Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn an Rialtas an tríú Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post

Tá sé de chuspóir ag plean 2014 cur leis an dul chun cinn mór a rinneadh sa mhargadh post le dhá bhliain anuas Beidh díriú ar leith ar fhiontraíocht mar gheall go gcruthaíonn gnólachtaí nua-thionscanta dhá thrian de na poist nua go léir

An 27 Feabhra 2014

D'fhoilsigh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2014 inniu (Déardaoin), an tríú tráthchuid bhliantúil i bplean an Rialtais atá dírithe ar gheilleagar inbhuanaithe atá ag dul faoi fhás a thógáil agus ar phoist a chruthú.

Cuireann an Plean le breis agus 500 beart atá curtha i bhfeidhm cheana féin trí Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2012 agus 2013, agus tá ann 285 gníomh atá le cur i bhfeidhm ag gach ceann de na 16 Roinn Rialtais agus 46 Gníomhaireacht. Ag cur le Plean 2013, rinneadh sprioc de thrí ábhar nua um Leasú Suaiteach sna limistéir a leanas: Fiontraíocht, Buachan Thar Lear agus Déantúsaíocht.

Tá sé de chuspóir ag Plean 2014 cur leis an dul chun cinn suntasach atá déanta i gcruthú post ó seoladh an Chéad Plean Gníomhaíochta i bhFeabhra 2012, nuair a cruthaíodh 58,000 post sa bhliain a fhad le Meán Fómhair 2013. De réir fhigiúirí an Bheochláir, tá laghdú tagtha ar an ráta dífhostaíochta ar feadh 19 mí as a chéile, agus tháinig laghdú air anuas ó 15.1% i bhFeabhra, go dtí 12.3% in Eanáir 2014.

I measc na mbeart atá le cur i bhfeidhm le linn 2014 tá:

Fiontraíocht – iomaíocht chontaebhunaithe phoiblí chun an fiontraí is fearr in Éirinn a aimsiú agus cistiú €2 milliún mar ghradaim ar fáil; Clár Fiontraíochta PhD chun oiliúint a chur ar eolaithe SFI a ngnólachtaí féin a sheoladh; 31 Oifig nua Fiontair Áitiúil chun gnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí cánach d’fhiontraithe féachaint an féidir iad a fheabhsú nó a shimpliú

FDI – 10,000 post breise le cruthú trí bhreis foirne a earcú le haghaidh an Údaráis Forbartha Tionscail (IDA Éireann) thar lear, breis post le cruthú thar straitéisí reatha agus anuas orthu i gcuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn laistigh de 5 bliana; díreoidh an IDA ar limistéir nua fáis, lena n-áirítear ‘idirlíon rudaí’

Déantúsaíocht – mar chuid de phlean chun 40,000 post breise déantúsaíochta a chruthú faoi 2020, clár beart nua chun tacú le feabhsúcháin táirgiúlachta agus le leibhéil níos airde de Thaighde agus Forbairt i ngnólachtaí Éireannacha agus ilnáisiúnta déantúsaíochta

Gníomhaireachtaí – tacóidh an IDA, Fiontraíocht Éireann agus na hOifigí nua Fiontair Áitiúil le 30,500 post nua díreach le linn 2014. Tá sprioc easpórtálacha €17.5 billiún le bheith mar sprioc ag Fiontraíocht Éireann in 2014

Iomaíocht – tá feabhas réidh tagtha ar iomaíocht na hÉireann ó seoladh an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post i dtosach, agus tháinig Éire aníos ón 24ú háit i rangú iomaíochta domhanda an IMD in 2011 go dtí an 20ú háit in 2012 agus an 17ú háit in 2013 – san áireamh leis na bearta chun leanúint leis an gcur chun cinn seo, tá córas nua tuairiscithe ráithiúil leis an gCoiste Comh-Aireachta ar shaincheisteanna iomaíochta agus ar ghníomhartha ar limistéir a imríonn tionchar ar ghnó; bearta i dtaca le scileanna, lena n-áirítear 6,000 áit Momentum; costais laghdaithe le haghaidh gnólachtaí trí struchtúir leasaithe Chaidreamh Oibreachais a thabhairt isteach

Rochtain ar Airgeadas – foinsí nua neamhbhainc d’iasachtú le SMEanna chun cur leis an €2 billiún atá ar fáil cheana féin, lena n-áirítear táirgí nua caipiteal oibre le haghaidh easpórtálaithe agus margadh miondíola mionbhanna trí Stocmhalartán na hÉireann; déanfaidh an Roinn Airgeadais monatóireacht níos dlúithe ar iasachtú nua bainc le SMEanna ar bhonn míosúil

Réigiúin – Straitéisí Fiontair Réigiúnaigh, tograí le comharba leis an Straitéis Spáis Náisiúnta, Clár an IDA chun réamháiseanna a thógáil i láithreacha sonracha, áit nach bhfuil roghanna réadmhaoine á soláthar ag an earnáil phríobháideach

Earnálacha – tacaíochtaí nua chun fás leanúnach post a sholáthar, ar nós na Talmhaíochta/Bia, TFC agus Turasóireachta lenar tacaíodh i bPleananna roimhe seo agus a léirigh fás substainteach i bpoist; díriú as an nua ar earnálacha a dhéantar a thrádáil in Éirinn mar aon le miondíol agus tógáil

Bliain Dearaidh na hÉireann 2015 – mar chuid de phlean chun sprioc a dhéanamh de 1,800 post breise san earnáil dearaidh agus ceardaíochta sa mheántéarma, d’fhógair an Rialtas inniu go saineoidh siad 2015 mar Bhliain Dearaidh na hÉireann. Beidh pleanáil ar bun i rith 2014 le haghaidh clár náisiúnta agus idirnáisiúnta gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl i rith 2015 d’fhonn níos mó infheistíochta i ndearadh a spreagadh agus chun deiseanna fostaíochta, díolacháin agus cumas easpórtála a choimeád agus a fhás san earnáil dearaidh

Leasuithe suaiteacha – 9 Leasú Shuaiteacha ar an iomlán (bearta ardtionchair a chuirfear i bhfeidhm i leith amlínte uaillmhianacha i gcomhpháirtíocht leis an tionscal – tá breis sonraí ar fáil i Nótaí d’Eagarthóirí), breis beart ag leanúint ó phlean 2013 i bpríomhlimistéir ar nós scileanna TFC, Olltiomsú Sonraí, tabhairt faoi chóras chomhtháite ceadúnaithe le haghaidh miondíoltóirí agus an Mol Náisiúnta Nuálaíochta Sláinte.

Agus an Plean á sheoladh, dúirt an Taoiseach, Enda Kenny, T.D.:

“Tugann an Rialtas tús áite do phoist a chruthú. Aithnímid nár thug go leor daoine mórthimpeall na tíre aon fhianaise faoi deara i leith athshlánú. Seo an fáth ar shainigh an Rialtas 2014 mar bhliain na bpost. Ní chiallaíonn sé gur cuireadh deireadh le gach rud nuair nach raibh an tarrtháil ag teastáil uainn a thuilleadh. Ní mór dúinn an tsaoirse seo a úsáid chun athshlánú inbhuanaithe geilleagrach a chruthú, chun breis post a chruthú agus chun feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála. Díreach faoi mar a bheartaíomar deireadh a chur leis an tarrtháil, tá anois againn plean soiléir chun an geilleagar a threorú i dtreo an fheabhais. Seo an áit a mbíonn feidhm ag an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post. Tá díriú trom i bPlean Gníomhaíochta 2014 ar an ngeilleagar intíre, ar fheabhas a chur ar iomaíocht, agus ar thacú lenár bhfiontraithe agus lenár ngnólachtaí beaga. Ní féidir linn stop a chur lenár n-iarrachtaí go bhfuil gach duine fostaithe go lánaimseartha arís.”

Dúirt an Tánaiste, Éamonn Gilmore, T.D.:

“Nuair a bhain an Rialtas seo an oifig amach, bhí 7,000 post á gcailleadh gach mí – tá 5,000 á gcruthú againn sa mhí anois. Is féidir linn, ag an bpointe seo, bheith i bhfad níos muiníní faoinár gcuid ionchas ná mar a bhíomar aon tráth sular thosaigh an ghéarchéim.

Tá orainn díriú ar an todhchaí anois, ar dhualgas an athshlánaithe gheilleagraigh a chomhlíonadh, poist a chruthú, agus Éire na hiar-ghéarchéime níos fearr a thógáil. Mar chuid de sin, is gá dúinn díriú ar thacú leis an tionscal tógála, a bhí ró-ghnóthach le linn bhlianta an bhorrtha agus a bhí go hiomlán ciúin ina dhiaidh sin.”

Dúirt an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton, T.D.:

“Faoi mar a dúramar, dhá bhliain ó shin, nuair a d’fhoilsíomar an chéad Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post, níl aon réiteach ‘buille mhóir’ ann ar an ngéarchéim fostaíochta – is éard is gá dúinn a dhéanamh ná geilleagar inbhuanaithe atá ag dul i mbun fáis a thógáil, bríce ar bhríce, ar féidir leis na poist a chruthú a theastaíonn uainn. Le dhá bhliain anuas, bhí na leasuithe a theastaíonn uainn á ndéanamh, agus chuireamar breis agus 500 gníomh i bhfeidhm chun feabhas a chur ar ár n-iomaíocht, tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí Éireannacha agus ilnáisiúnta, agus chun sprioc a dhéanamh d’earnálacha cumais. Agus tá na torthaí tugtha faoi deara againn – tá feabhas ag teacht ar ár rangú iomaíochta, tá ár n-easpórtálacha i mbun fáis, agus tá poist á gcruthú againn anois níos tapúla ná geilleagar ar bith eile san AE ná san OECD.

“Tá ag éirí leis an bplean. Níl na torthaí á dtabhairt faoi deara ag go leor daoine, agus is fada an bóthar atá amach romhainn, ach tá fíor-dhul chun cinn á thabhairt faoi deara againn, agus, nuair a bhíodh 1,600 post sa tseachtain á gcailleadh againn, tá 1,200 post á gcruthú againn gach seachtain.

“Trí Phlean Gníomhaíochta 2014, tá sé de chuspóir againn cur leis an dul chun cinn seo. Díreoimid ar thacú le níos mó fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta, a chruthaíonn dhá thrian de na poist nua go léir. Agus leanfaimid leis an athrú a chur i bhfeidhm is gá dúinn chun feabhas a chur ar ár n-iomaíocht agus chun tacú le breis easpórtálacha. Ar an mbealach seo, táim muiníneach gur féidir linn leanúint agus geilleagar inbhuanaithe atá ag fás a atógáil agus chun na poist a theastaíonn uainn a chruthú".

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Agus an díriú ar fhiontraíocht agus ar ghnólachtaí nuathionscanta a léiriú a chuimsítear sa phlean, thit imeacht an lae inniu amach in Wayra Ireland, cuideachta de líonra domhanda de luasairí gnólachtaí nuathionscanta, atá bunaithe i gceanncheathrú O2 i nDuga Silicon Bhaile Átha Cliath.

Naisc leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post:

APJ 2014

Próiseas bliantúil an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post

Tionscnamh ilbhliantúil uile-Rialtais atá sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post a dhéanann gach Roinn Rialtais a shlógadh chun oibriú i dtreo an chuspóra chun tacú le cruthú post. Déanann Forfás forbairt an Phlean a chomhordú thar ceann na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, agus déantar monatóireacht air ar bhonn ráithiúil le seachadadh a chinntiú. Rinneadh an próiseas a sheachadadh agus in 2012, seachadadh 92 faoin gcéad de na gníomhartha agus in 2013 seachadadh 90 faoin gcéad díobh.

In imeacht ó phlean 2012, cuimsíodh i bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2013 seacht gceannlíne bearta ‘Leasuithe Suaiteacha’ – bearta ardtionchair iad seo ag a bhfuil amlínte an-uaillmhianacha, a chuirtear i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le comhpháirtithe an tionscail shinsearaigh agus a roghnaíodh mar gheall ar an gcumas atá acu chun tionchar suntasach a imirt ar chruthú post. Cuireann plean na bliana seo trí leasú nua shuaiteacha ar fhiontraíocht, buachan thar lear agus déantúsaíocht leis, agus anuas air sin, leanann sé le 6 de na 7 mbeart a chur i bhfeidhm ó phlean 2013, agus ar an ábhar sin, tá 9 Leasú Shuaiteacha, ar an iomlán, i bplean 2014 (féach thíos).

