Inbhuanaitheacht a thuiscint
Mura bhfuil tú ach ag tosú amach, b’fhéidir go mbeadh oiliúint inbhuanaitheachta uait.
Tá ardáin ar líne saor in aisce ann chun cabhrú leat éifeachtúlacht fuinnimh a thuiscint agus conas is féidir leat athruithe beaga a dhéanamh chun do chostais a laghdú agus uisce a chaomhnú. Tá cláir ann freisin más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar mhaith le do chuid eolais agus scileanna inbhuanaitheachta níos leithne a fheabhsú.
Idir an dá linn tá de dhualgas ar sholáthróirí fuinnimh, bíodh sin gás, leictreachas nó breoslaí soladacha cabhrú leat dícharbónú a dhéanamh. Más mian leat cur chuige níos sainoiriúnaithe a fháil do do ghnó go sonrach, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’Oifig Fiontair Áitiúil nó cuairt a thabhairt ar an Mol Náisiúnta Fiontair.
Déan do ghnó a mheas
Nuair a thuigeann tú cad atá i gceist, is féidir leat na roghanna atá agat a mheas.
Tugann an Climate Toolkit 4 Business meastachán simplí duit ar do lorg carbóin agus gineann sé plean gníomhaíochta pearsantaithe chun cabhrú leat do chuid astuithe agus costais fuinnimh a laghdú. Nó is féidir leat deontas a fháil le haghaidh iniúchadh fuinnimh ar do ghnó.
Infheistigh chun bheith inbhuanaithe
Nuair a bhíonn tú réidh chun hinfheistíocht a dhéanamh, tá roinnt deontas agus iasachtaí rialtais ann chun cabhrú leat é sin a dhéanamh ar bhealach atá chomh cost-éifeachtúil agus is féidir.
Tá deontais ar fáil chun:
Tá iasachtaí fadtéarmacha ar chostas íseal ann freisin chun an bhearna idir an deontas agus costas iomlán na hinfheistíochta a dhúnadh chomh maith le dreasachtaí cánach chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht choigilte fuinnimh.