Nuacht & Imeachtaí

Suíomh Gréasáin nua maidir le Freagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC), áit a bhfuil cleachtais ghnó fhreagracha á spreagadh

An tAire Bruton – Is féidir le FSC iomaíochas a fheabhsú agus tacú leis an bpobal mór

Rinne Richard Bruton TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta suíomh Gréasáin nua, www.csrhub.ie, a sheoladh inniu, áit a soláthraítear comhairle agus tacaíocht do ghnóthais agus d’eagraíochtaí eile a bhfuil spéis acu i dtuilleadh faisnéise a fháil faoi Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus i gcleachtais ghnó atá freagrach agus inbhuanaithe a chur chun feidhme.

Tá an suíomh Gréasáin ina thionscnamh de chuid an Fhóraim Gheallsealbhóirí um FSC, rud a chuir an tAire Bruton ar bun anuraidh chun cabhrú le “Good for Business, Good for the Community” (“Chun Tairbhe an Ghnó, Chun Tairbhe an Phobail”), an Plean Náisiúnta um FSC ón Rialtas, a chur ar aghaidh. I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an seoladh, bhí Brendan Jennings, an Cathaoirleach ar an bhFóram Geallsealbhóirí um FSC agus Comhpháirtí Bainistíochta le Deloitte, agus ionadaithe eile ón bhFóram.

Ag labhairt dó ag seoladh an tsuímh Ghréasáin www.csrhub.ie, dúirt an tAire Bruton:

“Tá athrú suntasach tagtha ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach le deich mbliana anuas agus is gné ríthábhachtach den chlár oibre um iomaíochas í anois. Tréith idirdhealaitheach atá ag cuideachtaí rathúla in Éirinn agus in áiteanna eile is ea an dóigh a n-oibríonn siad lena gcuid custaiméirí, lena gcuid soláthraithe, lena gcuid oibrithe, lena dtimpeallacht fhisiciúil agus lena bpobal áitiúil.

“Agus roghanna á ndéanamh acu, tá eolas níos fearr ag tomhaltóirí agus ag fostaithe ionchasacha anois ná mar a bhí riamh ar chuntas cuideachtaí, ar an gcáil atá orthu agus ar a iontaofa atá siad. I gcás cuideachtaí atá ag iarraidh custaiméirí a choinneáil nó oibrithe tábhachtacha a mhealladh, ní seirbhís bhreise roghnach atá in FSC a thuilleadh. Is cuid riachtanach dá n-oibríochtaí príomhshrutha í. Mholfainn do gach duine súil a chaitheamh ar www.csrhub.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Brendan Jennings agus leis na baill den Fhóram Geallsealbhóirí um FSC as an tiomantas atá acu do bhéim a leagan ar an ról tábhachtach is féidir le FSC a imirt maidir le tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí agus do na pobail ina n-oibríonn siad.

“Aschur tábhachtach ón bhFóram is ea seoladh an Mol FSC. Cabhróidh sé le feasacht a mhéadú ar FSC agus beidh sé ina acmhainn chun cuidiú le cuideachtaí, idir mhór agus bheag, ar mian leo tuilleadh faisnéise a fháil faoi bheartais agus faoi chleachtais FSC.”

Dúirt Brendan Jennings, Cathaoirleach ón bhFóram Geallsealbhóirí um FSC:

“Ceann de na príomhchuspóirí atá sa Phlean Náisiúnta um FSC is ea feasacht a mhéadú ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus ar na tairbhí a ghabhann léi don ghnó agus don tsochaí mhór. D’fhonn cabhrú leis an sprioc sin a bhaint amach, chuir an Fóram Geallsealbhóirí um FSC suíomh Gréasáin an Mhoil FSC ar bun.  Is uirlis chumarsáide é ar a mínítear na tairbhí a ghabhann le glacadh le FSC agus ar a soláthraítear faisnéis faoi na príomhacmhainní FSC atá ar fáil in Éirinn agus ar leibhéal idirnáisiúnta. Beidh an Mol FSC ina ábhar spéise do chuideachtaí, idir chinn mhóra agus chinn bheaga, a bhfuil spéis acu i gcleachtais FSC a thabhairt isteach nó a chur chun feidhme.

“Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide freagrach as an sciar is mó de bhonn fiontair na hÉireann agus tá cleachtais FSC á gcur chun feidhme go gníomhach ag cuid mhór díobh, agus difríocht á déanamh acu dá bpobal áitiúil ag an am céanna. Tá súil agam go mbeidh an Mol FSC ina thacaíocht úsáideach dóibh agus do dhaoine eile ar mian leo tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghlacadh le FSC.”

 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise:

Marie McMahon, An Phreas-Oifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Teileafón: 087 1255572 nó press.office@djei.ie

 

NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ

Cad is FSC ann?

Is é atá i gceist le Freagracht Shóisialta Chorparáideach ná coincheap trína ndéanann fiontair cúrsaí sóisialta agus comhshaoil a chomhtháthú ina n-oibríochtaí gnó príomhshrutha ar bhonn deonach. Téann FSC níos faide ná ceanglais reachtacha a chomhlíonadh. Is próiseas í trína n-uasmhéadaítear luach comhroinnte trí chomhoibriú leis na geallsealbhóirí uile agus trína gcinntítear go dtacaíonn leasanna na bhfiontar agus leasanna na sochaí móire lena chéile.

