Is é misean an CEA an timpeallacht chomhlíonta do ghníomhaíocht chorparáideach i ngeilleagar na hÉireann a fheabhsú.
Áirítear le feidhmeanna CEA comhlíonadh le dlí cuideachtaí a fhorfheidhmiú agus a spreagadh; imscrúdú a dhéanamh ar chionta amhrasta faoi Acht na gCuideachtaí; ionchúiseamh a dhéanamh ar sháruithe braite ar Acht na gCuideachtaí; cásanna a tharchur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí lena n-ionchúiseamh ar díotáil; agus ról maoirseachta a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí leachtaitheoirí agus glacadóirí.
Teagmháil
Údarás Forfheidhmithe Corparáideach
16 Cearnóg Parnell
Baile Átha Cliath 1
D01 W5C2
Teil: +353 1 858 5800
Ríomhphost: info@cea.gov.ie
Suíomh Gréasáin: cea.gov.ie