Níos tábhachtaí ná sin, áfach, tá tionchar á imirt ag an bPlean Gníomhaíochta ar an talamh agus is ábhar spreagtha na sonraí le déanaí ar fhostaíocht. Bhí 1,899,300 duine ag oibriú i ráithe 3 in 2013, ar méadú 58,000 seo i gcomparáid le ráithe 3 in 2012. Léirigh an Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil ar Theaghlaigh (CSO, 2013) gur tháinig laghdú ar an ráta fostaíochta a choigeartaítear go séasúrach anuas chuig 12.8 faoin gcéad i ráithe 3 in 2013 anuas ó bhuaic 15.1 faoin gcéad i ráithe 1 in 2012. Tugann treochtaí níos déanaí sa Bheochlár

le fios gur mó a bhí an laghdú idir an dá linn. Tháinig laghdú ar an ráta fadtéarmach dífhostaíochta ó 8.9 faoin gcéad anuas go dtí 7.6 faoin gcéad i gcaitheamh na bliana a fhad le ráithe 3 in 2013. Anuas ar an méadú ar fhostaíocht agus an laghdú ar dhífhostaíocht, tá táscairí eile ann a thugann le fios go bhfuil an geilleagar ag teacht as an ngéarchéim gheilleagrach ba mheasa i stair na tíre seo. Meastar gur tháinig fás 0.4 faoin gcéad in 2013 ar éileamh intíre, an chéad mhéadú sa chomhiomlán seo ó thosaigh an ghéarchéim. Sa mhullach air sin, tá feabhas ag teacht ar rangú na hÉireann arís eile – mar shampla, tháinig feabhas ar rangú na hÉireann i mBliainiris Iomaíochta Domhanda an IMD ón 24ú háit in 2011 go dtí an 20ú háit in 2012 agus ón 17ú háit in 2013.

Iomaíocht

Ní féidir le hÉirinn bheith neamhairdeallach riamh arís faoina suíomh iomaíoch. Má táimid leis na spriocanna fostaíochta a chuimsítear sa Phlean seo a chomhlíonadh, ní mór d’Éirinn an méid a bhaineamar amach le dua le roinnt blianta anuas a choimeád agus tabhairt faoi bheartais go leanúnach a chuirfidh an iomaíocht chun cinn i ngach limistéar den gheilleagar. Tá ardchostais sa mhullach ar go leor gnóthas go fóill a chruthaíonn deacrachtaí dóibh bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta. Tá gnóthais eile ag déileáil le saincheisteanna leagáide a dhéanann dúshláin ollmhóra as rochtain a fháil ar chistiú le haghaidh infheistíochta. Tá easpa cumais ar ghnóthais eile go fóill (e.g. cumas nuálaíochta, scileanna teanga agus díolachán idirnáisiúnta, inniúlachtaí teicniúla, etc.) chun teacht i dtír ar dheiseanna fáis. Baineann ríthábhacht le timpeallacht iomaíoch ghnó a chruthú a thacaíonn le méadú ar easpórtálacha ó na gnóthais seo lena chinntiú go mbaineann Éire fás inbhuanaithe geilleagrach agus ardleibhéil d’fhás fostaíochta amach.

In 2014, díreoidh an Rialtas ar iomaíocht i ngach limistéar de ghníomhaíocht gheilleagrach, faoi stiúir an Taoisigh. Forbróidh an Rialtas gníomhartha agus déanfaidh siad sprioc díobh a bhaineann go sonrach lenár n-rangú iomaíochta a fheabhsú. Tá sé dírithe ar rangú idirnáisiúnta iomaíochta i measc na gcúig is fearr a bhaint amach, agus an tír bheag is fearr a dhéanamh d'Éirinn le gnó a dhéanamh inti agus chun na poist a theastaíonn uainn a chruthú.

Leasuithe Suaiteacha

Tugadh Leasuithe Suaiteacha isteach in 2013 mar bhearta ardtionchair trasghearrtha ag a bhfuil an cumas chun tionchar tábhachtach a imirt ar chruthú post, chun tacú le fiontair agus/nó feidhmiú mar limistéir ina bhféadfadh le hÉirinn tairbhe a bhaint as buntáiste nádúrtha nó deis a thagann chun solais sa gheilleagar. Cuirfear 6 de na 7 Leasú Shuaiteacha a tugadh isteach in 2013 chun cinn níos mó in 2014 chun a n-uaillmhian a fhíorú. Rinneadh tionscnamh príomhshrutha cheana féin den tionscnamh JobsPlus, a seoladh in 2013 agus chruthaigh sé gur imir sé tionchar ar leith. Tabharfar trí Leasú nua Shuaiteacha isteach in 2014: Fiontraíocht; Buachan Thar Lear; agus Déantúsaíocht:

