Nuacht & Imeachtaí

Buiséad 2022 - Maith do Ghnó agus Maith d'Oibrithe

Tá sé mar aidhm ag Buiséad 2022 cabhrú le gnólachtaí dul i mbun oibre arís agus muid ag athoscailt an gheilleagair agus na sochaí, chun iad a ullmhú don todhchaí agus cabhrú le teaghlaigh agus oibrithe leis an gcostas maireachtála. 

Tagann maoiniú arna leithdháileadh ar an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i mBuiséad 2022 sa bhreis ar na bearta a fógraíodh sa Phlean Náisiúnta um Théarnamh Eacnamaíoch, ina leagann amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas níos mó daoine ná riamh a fháil ag obair i bpoist fhadtéarmacha a sheasfaidh an aimsir.

Buiséad 2022

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar TD agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta: 

“Tá Buiséad 2022 go maith don ghnó agus go maith d’oibrithe. Cinnteoidh sé ár dtéarnamh eacnamaíoch agus cuideoidh sé le gnólachtaí atá fós ag streachailt. Is é síneadh na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) go dtí Aibreán 2022 ar chostas suas le €1.4 billiún an rud is mó a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid. Tá sé á dhéanamh ag am nuair a bhíonn a lán Rialtas ag dúnadh scéimeanna den chineál céanna de ghnáth. Táimid ag déanamh seo mar ba mhaith linn seans a thabhairt do gach gnólacht an ceann is fearr a fháil ar an bpaindéim agus greim a choinneáil ar an oiread dá bhfoireann agus is féidir leo. Teastaíonn uainn poist agus gnólachtaí a chosaint.   

“Is iomaí cor agus dul chun cinn atá feicthe againn le bliain anuas. An tríú ráig thromchúiseach den víreas agus tréimhsí fada dianghlasála - ach freisin clár vacsaínithe a bhfuil ag éirí go han-mhaith leis agus athoscailt iomlán an gheilleagair beagnach.

“Is Buiséad é seo a aithníonn go bhfuil go leor gnólachtaí fós ag streachailt. Ní bheidh éifeachtaí aille le brath ag na daoine sin a dteastaíonn tacaíocht airgeadais uathu ón Stát go fóill. Táimid ag leathnú an EWSS agus tarscaoileadh rátaí spriocdhírithe chun cabhrú leo téarnamh. Táimid ag cinntiú go mbeidh iasachtaí ar chostas íseal le tacaíocht ón rialtas fós ar fáil.   

“Táimid ag féachaint don todhchaí freisin agus ag cabhrú leo siúd atá in ann fás. Cinnteoidh leathnú na Scéime Dreasachta Fostaíochta agus Infheistíochta (EIIS), leathnú ar Fhaoiseamh Cuideachtaí Nua-thionscanta Beaga, an Creidmheas Cánach Cluichíochta Digiteach nua, Ciste Cothromais Nuálaíochta nua €90 milliún chomh maith le hacmhainní méadaithe don IDA agus Fiontraíocht Éireann é seo. Tá athrú aeráide agus teicneolaíochtaí digiteacha ag athrú saol na hoibre agus caithfimid a chinntiú go n-ullmhaítear gnólachtaí na hÉireann.  

“Mar a fógraíodh cheana sa NDP Athbhreithnithe, cuirfimid €20 milliún ar fáil chun cabhrú le fiontar na hÉireann dícharbónú agus dul digiteach agus beidh glao nua ar iarratais ar an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Tá siad seo go léir deartha chun réimsí nua d’fhás geilleagrach a thosú, rud a sholáthróidh poist fhadtéarmacha, a sheasfaidh an aimsir." 

Buiséad 2022 – Buntáistí do Ghnólachtaí

  • Leathnú na Scéime Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) go dtí Aibreán 2022 chun cabhrú le gnólachtaí a bhfuil deacrachtaí acu foireann a choinneáil
  • Tarscaoileadh rátaí tráchtála spriocdhírithe i Ráithe 4 2021, do ghnólachtaí nach bhfuil oscailte go hiomlán fós
  • Leathnú ar an Scéim Dreasachta Fostaíochta agus Infheistíochta (EIIS) chun maoiniú luathchéime a mhealladh isteach i ngnólachtaí nua agus nuálacha
  • Ciste Cothromais Nuálaíochta nua €90 milliún, a infheisteoidh i gcuideachtaí luathchéime a bhfuil sé de chumas acu fás agus méadú
  • Maoiniú breise don Scéim Ráthaíochta Creidmheasa Covid, ag soláthar iasachtaí ar chostas íseal do ghnólachtaí a raibh tionchar diúltach ag Covid orthu
  • €20 milliún breise chun cabhrú le fiontair na hÉireann dícharbónú agus dul go digiteach
  • Leathnú ar fhaoiseamh cánach corparáide do chuideachtaí beaga nuathionscanta go 2026, le fuinneog cháilíochta 5 bliana
  • Creidmheas cánach nua don tionscal cluichíochta digiteach, go dtí suas le 32% den chaiteachas incháilithe chun cabhrú le hÉirinn sciar níos mó den tionscal domhanda $300 billiún a bhaint amach
  • Leathnófar an Faoiseamh Micreaghrúdlanna i mBille Airgeadais na bliana seo chugainn chuig táirgeoirí deochanna coipthe ar nós leann úll agus piorraí, rud a chabhróidh le grúdairí ar fud na tíre.
  • Maoiniú le haghaidh glao nua ar an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha agus ar an gCiste Réigiúnach Forbartha Fiontar.

Dúirt an Tánaiste:

“Theastaigh uainn sa Bhuiséad seo freisin cuidiú le daoine leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid. Cinnteoidh méadú na gcreidmheasanna cánach agus leathnú na mbandaí cánach gur féidir le hoibrithe níos mó den airgead a thuilleann siad agus an chuid is mó d'aon ardú pá nó incrimint a d’fhéadfadh siad a fháil in 2022 a choinneáil. Táimid ag méadú an íosphá go €10.50 san uair ón 1 Eanáir freisin, sin méadú 30 cent ar an mbliain seo. Creidim go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach, mar caithfimid a chinntiú go gcosnaítear oibrithe ar phá íseal ó bhoilsciú. Feicfidh tú go bhfuil an Rialtas ag déanamh sin ar go leor bealaí sa bhuiséad seo."  

Ag cabhrú le hoibrithe leis an gcostas maireachtála

  • Méadú ar an íosphá ó €10.20 go €10.50 san uair
  • Pacáiste Cánach Ioncaim a mhéadóidh creidmheasanna cánach pearsanta, ÍMAT agus ioncaim tuillte chomh maith le leathnú an bhanda cánach gnáthráta
  • Leathnú bandaí USC, rud a chiallaíonn go bhfanfaidh gach oibrí lánaimseartha ar an íosphá lasmuigh den ráta 4.5% USC
  • Faoiseamh cánach as cianobair, rud a ligeann do dhaoine suas le 30% dá mbillí leictreachais, teasa agus leathanbhanda a éileamh ar ais.

Poist a sheasfaidh an aimsir

  • Ciste Cothromais Nuálaíochta nua €90 milliún, a infheisteoidh i gcuideachtaí luathchéime a bhfuil sé de chumas acu fás agus forbairt
  • €10 milliún don Chiste um Aistriú Aeráide, chun cabhrú le gnólachtaí dícharbónú agus ullmhú don todhchaí  
  • € 10 milliún chuig an gCiste um Aistriú Digiteach, chun cabhrú le gach gnólacht, go háirithe FBManna bogadh ar líne agus digitiú, lena n-áirítear úsáid AI agus anailísíocht sonraí
  • €5 milliún breise leis an Scéim den Chiste Claochlaithe Bia chun cabhrú le gnólachtaí agraibhia dul in oiriúint do thionchar an Bhreatimeachta
  • €5 milliún breise leis an gCiste Forbartha Fiontar Réigiúnach, a mhaoineoidh glao eile faoin scéim chun cabhrú le fiontair ar fud na tíre freagairt do dhúshláin atá sonrach do réigiúin. Beidh €37 milliún san iomlán ag Fiontraíocht Éireann chun tacú leis na Cistí Forbartha Fiontair Réigiúnacha agus Teorann in 2022
  • €2 mhilliún breise d’Oifigí Fostaíochta Áitiúla (LEOnna) chun níos mó oiliúna a sholáthar do FBManna chun aeráid agus digiteach a oiriúnú agus gníomhú ina leith
  • €3 mhilliún breise do Chlár Gníomhaireachta Spáis na hEorpa, chun a chinntiú gur féidir le cuideachtaí Éireannacha dul san iomaíocht agus conarthaí a bhaint amach, tionscal an Spáis a fhorbairt agus poist a chruthú anseo
  • €35 milliún breise don Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha, a cheadóidh glao eile in 2022 
  • Déanann infheistíocht €7 milliún san Institiúid Náisiúnta um Thaighde agus Oiliúint Bithphróiseála (NIBRT) a cumas taighde agus oiliúna a mhéadú i réimsí mar theiripe cealla agus géintheiripe mar a shamhlaítear sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe
  • €3 mhilliún chun Moil Nuálaíochta Eorpacha a bhunú in 2022, rud a thabharfaidh an deis do chuideachtaí Éireannacha an cleachtas is fearr a ghlacadh maidir le cibearshlándáil, intleacht shaorga agus ríomhaireacht
  • €3.9 milliún eile do chláir eile faoi Chláir Nuálaíochta Fiontraíocht Éireann, lena n-áirítear glao ar threalamh caipitil agus an Clár Aistriú Teicneolaíochta.

FDI agus Poist a mhealladh go hÉirinn

  • €10 milliún do Chlár Maoine Réigiúnach an IDA, a ullmhaíonn saoráidí úrscothacha ar fud na tíre chun infheisteoirí a mhealladh chun poist a bhunú agus a chruthú. Tá sé mar aidhm ag an IDA níos mó maoine réigiúnacha a sholáthar d’infheisteoirí in 2022 ná in aon bhliain roimhe seo
  • Airgead breise €5.5 milliún le haghaidh deontas spriocdhírithe chun FDI a mhealladh chuig gach contae in Éirinn
  • €4 mhilliún d’Ardionad Déantúsaíochta i Luimneach, a sholáthróidh saoráid úrscothach do chuideachtaí dúchasacha agus ilnáisiúnta araon chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt
  • €1.5 milliún don IDA chun Éire a chur chun cinn thar lear mar shuíomh tarraingteach le haghaidh infheistíochta. 

Cumas méadaithe

  • € 1.2 milliún do Intertrade Ireland chun freagairt do chastacht mhéadaithe na trádála trasteorann tar éis an Bhreatimeachta, ar méadú 15% é ar a chroíleithdháileadh caipitil. Cuirfear maoiniú ar fáil freisin do sheirbhís nua a fheabhsóidh saincheisteanna sa slabhra soláthair do ghnólachtaí atá ag feidhmiú ar an dá thaobh den teorainn
  • Maoiniú € 1 milliún don Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta chun tacú lena gcuid oibre i dtionscal dúchasach thar a bheith luachmhar in Éirinn
  • €500,000 don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre chun níos mó cigirí a earcú
  • €1.74 milliún don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta le haghaidh costais bhreise foirne agus chun a gcumas TFC a uasghrádú chun seirbhísí cigireachta a shruthlíniú
  • €1.58 milliún don Údarás um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun a shainordú leathnaithe a léiriú, ag ligean dóibh níos mó foirne a fhostú. 

Freagairt do Covid

  • €17 milliún breise lena chinntiú go gcoinnítear tacaíochtaí a bhaineann le Covid ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu sa bhreis ar mhaoiniú tugtha anonn, rud a chiallaíonn go mbeidh €100 milliún ar fáil le haghaidh bearta scoite Covid i 2022
  • San áireamh tá €2 mhilliún chun leanúint le Scéim Táirgí Covid chun tástáil agus meartháirgeadh táirgí a mhaoiniú a chabhróidh sa troid i gcoinne Covid-19. Tá €15 milliún le haghaidh dliteanas teagmhasach faoin Scéim Ráthaíochta Creidmheasa Covid.

Maoiniú chun fáil réidh le coireacht an bhóna bháin

  • €1.69 milliún don Údarás nua um Fhorfheidhmiú Corparáideach, lena chinntiú go bhfuil an maoiniú aige a theastaíonn uaidh chun coireacht an bhóna bháin a laghdú.

Dúirt an tAire Stáit don Ghnó, Fostaíochta agus Miondíol, Damien English TD:

“In Éirinn, is iad ár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide áitiúla croílár ár ngeilleagair. Tá siad ríthábhachtach chun fostaíocht agus gníomhaíocht eacnamaíoch a thiomáint chomh maith le bheith leabaithe inár bpobail uile. Aithníonn Buiséad 2022 go bhfuil earnáil láidir, athléimneach FBManna ríthábhachtach chun an geilleagar a atógáil tar éis COVID-19. Beidh sé ríthábhachtach chun cabhrú le FBManna aistriú chuig an ngeilleagar glas agus digiteach.   

“Leithdháileadh maoiniú breise ar Fiontraíocht Éireann agus ar ár nOifigí Fiontair Áitiúla chun ligean dóibh oibriú le gnólachtaí dúchasacha Éireannacha ar an tábhacht a bhaineann le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide; chun digitiú FBManna a luathú; agus a chinntiú go leathnaíonn téarnamh agus fás na hearnála FBManna go dtí gach cuid den tír.

“I bhfianaise thábhacht na hearnála miondíola agus na buntáistí a bhaineann le trádáil ar líne do mhiondíoltóirí tá áthas orm go mbeidh babhta nua den Scéim Miondíola Ar Líne rathúil á thabhairt isteach againn an bhliain seo chugainn. Ina theannta sin, chuir mo Roinn tús le hathbhreithniú mór ar an Earnáil Mhiondíola le déanaí agus táthar ag súil go mbeidh sé seo críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo."

Dúirt an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD:

“Cinntíonn Buiséad 2022 go bhfuil cúnamh leanúnach ann do na gnólachtaí agus na hearnálacha sin a bhfuil gá acu leis agus leagann sé rian ár n-uaillmhian tacú le fiontair Éireannacha an tírdhreach athraithe a nascleanúint agus na deiseanna a thairgeann sé a thapú.

“Trí dhíriú ar ár dtéarnamh iar-phaindéimeach agus glacadh leis na deiseanna nuálaíochta, beimid in ann an geilleagar a atógáil go mbeidh sé níos láidre agus níos athléimní. Beidh claochlú digiteach lárnach ina leith seo, agus tá áthas orm é seo a fheiceáo; sa Bhuiséad seo lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Digiteach €10 milliún chun tacú le FBManna na hÉireann ar a dturas digiteach agus a gclaochlú. Ina theannta sin, beidh ról ríthábhachtach ag an leithdháileadh €3 mhilliún chun roinnt moil um Nuálaíocht Dhigiteach Eorpach a bhunú chun digitiú FBManna na hÉireann a éascú ar fud earnálacha agus réigiún.

“Ina theannta sin, chun tacú lenár dtéarnamh iar-phaindéimeach, tá sé níos tábhachtaí ná riamh ár seasamh mar cheann scríbe tarraingteach do FDI a chothabháil. Chomh maith leis na leithdháiltí eile ar an IDA chun ár dtairiscint réigiúnach a fheabhsú agus FDI a mhealladh chuig gach contae in Éirinn, tá €6.4 milliún sa Bhuiséad seo chun Éire a dhíol mar shuíomh tarraingteach le haghaidh infheistíochta. Léiríonn an Buiséad seo tiomantas leanúnach an Rialtais tacú le gnólachtaí trí dhúshláin na bliana go leith seo caite agus tá sé ag tnúth freisin leis na deiseanna a chuirfidh ar ár gcumas bogadh ar aghaidh chuig téarnamh eacnamaíoch."

Ar an iomlán, tá méadú €103 milliún nó 13.2% tagtha ar chroíbhuiséad na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar Bhuiséad 2021. Seo an croíleithdháileadh is airde don Roinn agus neartóidh sé go mór cumas na Roinne, ag obair lena hOifigí agus a Gníomhaireachtaí, cabhrú le ghólachtaí atógáil agus fás i ndiaidh na paindéime.