Comhairlí Comhairleacha Neamhspleácha

Soláthraíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tacaíocht taighde, anailíse agus riaracháin do roinnt grúpaí comhairleacha neamhspleácha lena n-áirítear an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais agus Táirgiúlachta (NCPC) agus an Grúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí (EGFSN).

An Chomhairle Náisiúnta um Iomaíochas agus Táirgiúlacht 

Tuairiscíonn an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais agus Táirgiúlachta (NCPC) don Taoiseach ar phríomhcheisteanna iomaíochais atá os comhair gheilleagar na hÉireann agus cuireann sí moltaí ar fáil maidir le gníomhaíochtaí beartais a theastaíonn chun seasamh iomaíoch na hÉireann a fheabhsú.

Bhunaigh an Rialtas an NCPC i mí na Bealtaine 1997 mar chuid de Chomhaontú Comhpháirtíochta 2000. Ceapadnn an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta na baill. Cuimsítear sa bhallraíocht reatha ionadaithe fostóirí agus ceardchumainn; daoine a bhfuil saineolas ábhartha acu san iomaíochas agus ionadaí ón Roinn Fiontair, Trádála agus Nuálaíochta.

Soláthraíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tacaíocht taighde, anailíse agus rúnaíochta don Chomhairle.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gComhairle Náisiúnta Iomaíochais agus Táirgiúlachta agus chun a gcatalóg iomlán foilseachán a fheiceáil, téigh chuig a suíomh gréasáin ar competitiveness.ie.

Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí

Tugann an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí (EGFSN) comhairle do Rialtas na hÉireann ar riachtanais scileanna an gheilleagair faoi láthair agus amach anseo agus ar shaincheisteanna eile mhargadh an tsaothair a théann i bhfeidhm ar fhás fiontar agus fostaíochta na hÉireann.

Tuairiscíonn an EGFSN don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus don Aire Oideachais.

Tá ballraíocht den EGFSN comhdhéanta d’ionadaithe gnó, fostaithe, oideachais, ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit. Is é an Ceann Rúnaíochta atá lonnaithe sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a bhainistíonn clár oibre an Ghrúpa. Soláthraíonn Aonad Taighde Scileanna agus Margaidh Saothair SOLAS sonraí, anailís agus taighde don Ghrúpa agus bainistíonn sé an Bunachar Sonraí Scileanna Náisiúnta. Tagann buiséad an EGFSN ón gCiste Náisiúnta Oiliúna.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an EGFSN ar skillsireland.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun a gcatalóg iomlán foilseachán a fheiceáil.