Fiontraíocht

Is í uaillmhian an Rialtais go mbeidh Éire i measc na náisiún is fiontraíche ar domhan agus go n-aithnítear í mar thimpeallacht den chéad scoth le hoibriú inti agus le gnólacht a thosú agus a fhás inti. Agus an dúshlán dífhostaíochta atá roimh Éirinn faoi láthair, baineann tábhacht ollmhór leis an líon fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta a fhás maidir le forbairt gheilleagrach na hÉireann.

In 2014, déanfaidh an Rialtas an méid a leanas:

• 31 Oifig Fiontair Áitiúil a thabhairt isteach, lena dtacaíonn Ionad Sármhaitheasa i bhFiontraíocht Éireann, chun tiomáint a chur faoi ghníomhaíocht fiontraíochta ar fud na tíre;

• Breis cistiú a chur ar fáil chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le fairsingiú, lena n-áirítear Ciste nua Fiontraíocht Óige;

• Athbhreithniú a dhéanamh ar scéimeanna cáinbhunaithe le haghaidh fiontraithe d’fhonn tairiscint shimplithe a sholáthar atá dírithe ar fhiontraíocht a mhéadú;

• Meantóireacht, piarfhoghlaim agus roinnt eolais a éascú chun cumas fiontraíochta a fhorbairt;

• Sprioc a dhéanamh de ghníomhartha, lena n-áirítear cistí nua, chun cumas nár baineadh leas as a spreagadh i measc grúpaí, lena n- áirítear fiontraithe óige agus céimithe, fiontraithe baineanna, fiontraithe inimirce agus fiontraithe ar leibhéal réigiúnach; agus

• Straitéis shoiléir a sheachadadh ag a bhfuil gníomhartha meántéarma le haghaidh na fiontraíochta trí Ráiteas Beartais Náisiúnta Fiontraíochta.

Buachan Thar Lear

Baineann ríthábhacht le borradh inbhuanaithe fairsing faoi stiúir easpórtála a chruthú chun ár ngeilleagar a atógáil. Mar gheilleagar beag oscailte, baineann ríthábhacht le borradh i margaí thar lear agus leagfaidh an Leasú Suaiteach seo béim shonrach ar dheiseanna atá i mbun fáis i margaí thar lear, go háirithe i margaí nua agus iad siúd atá ag fás go tapa.

In 2014, déanfaidh an Rialtas an méid a leanas:

• Sprioc a dhéanamh de 10,000 post nua a chruthú (6,000 post díreach agus 4,000 post indíreach) thar 5 bliana trí chlár infheistíochta ina soláthrófar acmhainní breise do IDA Éireann a úsáidfear thar lear, lena n-áirítear i margaí atá ag teacht chun cinn, agus fás ar fhostaíocht an FDI a threisiú;

• Tacaíocht a mhéadú do chuideachtaí a lorgaíonn trádáil a dhéanamh go hidirnáisiúnta, trí thacaíocht bhreise ar an talamh a sholáthar ag Fiontraíocht Éireann i margaí thar lear, lena n-áirítear an tSín, an Chóiré Theas, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Afraic Theas. Áireofar leis chomh, chomh maith, sprioc a dhéanamh de 650 cuideachta go ndéanfaidh siad idirchaidreamh suntasach le rannóg easpórtálaithe féideartha Fhiontraíocht Éireann, ag oibriú le 55 easpórtálaí céaduaire agus réimse clár a sholáthar d’easpórtálaithe in 2014;

• Cumas fhiontair na hÉireann a fhorbairt chun easpórtálacha a fhás trí chláir a dhírítear ar easpórtálaithe reatha agus féideartha araon;

• Íomhá na hÉireann a chur chun cinn thar lear chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht mhéadaithe a chur chun cinn agus chun Pleananna Margaidh Áitiúil a chur i bhfeidhm i margaí tosaíochta; agus

• Tabhairt faoi thionscnaimh spriocaithe in earnálacha, lena n-áirítear seirbhísí idirnáisiúnta oideachais, seirbhísí innealtóireachta agus seirbhísí cultúrtha agus dearaidh.

