chuig:

Hillery Brosnan,

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,

Sráid Chill Dara,

Baile Átha Cliath 2

D02 TD30

Guthán: 087 7196182/ ríomhphost: tariffschemes@enterprise.gov.ie

CRÍOCH

Tá ról lárnach ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó thaobh beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Is ar an Roinn atá an phríomhfhreagracht as beartas na hÉireann ar thrádáil dhomhanda agus ar infheistíocht isteach, agus tá sí freagrach as iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, agus as tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le: An Phreasoifig, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, press.office@enterprise.gov.ie nó (01) 631-2200.