Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn an Rialtas plean chun 44,500 post a líonadh san earnáil TFC a fhad le 2018

An Rialtas, Oideachas agus Tionscal ag oibriú as lámh a chéile chun an áit is mealltaí ar domhan i dtaobh tallann TFC a dhéanamh d’Éirinn Seolann an tAire Quinn agus an tAire Bruton an Plean Gníomhaíochta Scileanna TFC

An 14 Márta 2014

D’fhoilsigh an Rialtas a bplean inniu (Dé hAoine) chun 44,500 post a líonadh le haghaidh gairmithe TFC i gcaitheamh na tréimhse a fhad leis an mbliain 2018.

Cuirfear 1,250 áit TFC ar fáil d'fhochéimithe gach bliain ó 2014 ar aghaidh, mar chuid d’iarrachtaí an Rialtais chun an leibhéal de ghairmithe oilte atá sa tír a mhéadú, atá dírithe ar a chinntiú gur féidir trí cheathrú de na folúntais phoist a líonadh ó chóras oideachais na hÉireann faoi 2018.

Anuas air sin, eiseofar a mhéid le 2,000 cead oibre gach bliain do na gairmithe TFC a bhfuil na scileanna ábhartha acu chun freastal ar éilimh an tionscail, agus beidh díriú méadaithe ar imircigh a d’fhág Éire le déanaí agus ar náisiúnaigh an LEE.

D’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton, T.D., agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., Plean Gníomhaíochta Scileanna TFC 2014 ag Trilogy Technologies, cuideachta Éireannach TFC atá i mbun fáis atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ina bhfuil lucht saothair thart ar 50 duine.

Faoin bPlean, táthar ag súil le freastal ar 74% d’éilimh an tionscail ar bhonn intíre le haghaidh gairmithe TFC faoi 2018 – ar méadú é seo anuas ó 45% in 2011 agus 60% faoi láthair. D’fhonn an sprioc seo a bhaint amach, d’fhógair an tAire Quinn sraith leasuithe atá dírithe ar mhéadú mór a chur ar an bhfáil atá ar chéimithe:

  •  1,250 áit bhreise fochéime TFC a sholáthar gach bliain in institiúidí ardoideachais
  •  Ráta coinneála na mac léinn a mhéadú ar chúrsaí a bhaineann le    TFC
  •  Babhta breise de chúrsaí Tiontaithe Scileanna TFC a sheoladh
  •  Gairmeacha a chur chun cinn sa TFC i measc daltaí bunscoile agus dara leibhéal le tacaíocht ón tionscal
  •  Cúrsaí um thabhairt isteach a sholáthar in inniúlacht na meán  Digiteach, ríomhchlárú agus códú sna Gradaim nua Shraithe Sóisearaí do Dhaltaí.

Luaigh an tAire Bruton breis leasuithe atá dírithe ar a chinntiú go bhfuil acmhainn thréan chumais sa TFC ann agus ar Éirinn a chur chun cinn mar ionad le haghaidh scileanna ardleibhéil TFC:

  • Gairmeacha STEM (eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta     agus matamaitice) agus TFC a chur chun cinn trí SFI Discover Smart Futures agus trí oiliúint a chur ar bhreis agus 450 deontóir  chun cainteanna faoi ghairmeacha a thabhairt i scoileanna.
  • Tairseach ghréasáin a fhorbairt chun cumas idirnáisiúnta a mhealladh leis na scileanna atá á n-éileamh go hÉirinn
  • Aonaigh ghairmeacha a eagrú le rannpháirtíocht na gcuideachtaí ina  bhfuil folúntais
  • A mhéid le 2,000 cead fostaíochta a eisiúint gach bliain do   ghairmithe TFC a bhfuil taithí agus na scileanna atá á n-éileamh acu
  • Éifeachtúlacht a mhéadú sa phróiseas ceadanna fostaíochta agus reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an bpróiseas iarratais.

Dúirt an tAire Quinn, “Mar chuid d’iarrachtaí an Rialtais chun an láthair is mealltaí ar domhan a dhéanamh d’Éirinn i dtaobh Scileanna TFC, tá sé ríthábhachtach go mbíonn líonra maith de chéimithe ardoilte againn chun freastal ar éilimh an tionscail.”

“Tá gliondar croí orm go bhfuil tairbhe le tabhairt faoi deara ar obair dhian an Rialtais, na nGníomhaireachtaí Stáit agus an Tionscail tríd an gCéad Phlean Gníomhaíochta. Nuair a sheolamar an Plean in 2012, ní rabhthas ag freastal ach ar 45% den éileamh ar scileanna TFC ar bhonn intíre ó chláir ardoideachais. Meastar go bhfreastalóidh an córas oideachais ar 60% den éileamh. Mar sin féin, ní mór dúinn bheith níos uaillmhianaí agus is í sin an chúis ar leagamar an sprioc amach romhainn chun freastal ar nach mór trí cheathrú d’éilimh an tionscail anseo in Éirinn faoi 2018.”

Dúirt an tAire Bruton: “Tá an earnáil TFC mar chuid lárnach de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais do Phoist, agus le dhá bhliain anuas, thugamar faoi deara gur tháinig fás suntasach ar phoist sa limistéar seo. Má táimid le coimeád leis seo agus le cur leis, tá sé ríthábhachtach go ndéileálaimid le ceann de na ceisteanna is mó atá roimh an tionscal TFC ar fud an domhain – ganntanais scileanna. Leagamar amach romhainn an sprioc uaillmhianach chun an láthair is mealltaí ar domhan a dhéanamh d’Éirinn i dtaobh scileanna TFC, agus táimid ag tabhairt faoi trí mheascán de mhuintir na hÉireann ar ar cuireadh oideachas agus de thallann ó áiteanna thar lear. Trí mhórathruithe, leasuithe a rinneadh cheana féin agus an plean nua a fógraíodh inniu, is féidir linn a chinntiú go leanaimid le fás na gcuideachtaí Éireannacha a chothú agus chun cuideachtaí ilnáisiúnta a mhealladh sa limistéar seo, agus ar deireadh, chun cabhrú leis na poist a sholáthar in Éirinn a theastaíonn uainn go géar”.

CRÍOCH

Is féidir teacht ar nasc le tuarascáil an Phlean Gníomhaíochta Scileanna TFC ag: ICT Skills Action Plan

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Leagtar amach i bplean an lae inniu breis gníomhartha agus spriocanna a chuirfidh leis an dul chun cinn a rinneadh cheana féin trí Phlean 2012 agus tríd an Leasú Suaiteach ar Scileanna TFC i bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2013.

Tuarann an Grúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna Amach Anseo go mbeidh 44,500 deis poist ann san earnáil TFC i gcaitheamh na tréimhse a fhad le 2018.

Foilsíodh an chéad Phlean Gníomhaíochta TFC in 2012 agus rinneadh dul chun cinn suntasach mar chuid de na Leasuithe Suaiteacha a chuimsítear i bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post, ach rinneadh é a nuashonrú chun an dul chun cinn suntasach a chur san áireamh a rinneadh cheana féin maidir leis na spriocanna a leagadh amach a bhaint amach, lena n-áirítear:

  • Táthar ag súil leis, anois, go mbainfidh dúbailt na gcéimithe leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) amach faoi 2015, trí bliana roimh an sceideal
  • méadú 58% ar an líon mic léinn a thugann faoi mhatamaitic ardleibhéil
  • 2,000 céimí ag tabhairt faoi chúrsaí athoiliúna nó tiontaithe ar Leibhéal 8 agus 9 ar an NFQ.

Forbraíodh an Plean Gníomhaíochta mar chomhoibriú idir an dá Roinn Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus páirtithe leasmhara tionscail agus chuir taighde agus anailís faisnéis ar fáil dó ón nGrúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna Amach Anseo. Tá trí thosaíocht straitéiseacha ann:

  1. Aschur na gcéimithe ardleibhéil a mhéadú
  2. Feabhas a chur ar chumas agus feasacht ar TFC sa chóras oideachais
  3. A chinntiú go gcoimeádann Éire acmhainn thréan tallainne sa TFC agus go gcuirtear Éire chun cinn mar ionad le haghaidh scileanna ardleibhéil TFC.