Nuacht & Imeachtaí

Babhta Nua de na Scéimeanna Fionraí/Cuótaí Taraifí fógartha ag an Aire Humphreys

Tá an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta tar éis babhta nua de na scéimeanna fionraí/cuótaí taraifí a fhógairt inniu (1 Eanáir 2019) agus tá sí ag lorg iarratas ó dhéantóirí in earnáil na gceimiceán, in earnáil na micrileictreonaice agus in earnálacha gaolmhara. 

Tugann an scéim fionraí taraifí deis do chuideachtaí den sórt sin amhábhair, comhpháirteanna nó táirgí idirmheánacha a iompórtáil ó lasmuigh den Aontas Eorpach saor ó tharaifí, mura féidir teacht ar an earra san Aontas Eorpach. 

Tá an scéim cuótaí taraifí saincheaptha chun dul i ngleic le ganntanas ábhar riachtanach taobh istigh den Aontas Eorpach agus is féidir cur isteach uirthi ar an gcaoi chéanna le fionraí. 

Chuir an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys T.D., fáilte roimh an nglaoch nua agus dúirt sí: “Molaim do dhéantóirí Éireannacha leas a bhaint as na scéimeanna fionraí agus cuótaí taraifí a chuireann deis iontach ar fáil chun buntáiste iomaíochta a fháil toisc go laghdaíonn siad an costas a bhaineann le comhpháirteanna nach bhfuil ar fáil san AE a fháil.” 

Is é an dáta agus am deiridh le haghaidh an chéad bhabhta eile d’iarratais a bheith faighte ná 5.30p.m. Dé hAoine, an 25 Eanáir 2019. Ba chóir iarratais a sheoladh ar an ríomhphost chuig tariffschemes@dbei.gov.ie agus iad a chur sa phost chuig an Roinn ag an seoladh thíos. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais atá déanach nó nach bhfuil iomlán. 

Má éiríonn le hiarratas, tiocfaidh fionraí na ndleachtanna i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020. 

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an Scéim Fionraí nó Cuótaí Taraifí anseo

 

Is féidir ceisteanna agus iarratais a sheoladh chuig

Finbarr Kiely,
An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 TD30

Guthán: (01) 6312472/ ríomhphost: tariffschemes@dbei.gov.ie