An Plean Náisiúnta um FSC

Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta do Phoist ón Rialtas, d’fhoilsigh an Rialtas an chéad Phlean Náisiúnta um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach dá chuid – Good for Business, Good for the Community (Chun Tairbhe an Ghnó, Chun Tairbhe an Phobail) – i mí Aibreáin 2014. Cuimsítear an tréimhse 2014-2016 sa Phlean.

Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta an creat ginearálta trína n-oibríonn FSC in Éirinn. Tugtar breac-chuntas ann freisin ar na príomhphrionsabail agus ar na príomhchuspóirí taobh thiar den chur chuige a ghlacann an Rialtas i leith FSC. Tá an Plean bunaithe ar chúig Cholún: Áit Oibre, Timpeallacht, Áit Mhargaidh, Pobal agus an Earnáil Phoiblí. Mínítear sa Phlean Náisiúnta conas is féidir le FSC cur go dearfach le gnó cuideachta agus tarraingítear aird ann ar na tacaí praiticiúla atá ar fáil d’eagraíochtaí ar mian leo dul i mbun an réimse sin nó feabhas a chur air. Ní hé amháin go n-aithnítear sa Phlean a thábhachtaí atá FSC d’fhiontar, ach aithnítear ann freisin a thábhachtaí atá sí do na pobail mhóra ina n-oibríonn siad.

Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí atá leagtha amach sa Phlean:

  • Feasacht a mhéadú ar FSC agus ar an luach a ghabhann léi do ghnóthais agus don tsochaí ina hiomláine.
  • Fiontair a spreagadh beartais agus nósanna imeachta FSC a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus iad a phríomhshruthú ina gcroí-oibríochtaí gnó.
  • Tuilleadh fiontair bheaga agus mheánmhéide a spreagadh acmhainn FSC a fhorbairt.
  • Trédhearcacht agus tuairisciú ó thaobh gníomhaíocht FSC de a mhéadú i measc fiontar atá ag oibriú in Éirinn.
  • Prionsabail FSC a dhaingniú i gcomhlachtaí poiblí de réir mar a bhaineann siad lena n-oibríochtaí féin.

 

Sa Phlean Náisiúnta um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach, tacaítear leis an gcuspóir atá ag an Rialtas an tír bheag is fearr chun gnó a dhéanamh inti a dhéanamh d’Éirinn trí chleachtais ghnó atá freagrach agus inbhuanaithe a spreagadh.

Tá Good for Business, Good for the Community (Chun Tairbhe an Ghnó, Chun Tairbhe an Phobail), Plean Náisiúnta na hÉireann um Fhreagracht Chorparáideach Shóisialta, ar fáil ag: http://enterprise.gov.ie/en/Publications/Good-for-Business-Good-for-the-Community.pdf.

 

An Fóram Geallsealbhóirí um FSC

Bunsprioc inghnóthaithe sa Phlean Náisiúnta um FSC a bhí i bhFóram Geallsealbhóirí um FSC a chur ar bun. Is é ról an Fhóraim cuspóirí an Phlean Náisiúnta a bhrú chun cinn, eolas a thabhairt don chreat beartais um FSC in Éirinn a fhorbairt tuilleadh, agus a chinntiú go mbíonn an Plean ábhartha don dea-chleachtas agus don smaointeoireacht idirnáisiúnta a bhíonn ag athrú i gcónaí.

Cuimsíonn an Fóram ionadaithe sinsearacha ón earnáil ghnó, ó phríomh-Ranna Rialtais agus ó phríomhghníomhaireachtaí Rialtais agus ón bpobal mór. Tá an Fóram faoi chathaoirleacht ag an Uas. Brendan Jennings, Comhpháirtí Bainistíochta, Deloitte. Faigheann sé tacaíocht rúnaíochta ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Is baill dheonacha iad na baill den Fhóram.

 

Suíomh Gréasáin an Mhoil FSC

Ceann de na príomhaschuir ón bhFóram Geallsealbhóirí um FSC is ea forbairt shuíomh Gréasáin an Mhoil FSC, www.csrhub.ie.

Déanfaidh seoladh an tsuímh Ghréasáin rannchuidiú suntasach maidir le roinnt cuspóirí atá sa Phlean Náisiúnta um FSC a chur ar aghaidh, go háirithe feasacht a mhéadú ar FSC agus spreagadh a thabhairt d’fhiontair – fiontair bheaga agus mheánmhéide ina measc – beartais agus nósanna imeachta FSC a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Beidh sé ina stór lárnach faisnéise faoi FSC, áit a dtabharfar an creat beartais náisiúnta agus creat beartais an AE um FSC le chéile agus a soláthrófar faisnéis faoi na príomhacmhainní FSC uile atá ar fáil in Éirinn agus ar leibhéal idirnáisiúnta.

Ní hé amháin go soláthrófar creataí beartais, uirlisí treorach agus acmhainní FSC, tarraingeofar aird ar chás-staidéir ar an dea-chleachtas FSC ar an suíomh freisin.