Déantúsaíocht: An tAthrú Náisiúnta Céime

Is féidir tacú le hiomaíocht chostais san fhadtéarma, mar aon le feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála do chách a bhaint amach trí fhás táirgiúlachta. Cabhróidh an Leasú Suaiteach seo i ndéantúsaíocht le hearnáil déantúsaíochta na hÉireann a shuíomh chun tosaigh go hidirnáisiúnta agus chun feabhas a chur ar iomaíocht, táirgiúlacht agus nuálaíocht.

In 2014, déanfaidh an Rialtas an méid a leanas:

• Tacú le 130 cuideachta dhúchasach a bhfuil tionscnamh acu chun feabhas a chur ar a dtáirgiúlacht mar chuid den Athrú Náisiúnta Céime do Dhéantúsaíocht;

• Clár claochlaithe a sheachadadh ar fud 70 cuideachta déantúsaíochta agus seirbhísí atá faoi úinéireacht iasachta in Éirinn chun ardú teicneolaíochta, feabhsú scileanna, feabhsúcháin fuinnimh agus infheistíocht in áiseanna agus i dtrealamh a bhaint amach;

• Tacú le glacadh le déantúsaíocht LEAN agus le bearta feabhsaithe táirgiúlachta eile ar fud réimse leathan d’fhiontair, lena n-áirítear na micrifhiontair ábhartha;

• A chinntiú go bhfuil Taighde agus Forbairt atá cistithe go poiblí in oiriúint do riachtanais na n-earnálacha déantúsaíochta agus tacú le hidirchaidreamh méadaithe ag fiontair dhéantúsaíochta le hionaid taighde agus ionaid teicneolaíochta atá dírithe ar riachtanais na n- earnálacha déantúsaíochta.

Leanfar le hobair ar na 6 Leasú Shuaiteacha atá fanta ó 2013, mar seo a leanas:

Olltiomsú Sonraí/Anailísíocht Sonraí

An clár a chur chun cinn chun tír cheannais a dhéanamh d’Éirinn san Eoraip maidir le hOlltiomsú Sonraí agus anailísíocht sonraí, lena n-áirítear tionscnamh Sonraí Oscailte a sheoladh agus chun idirchaidreamh fiontair a threisiú níos mó san Ionad Taighde Léargais ar fiú €88 milliún é agus in Ionad Teicneolaíochta CeADAR.

Scileanna TFC

Plean leasaithe Gníomhaíochta Scileanna TFC a fhoilsiú a fhaigheann faisnéis ón staidéar a rinne Forfás/an EGFSN le déanaí a thuarann go dteastaíonn ardleibhéil de scileanna TFC a fhad le 2018, a chuirfeadh na méaduithe a rinneadh sa soláthar intíre d’aschur céimithe TFC chun cinn níos mó agus a aistreodh ón 63 faoin gcéad den éileamh in 2014 go dtí 74 faoin gcéad den éileamh in 2018.

Seirbhís Feidhmithe Ceadúnaithe Chomhtháite

An t-ualach rialála atá ar an earnáil fiontair a laghdú trí Sheirbhís Feidhmithe Ceadúnaithe Chomhtháite a sholáthar don earnáil miondíola.

Trádáil ar Líne

Sprioc a dhéanamh de 2,000 micreaghnó agus gnó beag thar thréimhse dhá bhliain ó 2014 i leith chun tacú le tabhairt faoi thrádáil ar líne, cur le triail rathúil faoina dtugtar i mBaile Átha Cliath.

Éifeachtúlacht Fuinnimh

Ciste Éifeachtúlacht Fuinnimh a bhunú agus tacú le tionscadail eiseamláireacha ar éifeachtúlacht fuinnimh chun an uaillmhian lena mbaineann Éire a chlaochlú mar cheann de na geilleagair is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de san Eoraip.

An Mol Náisiúnta Nuálaíocht Sláinte

An Mol Náisiúnta Nuálaíocht Sláinte a bhunú in 2014, agus cur le cur i bhfeidhm rathúil Thionscadal Taispeántóra Chorcaí, chun teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua cúram sláinte a tháirgeadh trí fhiontair thráchtála a nascadh le córas sláinte na hÉireann.

Tá sé beartaithe leanúint leis an bpróiseas chun oibriú le Comhpháirtithe Tionscail in 2014 chun na Leasuithe Suaiteacha seo a sheachadadh.

Príomhthionscnaimh Eile

Fiontar Dúchasach

Déanfaidh Fiontraíocht Éireann sprioc de 13,000 post nua lánaimseartha buan a chruthú agus chun tacú le cliaint chun easpórtálacha ar fiú €17.5 billiún iad a bhaint amach in 2014. Anuas air sin, cuirfidh Fiontraíocht Éireann cláir mheantóireachta i bhfeidhm ar mhaithe le breis agus 300 cliant.

Infheistíocht Dhíreach Iasachta

Déanfaidh an IDA sprioc de 13,000 ollphost nua a chruthóidh thart ar 6,000 glanphost nua agus oibreoidh siad chun 155 tionscadal nua infheistíochta a bhuachan in 2014 agus chun 20 faoin gcéad a bhuachan ó mhargaí fáis.

Rochtain ar Airgeadas

Chun breis feabhais a chur ar an rochtain ar airgeadas le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn, i measc na bpríomhthosaíochtaí le haghaidh 2014, tá: iasachtú nua a mhéadú le SMEanna; rannpháirtíocht a mhéadú i rochtain urraithe an Rialtais chun scéimeanna a mhaoiniú le haghaidh SMEanna, ar nós an Chiste Iasachtaí do Mhicrifhiontair agus na Scéime Ráthaíochta Sochair; an leibhéal feasachta i measc SMEanna agus fiontraithe ar na tacaíochtaí gnó atá ar fáil a ardú; agus cumas airgeadais SMEanna a fheabhsú.

Forbairt Réigiúnach

Baineann ríthábhacht le réigiúin a thacaíonn le fiontair thréana agus dhinimiciúla maidir le toradh na hÉireann i dtaobh fás foriomlán geilleagrach agus tosóidh IDA Éireann le háiseanna nua ard-déantúsaíochta agus spás oifige a thógáil i láithreacha réigiúnacha chun deiseanna úra a chruthú don FDI.

Earnálacha

Leagann an Plean Gníomhaíochta béim láidir ar líon earnálacha a dhéanann trádáil ar bhonn intíre, lena n-áirítear Tógáil agus Maoin, Miondíol agus Fiontar Sóisialta sa chás go bhfuil cumas ann le haghaidh cruthú suntasach post leis na bearta cearta tacaíochta. Anuas air sin, cuireann an mhír seo le hearnálacha ar a raibh fás ag teacht le roinnt blianta anuas, ar nós Agraibhia, Turasóireachta, Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais, Seirbhísí Eitlíochta agus an Gheilleagair Ghlais.

Bliain Dearaidh na hÉireann 2015

Is é cuspóir foriomlán na bliana chun deiseanna fostaíochta a choimeád agus a chruthú, mar aon le díolacháin agus cumas easpórtála le haghaidh earnáil dearaidh na hÉireann, trí infheistíocht a mhealladh i ndearadh mar phríomhghné den iomaíocht agus den nuálaíocht agus trí shárthaispeántas a dhéanamh de dhearadh na hÉireann go náisiúnta agus i gcaipitil dearaidh idirnáisiúnta le linn 2015. Tionólfaidh an Chomhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta Bliain Dearaidh na hÉireann thar ceann na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus soláthróidh Fiontraíocht Éireann brat-tionscnamh chun tús a chur leis an gcomhoibriú idir cleachtóirí dearaidh, eagraíochtaí dearaidh, agus na ranna rialtais, agus a ngníomhaireachtaí, a bhfuil suim i ndearadh acu. Is é an cuspóir atá acu ná chun gach cuid den gheilleagar dearaidh a nascadh – idir sholáthróirí tacaíochta oideachais agus fiontair agus an earnáil phríobháideach – mar iarracht chomhbheartaithe chun deiseanna easpórtála a chur chun cinn le haghaidh gnólachtaí dearaidh.

Dar le measúnacht faoinar thug Indecon thar ceann an DCCoI, cuireann ceardaíocht agus dearadh go mór leis an ngnó, cruthú post agus le cumas easpórtála. Measann an mheasúnacht go bhfuil láimhdeachas iomlán nach mór €500 milliún ag an earnáil cheardaíochta, lena n-áirítear easpórtálacha ar fiú €125 milliún iad, agus tá siad freagrach as breis agus 5,700 post. Anuas air sin, bhí sé ina chonclúid ag an measúnacht go raibh an cumas ag an earnáil chun dul faoi fhás mór thar an meántéarma, agus chun leibhéal fostaíochta 7,500 duine a bhaint amach mar aon le haschur féideartha €700 milliún, lena n-áirítear easpórtálacha €175 milliún.

Táscairí Tionchair an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post

Ag oibriú leis an OECD, beidh táscairí tionchair á bhforbairt againn chun forbairt agus cur i bhfeidhm beartas post a mhionchoigeartú tríd an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post. I measc na bpríomhlimistéar ar a ndíreofar in 2014, tá:

• Na naisc a dheimhniú, nuair is féidir, idir gníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta agus baint amach meántionchar i limistéir ar nós na Fiontraíochta, Nuálaíochta, Idirnáisiúnú, Feabhsú Scileanna agus Rochtain ar Airgeadas;

• Na naisc eatarthu seo agus an meántionchar seo agus cuspóirí uileghabhálacha beartais lena mbaineann fostaíocht a mhéadú agus dífhostaíocht a laghdú agus iomaíocht agus táirgiúlacht a mhéadú i gcomhthráth i ngeilleagar na hÉireann.

Bunaíodh NewERA agus Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann i rith 2014

Meastar go gcuirfidh an dá thionscnamh seo go mór le geilleagar na hÉireann sna blianta atá amach romhainn. In 2011, bunaíodh NewERA ar bhonn riaracháin chun tacú le clár infheistíochta tráchtála i mbonneagar ríthábhachtach geilleagrach. Bunófar NewERA ar bhonn reachtúil in 2014. Leanfaidh siad bheith lárnach le pleananna post an Rialtais trí dheiseanna a shainaithint agus comhairle a thabhairt orthu le haghaidh an chláir infheistíochta tráchtála i mbonneagar ríthábhachtach geilleagrach. Anuas air sin, beidh ról acu chun comhairle neamhspleách a sholáthar ar gach gné den ghnólacht, oibríochtaí agus rialachas na leathstát tráchtála faoin sainchúram. Meastar go bhfuil luach thart ar €6.9 billiún ar phunann lánroghnach an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (NPRF) amhail an 31 Nollaig 2013. In 2014, bunófar an ISIF le sainchúram infheistíochta tráchtála a bheidh dírithe ar Éirinn, a úsáidfidh acmhainní an NPRF. Agus sinn ag súil le hiompú an NPRF isteach i gCiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, bhí an NPRF ag oibriú chun píblíne d’infheistíochtaí féideartha a fhorbairt. Tugadh roinnt díobh seo chun críche agus mar thoradh air sin, tá €1.3 billiún arna infheistiú nó arna ghealladh anois ag an NPRF do limistéir lena mbaineann tábhacht straitéiseach do gheilleagar na hÉireann, lena n-áirítear bonneagar, caipitil fiontair agus maoiniú fadtéarmach le haghaidh SMEanna.

Soláthar SMEanna

Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo, mar shampla, inar chláraigh 17,000 SME breise ar láithreán gréasáin Ríomhthairiscintí an Rialtais le linn 2013, tabharfar breis beart isteach chun é a dhéanamh níos fusa do SMEanna conarthaí an Rialtais a bhuachan i rith 2014. Déanfaimid athbhreithniú agus nuashonrú, go háirithe, ar Threoirlínte agus Nósanna Imeachta Soláthair an Rialtais chun dul i ngleic le haon bhacainn roimh SMEanna chun bheith chomh rannpháirteach agus is féidir sa phróiseas soláthair phoiblí.

Scéim poist oidhreachta tógtha €5 milliún

Scéim nua Giarála Poist Oidhreachta Tógtha €5 milliún chun infheistíocht caipitil phríobháidigh a spreagadh trí chistí poiblí a mheaitseáil i líon mór tionscadail bheagscála dlúthshaothair chun struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú, agus tacú le fostaíocht gairmithe, oibrithe ceirde agus ceardaithe oilte agus taithíocha. Nascfar an tionscnamh seo le spriocscéim oiliúna i scileanna tógála traidisiúnta.