Cé muid féin

Oifig Fiontair Áitiúil

Chun do ghnó a thosú nó a fhás tabhair cuairt ar d’Oifig Fiontair Áitiúil.

Is í d’Oifig Fiontair Áitiúil do chéad ionad freastail chun cabhrú leat do ghnó a thosú, a fhás agus a fhorbairt. 

Tá foirne praiticiúla saineolaithe ag an 31 Oifig Fiontair Áitiúla atá lonnaithe in Údaráis Áitiúla ar fud na tíre chun comhairle agus faisnéis ábhartha a sholáthar duit. Is bealach í d’Oifig Fiontair Áitiúil do raon leathan tacaíochtaí rialtais agus neamhrialtasacha atá ar fáil chun cabhrú le do ghnó forbairt.

Féadann d’Oifig Fiontair Áitiúil cláir mheantóireachta agus oiliúna a thairiscint chun cabhrú leat scileanna gnó ríthábhachtacha a fhorbairt. D’fhéadfá a bheith incháilithe do raon tacaíochtaí deontais, idir indéantacht agus forbairt ghnó.

Teagmháil

Aimsigh d’Oifig Fiontair Áitiúil

Suíomh Gréasáin: localenterprise.ie