Nuacht & Imeachtaí

Dhá mhilliún duine fostaithe sa Stát anois – Mary Mitchell O’Connor

An dífhostaíocht tite i ngach réigiún sa tír

Chuir an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh na figiúirí is déanaí ón Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlach de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil dhá mhilliún duine fostaithe sa Stát anois den chéad uair ó Ráithe 4 2008.  Thit an dífhostaíocht i ngach réigiún sa tír le bliain anuas. Tá 176,000 duine sa bhreis ag obair anois le hais mar a bhí sa bhliain 2012 nuair a seoladh an chéad Phlean Gníomhaíochta do Phoist.

Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh freisin go bhfuil fás láidir leanúnach ar an bhfostaíocht i ngach réigiún sa tír.

Tá fás tagtha ar an bhfostaíocht in 12 earnáil den gheilleagar as 14 cinn agus is sa tógáil, sa déantúsaíocht agus i seirbhísí lóistín agus bia a bhí an méadú ba mhó.

Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire Mary Mitchell O’Connor:

“Is údar mór misnigh na figiúirí seo a tháinig ón bPríomh-Oifig Staidrimh inniu agus léiríonn siad arís go bhfuil méadú seasta ag teacht ar líon na ndaoine atá fostaithe i bpost lánaimseartha. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil fás ag teacht ar an bhfostaíocht i ngach réigiún sa tír.  Cuirfidh sé borradh faoin Stát freisin go bhfuil dhá mhilliún duine ag obair anois ó tharla go dteastaíonn geilleagar láidir, atá ag tacú le daoine ó thaobh na hoibre de, chun íoc as na seirbhísí atá riachtanach chun sochaí chóir a chruthú.  

Fúmsa atá sé, mar Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, a chinntiú go leanfaidh an fás seo ar líon na bpost ar aghaidh agus tá mé daingean diongbháilte go gcoinneoimid orainn ag cruthú na ndálaí cearta le go dtiocfaidh fás ar an bhfostaíocht i ngach contae in Éirinn.”

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

An Phreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 01-6312200 nó ríomhphost press.office@djei.ie