Nuacht & Imeachtaí

Méadú faoi dheich ar an eangach shábháilteachta um tharrtháil agus athstruchtúrú do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide na hÉireann, go dtí €200m, fógartha ag an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

  • Méadaíonn leasú ar an Scéim um Tharrtháil agus Athstruchtúrú an buiséad faofa Státchabhrach ó €20m go €200m
  • Tá an Scéim roinnte ina dhá cuid: Tacaíocht le haghaidh Athstruchtúrú Sealadach agus Cabhair le haghaidh Tarrthála agus Athstruchtúrú

D'fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Domhnaigh, an 3 Márta 2019) gur ghlac Coimisiún an Aontais Eorpaigh le méadú ar bhuiséad na Scéime um Tharrtháil agus Athstruchtúrú ó €20m go €200m. Tá sé seo ag teacht sna sála ar chomhairliúchán leanúnach idir an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh maidir leis an ngá atá ann le todhchaí na ngnóthas beag agus meánmhéide (GBManna) Éireannach is mó atá i mbaol mar gheall ar an mBreatimeacht a chosaint.

Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Humphreys: “Is eangach shábháilteachta thábhachtach do chuideachtaí í an Scéim um Tharrtháil agus Athstruchtúrú. Is cuid í de shraith tacaíochtaí atá forbartha ag mo Roinn chun cabhair a thabhairt d’fhiontair a bhfuil an Breatimeacht ag dul i bhfeidhm orthu.

“Ach an soláthar a mhéadú ó €20m go €200m, beidh an Rialtas in ann ciste a chur ar bun, má theastaíonn sé, chun idir chabhair tharrthála agus chabhair um athstruchtúrú sealadach a thairiscint do GBManna a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu nó a bhfuil géar-riachtanais leachtachta acu.

“Ar ndóigh, tá súil againn nach mbeidh orainn úsáid a bhaint as an scéim seo go brách ach tá sé ciallmhar an rogha a bheith ann mar chuid dár bplean teagmhais foriomlán le haghaidh an Bhreatimeachta,” arsa an tAire Humphreys.

Is é aidhm na Scéime ná cásanna a sheachaint ina bhfuil deacrachtaí ag GBManna a chruthaíonn luach agus atá inmharthana agus a bhfuil sé ar a gcumas a bheith iomaíoch arís toisc nach bhfuil siad in ann airgead a fháil ó mhargaí creidmheasa. Cuirfear an scéim i ngníomh nuair a bheidh sí ag teastáil, má bhíonn sí ag teastáil.

Dúirt an tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen TD, go mbeidh an ciste tábhachtach do chuideachtaí a mbeidh sí ag teastáil uathu: “Is é a bheidh sa Tacaíocht le haghaidh Athstruchtúrú Sealadach ná iasachtaí a bheidh le haisíoc thar thréimhse 18 mí agus beidh siad ar fáil do GBManna i ngach earnáil den gheilleagar ach amháin earnálacha na cruach, an ghuail agus an airgeadais.”

Tá an tAire Humphreys agus a hoifigigh fós ag plé leis an gCoimisiún Eorpach i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le Státchabhair. An tseachtain seo caite, thug an Coimisiún faomhadh Státchabhrach le haghaidh infheistíocht náisiúnta i gcuideachta Éireannach a tháirgeann cáis, Carbery Food Ingredients, chun €5.75m a chur ar fáil le cabhrú leis an gcuideachta tionscadal éagsúlaithe €65m a mhaoiniú chun tionchair an Bhreatimeachta a mhaolú.

Agus í ag déanamh an fhógra is déanaí seo, mhol an tAire Humphreys do ghnóthaí a bhíonn ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe (RA) clárú le haghaidh uimhir custam le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Gnóthaí a bhfuil sé i gceist acu iompórtáil ón RA nó easpórtáil go dtí an RA tar éis an Bhreatimeachta, beidh uimhir custam de dhíth orthu ar a dtugtar uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíochta (uimhir EORI). Scríobh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim chuig níos mó ná 70,000 gnó le seachtainí beaga anuas le cur in iúl dóibh go bhfuil an riachtanas seo ann.

“As na gnóthaí in Éirinn a bhíonn ag trádáil leis an RA, chláraigh thart ar an gceathrú cuid acu le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim go dtí seo. Ó tharla nach bhfuil ach cúig seachtaine fágtha go dtí an Breatimeacht, tá mé ag moladh go láidir do na trí cheathrú eile de ghnónna clárú le haghaidh uimhir EORI. Ní thógann sé ach cúpla nóiméad chun é sin a dhéanamh ar líne trí sheirbhís ar líne Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, ROS,” arsa an tAire.

CRÍOCH

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.

Mura mian leat ríomhphoist a fháil ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a thuilleadh, is féidir leat é sin a chur in iúl dúinn ach ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie