Nuacht & Imeachtaí

Fógraíonn an Tánaiste Méadú 30 Cent ar an bPá Íosta Náisiúnta aníos go dtí €10.50

Beidh éifeacht ag an méadú ón 1 Eanáir 2022

Fuair an Tánaiste agus tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD, cead ón Rialtas inniu (Dé Máirt, an 12 Deireadh Fómhair) chun glacadh leis an moladh ón gCoimisiún um Pá Íseal chun an Pá Íosta Náisiúnta a mhéadú aníos go dtí €10.50 san uair ón 1 Eanáir 2022.

Is ionann seo agus méadú 30 cent, nó beagán faoi bhun 3%, ar an bPá Íosta Náisiúnta €10.20 san uair agus gheobhaidh líon measta 135,000 duine breisiú ina bpá dá bharr.

Nuair a bhí an méadú á fhógairt inniu, dúirt an Tánaiste:

“Chomhaontaigh an Rialtas inniu chun glacadh leis an moladh a rinne an Coimisiún um Pá Íseal chun an Pá Íosta Náisiúnta a mhéadú aníos go dtí €10.50 ón 1 Eanáir an bhliain seo chugainn.  Meastar go n-íocfar an méadú seo le líon measta 135,000 duine agus gheobhaidh go leor daoine eile a bhfuil leibhéil phá beagán níos airde acu méadú freisin dá bharr.   Tá súil agam go ndéanfaidh é seo, anuas ar na bearta eile atá á bhfógairt againn mar chuid den Bhuiséad, iarracht leis na hoibrithe a n-íoctar an pá is ísle leo a chosaint ón gcostas maireachtála atá ag dul i méid.

“Mhéadaigh an Pá Íosta Náisiúnta ó 2015 aníos ó €8.65 san uair go dtí an ráta reatha €10.20 san uair, nó breis agus 17%, atá i bhfad níos mó ná an boilsciú i rith na tréimhse sin.  Cuirim mo bhuíochas in iúl do gach ball den Choimisiún um Pá Íseal as an obair go léir a rinne siad i mbliana, chun an moladh seo a chur le chéile don Rialtas.  Tá obair ar bun go leanúnach freisin chun Pá Maireachtála d’Éirinn a fhorbairt agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta togra a chur faoi bhráid an Rialtais ina thaobh sin sa chéad leath den athbhliain.”

Mar gheall ar an méadú seo, gheobhaidh iad siúd atá ag oibriú faoi dhálaí áirithe, faoi aois 18, 19 agus 20 bliain d’aois, méadú comhfhreagrach ar a bpá, mar gheall go bhfuil siad i dteideal céatadán den ráta iomlán pá íosta a fháil.

An Pá Íosta Náisiúnta – beidh éifeacht leis na rátaí ón 1 Eanáir 2022

 

Ráta Íosta Pá san uair €

% den Phá Íosta Náisiúnta

Pá Íosta Náisiúnta (20 bliain d’aois agus níos sine)

€10.50

100%

Aois 19 mbliana

€9.45

90%

Aois 18 mbliana

€8.40

80%

Faoi 18 mbliana d’aois

€7.35

70%

Foilseofar tuarascáil an Choimisiúin um Pá Íseal maidir leis an bPá Íosta Náisiúnta go luath. Tugtar chun solais sa tuarascáil dhá aimhrialtacht sheanbhunaithe sa chóras ÁSPC ar gá iad a réiteach. Déanann ceann amháin díobh fostóirí a dhíspreagadh ó phá a mhéadú mar gheall ar mhéadú iarmhartach ar ÁSPC Fostóra agus d’fhéadfadh go n-íocfaí pá ní ba lú le hoibrithe de bharr an chinn eile má íoctar méadú pá leo mar gheall go mbeidh a n-ioncam go léir faoi dhliteanas ÁSPC Fostóra a luaithe a sháraíonn siad tairseach áirithe nuair a bhí sé díolmhaithe roimhe seo. 

Cé go leanfaidh an creidmheas ÁSPC a thabhairt isteach agus an méadú bliantúil ar an tairseach ÁSPC le héifeachtaí na n-aimhrialtachtaí seo a mhaolú, táthar ag feitheamh rófhada le réiteach cuimsitheach. Mar chuid de chinneadh an Rialtais, forbróidh na hAirí Airgeadais, Coimirce Sóisialaí agus Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta páipéar roghanna chun na haimhrialtachtaí seo a réiteach, i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tráth nach déanaí ná deireadh Ráithe 2 2022. 

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Mar gheall ar an méadú ar an bpá íosta ainmniúil in Éirinn a mhéadú aníos go dtí €10.50, tabharfar Éire aníos ón tír ina n-íoctar an tríú ráta pá íosta náisiúnta ainmniúil is airde in 21 ballstát an AE ina n-íoctar pá íosta náisiúnta iontu go dtí an tír ina n-íoctar an dara ráta pá íosta náisiúnta ainmniúil is airde. Bhain ráta na hÉireann an 6ú háit amach in 2021, nuair a rinneadh é a choigeartú i leith caighdeáin chumhachta ceannaigh.