Nuacht & Imeachtaí

Seolann an Taoiseach agus an tAire Bruton Plean Gníomhaíochta an Iarthair do Phoist, plean atá ina chuid den straitéis €250 milliún um poist réigiúnacha

Dá gcuirfí an Plean chun feidhme go rathúil le haghaidh Chontae Mhaigh Eo, Chontae Ros Comáin agus Chontae na Gaillimhe, chruthófaí 25,000 post sa bhreis sa réigiún - an tAire Bruton

Seolfaidh an Rialtas inniu (an Luan) Plean Gníomhaíochta an Iarthair do Phoist. Is é an aidhm atá leis ná fás fostaíochta 10-15% a bhaint amach sa réigiún sna blianta le teacht.

Tá an Plean ar an gcúigiú ceann de na 8 bplean réigiúnacha post a fhoilseofar sna míonna romhainn mar chuid de straitéis nua €250 milliún um poist réigiúnacha atá á treorú ag Richard Bruton TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

D’fhill fostaíocht san Iarthar ar an bhfás tar éis roinnt blianta deacra tar éis an chliste. Tá méadú 5,000 duine (3%) tagtha ar líon na ndaoine atá i mbun fostaíochta le dhá mhí dhéag anuas. Idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2011, cailleadh 27,400 post (13.3%) sa réigiún. Sa phlean atá á sheoladh inniu, dírítear ar fhás fostaíochta de 10-15% os cionn leibhéil fostaíochta an lae inniu.

Clúdaítear Contae Mhaigh Eo, Contae Ros Comáin agus Contae na Gaillimhe le Plean an Iarthair. Áirítear leis na príomhearnálacha a ndírítear orthu mar chuid den phlean an gnó agraibhia, an turasóireacht, teicneolaíocht an leighis, TFC agus an chógaisíocht. Ar na 194 ghníomh sa phlean atá le baint amach sa tréimhse 2015-2017 tá:

  • Méadú de 25% ar a laghad ar líon na ngnólachtaí nuathionscanta sa réigiún a bhaint amach agus feabhsú de 25% ar ráta marthanais na ngnólachtaí nua a bhaint amach.
  • Poist in earnálacha arna mbrú chun cinn ag easpórtálacha a mhéadú faoi 20% ar fud an réigiúin faoin mbliain 2020.
  • Líon na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag GFT Éireann sa réigiún a mhéadú faoi 30-40% go dtí an bhliain 2019. Beidh sé sin ina chúis le 92 thionscadal bhreise ar a laghad a bheith i réigiún an Iarthair faoin mbliain 2019. Mar chuid den obair sin, tógfaidh GFT Éireann saoráidí ardteicneolaíochta i gCaisleán an Bharraigh (a chuirfear i gcrích sa bhliain 2016) agus i nGaillimh (a chuirfear i gcrích sa bhliain 2017).
  • Íocfaidh na hOifigí Fiontar Áitiúil breis agus €3 milliún amach i gcistiú deontais agus cuirfidh siad tacaíocht mheantóireachta ar fáil do níos mó ná 1,000 gnóthas sa bhliain.
  • 540 post sa bhreis a chruthú i réigiúin Ghaeltachta sna heolaíochtaí beatha, sa mhuirshaothrú agus sa bhia le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
  • Fóram Réigiúnach Scileanna a chur ar bun chun a chinntiú go sreabhfar scileanna tábhachtacha chuig fiontair sa réigiún.
  • Mol nuálaíochta bia agus ionad tiomnaithe nuálaíochta bia a chruthú sa réigiún agus cabhrú le cuideachtaí bia lena mbaineann ardacmhainn scálú.
  • Clár nua lena gcuirfear le rath Shlí an Atlantaigh Fhiáin ach tairiscintí nua turasóireachta a thabhairt isteach agus deiseanna nua a sholáthar don réigiún.
  • Cúrsaí oiliúna nua san innealtóireacht, san fháilteachas, sa lóistíocht agus san iompar, san earnáil teilifíse agus san earnáil scannán.
  • Sraith gníomhartha lena gcabhrófar leis an tionscadal taighde mara agus leis an tionscadal fuinneamh aigéin sa réigiún a fhorbairt.
  • Tionscail chruthaitheacha - tionscadal nua €2 milliún de chuid INTERREG lena dtacófar leis na tionscail chruthaitheacha agus le ciste spriocdhírithe micri-iasachtaí do na tionscail chruthaitheacha arna n-íoc ag Coimisiún Forbartha an Iarthair.
  • Díriú ar rannpháirtíocht na mban san fhiontraíocht a mhéadú, lena n-áirítear trí na hOifigí Fiontar Áitiúil agus trí Chlár Fiontraíochta Ban de chuid Chomhlachas Tráchtála na Gaillimhe lena ndíreofar ar fhiontair a fhorbairt agus a scálú.
  • Cur chun feidhme - tá struchtúr cuimsitheach cur chun feidhme á bhunú chun soláthar an phlean a chinntiú.

 

Beidh na leibhéil fás fostaíochta a bhainfear amach sa raon sin dáiríre ag brath ar thosca lena n-áireofar an leibhéal tacaíochta agus comhair sa phobal áitiúil don Phlean agus an leibhéal comhair idir eagraíochtaí sa réigiún agus na príomhchomhlachtaí Rialtais a bhfuil baint acu leis an bplean. Creideann an tAire Bruton go bhfuil sé réadúil féachaint le 25,000 post sa bhreis a chruthú sa réigiún faoin mbliain 2020, bunaithe ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil agus ar an nglacadh láidir leis an bpróiseas go dtí seo.

Dúirt an Taoiseach: “Cé go bhfuil an téarnamh ag teacht chun cinn ar fud na tíre, is maith is eol dúinn nach bhfuil sé á bhrath ag gach teaghlach go fóill. Tá méadú ag teacht ar an bhfostaíocht i ngach réigiún in Éirinn, anseo san Iarthar san áireamh, agus táimid meáite ar a chinntiú go mbeidh an téarnamh sin le brath i ngach teaghlach. Le Plean Gníomhaíochta an Iarthair, an cúigiú ceann de na hocht bplean réigiúnacha, déanfar na buntáistí a bhaineann le geilleagar atá ag ardú a leathadh agus tabharfar poist chun an Iarthair. “Leagtar amach sa phlean bealach soiléir le hacmhainn an réigiúin a scaoileadh agus is plean an-chuimsitheach é. Ní féidir le haon ghníomhaireacht poist a thabhairt chuig réigiún ina haonar - bíonn comhar ag teastáil agus cuid dhílis den phlean is ea an comhar sin. Oibreoidh Oifigí Fiontar Áitiúil, comhlachtaí turasóireachta, comhlachtaí agraibhia agus na gníomhaireachtaí náisiúnta fiontar le geallsealbhóirí áitiúla chun na tacaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun cabhrú le fiontair infheistiú san Iarthar. “Leanfaidh an Rialtas seo leis an téarnamh a dhaingniú agus le poist a mhéadú ar fud na réigiún. Tuilleann muintir na hÉireann agus muintir an réigiúin seo moladh mór as an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus táim ag súil le scéala dearfach a chloisteáil faoi fhigiúirí fostaíochta san Iarthar san am atá le teacht”. 

Dúirt an tAire Bruton: “Is ag méadú fud fad na tíre faoi láthair atá poist. Mar sin féin, tá siad ag méadú ar ráta níos tapa i roinnt réigiún ná atá siad i réigiúin eile. Sin é an fáth ar chuireamar an straitéis €250 milliún um poist réigiúnacha i bhfeidhm. Is é an aidhm atá léi tacaíocht a thabhairt do réigiúin a láidreachtaí a úsáid agus fás fostaíochta a luathú i ngach ceantar. 

“Réigiún atá ag dul i ngleic le fadhbanna móra le blianta beaga anuas is ea an tIarthar. Idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2011, cailleadh 27,400 post sa réigiún. Cailleadh geall le 60% de na poist sin san earnáil tógála amháin. Mhéadaigh an eisimirce go mór. Tá téarnamh tagtha ar an réigiún le blianta beaga anuas, áfach. Cruthaíodh 5,000 post le bliain anuas agus tá líon na bpost ag méadú i gcuideachtaí easpórtála a dtacaíonn an Roinn seo leo go háirithe. Baineadh é sin amach go príomha le seiftiúlacht, obair dhícheallach agus comhar na n-oibrithe agus na ngnóthas sa réigiún. Mar sin féin, is féidir linn níos mó a dhéanamh agus sin é an fáth a bhfuilimid ag cur an phlean an-uaillmhianach seo i bhfeidhm chun cruthú fostaíochta sa réigiún a luathú go suntasach. 

“Táim cinnte go bhféadfaimid 25,000 post sa bhreis a sholáthar sna blianta le teacht fad is go gcuirfear an tacaíocht cheart ar fáil ón Rialtas trí Phlean an Iarthair agus go leanfar leis an gcur chuige comhoibríoch atá á ghlacadh ar fud an réigiúin. B’ionann sin agus 25,000 páphaicéad sa bhreis a bheadh ag teacht isteach i bpobail agus chuirfeadh sé 25,000 saol ar an mbóthar ceart an athuair. Is sprioc í sin ar fiú féachaint lena baint amach”. 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

An Phreasoifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, teil. 6312200 nó press.office@djei.ie 

Nótaí d’Eagarthóirí 

Tá Plean Gníomhaíochta an Iarthair do Phoist ar fáil ag www.djei.ie/Djei/en/Publications/Action-Plan-for-Jobs-West-Region-2015-2017.html 

Sa tréimhse ón mbliain 2011 go dtí an bhliain 2014, tá méadú de 5,000 post (méadú 20%) tagtha ar líon na bpost i gcuideachtaí a dtacaíonn Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann leo. Ós rud é gur cailleadh breis agus 3,300 post idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2010 i gcuideachtaí a dtacaíonn Fiontraíocht Éireann / GFT Éireann leo, fágann sé sin gur athsholáthraíodh gach ceann de na poist a cailleadh sa chúlú eacnamaíochta i gcuideachtaí san Iarthar a dtacaíonn Fiontraíocht Éireann/GFT Éireann leo agus gur fhill an earnáil ar fhás.

Tá na nithe seo ar na gníomhartha breise atá san áireamh sa Phlean:

  • Cuirfidh GFT Éireann tús le Foirgneamh Ardteicneolaíochta nua a thógáil i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, d’fhonn é a chur i gcrích sa bhliain 2016.
  • Tógfaidh GFT Éireann Foirgneamh Ardteicneolaíochta nua i nGaillimh a chuirfear i gcrích sa bhliain 2017.
  • Mol nuálaíochta ‘The PorterShed’ i lár cathrach na Gaillimhe a fhorbairt chun spásanna comhoibre comhoibríocha a chur ar fáil d’fhiontair theicneolaíochta óga san earnáil TFC, san earnáil Dhigiteach agus san earnáil Cluichíochta mar mhol de Cheantar Nuálaíochta.
  • Clár Luasaire a fhorbairt d’fhiontair ardacmhainne i gCeantar Nuálaíochta Chathair na Gaillimhe.
  • Ceantar Nuálaíochta suntasach a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe ina mbeidh cnuasach fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta, luasairí agus gorlann le go mbeidh sé ar an bpríomhchuid de Líonra Nuálaíochta leathan an Iarthair, ar líonra é a oibreoidh trí naisc ar fud an réigiúin.
  • Ceantar Nuálaíochta an Iarthair a chruthú trí naisc fhíorúla le Ceantar Nuálaíochta Chathair na Gaillimhe a chruthú do mhoil áitiúla ar fud an réigiúin.
  • Tograí a fhorbairt le haghaidh ionaid Nuálaíochta agus Teicneolaíochta do Chontae Ros Comáin, amhail Ionad Eolais TF lena gcothófar fiontair eolasbhunaithe agus lena gcoinneofar céimithe sa réigiún.
  • Déanfaidh Comhairle Chontae Ros Comáin brú chun cinn ar thionscadal lena bhforbrófar moil nasctha teicneolaíochta i mBaile Ros Comáin agus i bhFearann na Manach, ar láithreacha snáithín-chumasaithe iad.
  • Bunóidh an NSAI oifig réigiúnach i nGaillimh agus é mar aidhm aici láithreacht láidir a chur ar fáil le haghaidh rochtain áitiúil ar shaineolaithe teicniúla agus cliniciúla a sholáthróidh deimhniúchán feistí leighis do chnuasach Theicneolaíocht an Leighis san Iarthar.
  • Cuirfidh GFT Éireann an tIarthar chun cinn mar láthair le haghaidh forbartha agus infheistíochta san earnáil Bith-Chógaisíochta agus leas á bhaint aici as an gcnuasach Eolaíochtaí Beatha atá ann cheana a chuimsíonn ceantar Fhearann na Manach i gContae Ros Comáin agus na Suíomhanna Straitéiseacha atá dian ar fhóntais atá ann cheana in Órán Mór agus i mBaile Átha an Rí i gContae na Gaillimhe.
  • Agus forbairt á déanamh ar mhais chriticiúil na bhfiontar atá ann cheana, déanfaidh Comhairle Chontae Ros Comáin brú chun cinn ar thionscadal chun crios tionsclaíochta Fhearann na Manach a fhorbairt mar mhol Bith-Chógaisíochta/Teicneolaíocht Leighis, lena n-áireofar mol gorlainne 7 n-aonad a fhorbairt. 
  • Leanfaidh Foras na Mara agus an SEAI le forbairt agus cur chun cinn a dhéanamh ar an tsaoráid náisiúnta tástála agus taispeána Smart Bay i gCuan na Gaillimhe agus tástálfar ardteicneolaíochtaí mara agus ardchórais mhara ar bhonn leanúnach. Chomh maith leis sin, forbróidh an SEAI Láithreán Tástála Fhuinneamh Mara an Atlantaigh i mBéal an Mhuirthead mar shaoráid tástála náisiúnta uisce dhomhain le haghaidh feistí tonnta agus comhpháirteanna tonnta ag an gcéim dheiridh de thástáil agus de thaispeáint.
  • Aimseoidh WestBic deiseanna idirnáisiúnta tabhairt chun tosaigh d’fhiontair óga.
  • Áireofar leis na tionscnaimh de chuid Idir-Thrádáil Éireann Ceardlanna Tairisceana Poiblí a sholáthar d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

Chun leanúint a dhéanamh ar mhúnla náisiúnta rathúil an Phlean Gníomhaíochta do Phoist a thacaigh le 100,000 post breise a chruthú 21 mhí roimh an spriocdháta agus chun a chinntiú go soláthrófar an Plean, tá struchtúr cuimsitheach cur chun feidhme á chur i bhfeidhm. Sanntar spriocdhátaí agus eagraíochtaí i gceannas i gcás gach gnímh. Tá “Coiste Cur Chun Feidhme Réigiúnach um Plean Gníomhaíochta an Iarthair do Phoist” á chur i bhfeidhm, agus pearsa tionscail mar chathaoirleach air, chun cur chun feidhme an phlean seo a bhrú chun cinn agus gníomhartha nua a chuirfear leis thar shaolré an phlean a shainaithint. Foilseofar Tuairiscí ar an Dul Chun Cinn ar leibhéil chur chun feidhme gach sé mhí.