Nuacht & Imeachtaí

Babhta nua den Scéim Fionraíochta Taraifí agus den Scéim Taraifchuótaí fógartha ag an Aire Humphreys

D’fhógair an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta inniu (1 Iúil 2019) babhta nua den scéim fionraíochta taraifí agus den scéim taraifchuótaí, agus tá glaoch á chur amach ar iarratais ó dhéantúsóirí in earnáil na gceimiceán, san earnáil mhicrileictreonaice agus in earnálacha eile gaolmhara. 

Leis an scéim fionraíochta taraifí, is féidir le cuideachtaí sna hearnálacha thuasluaite amhábhar, comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha a iompórtáil ón taobh amuigh den Aontas Eorpach saor ó dhleachtanna taraife munar féidir teacht ar an rud taobh istigh den AE. 

Tá an Scéim Taraifchuótaí ceaptha le dul i ngleic le heasnamh infhaighteachta na n-ábhar a theastaíonn taobh istigh den AE. Is féidir cur isteach ar an scéim sin ar an dóigh chéanna leis an Scéim Fionraíochta Taraifí. 

Léirigh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, a sástacht go bhfuil glaoch úr ar iarratais á dhéanam. Ar sí: “Is bealaí an-éifeachtacha iad an Scéim Fionraíochta Taraifí agus an Scéim Taraifchuótaí ag déantúsóirí le cur lena n-acmhainn iomaíochta tríd an gcostas a bhaineann le haimsiú agus fáil comhpháirteanna nach bhfuil ar fáil san AE a laghdú. Mholfainn do dhéantúsóirí in Éirinn leas a bhaint as na scéimeanna seo más gá.” 

Ní mór iarratais a chur trí ríomhphost chuig tariffschemes@dbei.gov.ie agus sa phost chuig seoladh na Roinne thíos. Tugtar ar aird nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais a gheofar go mall nó nach bhfuil comhlánaithe ina n-iomláine. 

Beidh feidhm le fionraíocht na ndleachtanna a bhaineann leis na hiarratais rathúla 12 mhí i ndiaidh do na hiarratais a bheith déanta. 

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Fionraíochta Taraifí agus faoin Scéim Tharaifchuótaí anseo: Tariff Suspension/Quota Scheme New Round

 

Cuirtear ceisteanna agus iarratais chuig:

Finbarr Kiely,

An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta,

Sráid Chill Dara,

Baile Átha Cliath 2

D02 TD30

Guthán: (01) 6312472/ Ríomhphost: tariffschemes@dbei.gov.ie

 

CRÍOCH

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le cur i bhfeidhm bheartais an Rialtais i dtaca le hacmhainneacht táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le cruthú agus cothabháil post. Tá sé mar dhualgas ar an Roinn freisin iomaíocht chothrom a chur chun cinn sa mhargadh, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chumhdach.

 

Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le press.office@dbei.gov.ie nó scairt a chur ar (01) 6312200

Munar mhaith leat ríomhphoist a fháil ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta amach anseo, cuir sin in iúl dúinn trí ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie