Nuacht & Imeachtaí

Molann an tAire Troy do ghnólachtaí leas a bhaint as tacaíochtaí Rialtais chun dul i ngleic leis an tírdhreach tar éis Brexit

D’fhág an Ríocht Aontaithe Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh agus an t-aontas custam go hoifigiúil coicís ó shin agus d’athdhearbhaigh an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD, tiomantas an Rialtais inniu chun cabhrú le gnólachtaí a mbealach a dhéanamh tríd an tírdhreach nua. Chuir sé i gcuimhne do ghnólachtaí freisin leas a bhaint as deontais airgeadais agus seirbhísí comhairleacha atá ar fáil chun freagairt níos fearr do dhúshláin tar éis Brexit.

Dúirt an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD,

“Cé nár vótáil Éire ar son Brexit, táimid ag dul i ngleic leis na drochiarmhairtí anois, agus mar bhaill den Aontas Eorpach, tá dualgas ar Éirinn an Margadh Aonair a chosaint agus seasamh leis na caighdeáin seo. Tuigimid go nglacfaidh sé am do shlabhraí soláthair dul i dtaithí ar na socruithe agus na riachtanais dhoiciméadacha nua. Táimid ag dul i dteagmháil le comhlachtaí lóistíochta, miondíoltóirí agus páirtithe leasmhara níos leithne chun dul i ngleic le ceisteanna a thagann chun cinn le sreabhadh leantach earraí a chinntiú dá bharr sin.

“Déanann mo chomhghleacaí, an tAire Damien English, agus oifigigh ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta teagmháil rialta leis an earnáil mhiondíola, ghrósaeireachta agus dháileacháin maidir le ceisteanna a bhaineann le COVID-19 agus Brexit. Déanann siad cumarsáid le chéile i gcónaí maidir leis an gcaoi a bhfuil na hathruithe ag cur isteach ar ghnólachtaí agus cabhróidh an rannpháirtíocht leo cinnte a dhéanamh de go bhféadfaí dul i ngleic le dúshlán ar bith a thagann chun cinn a éifeachtaí agus is féidir.

“Bíonn oifigigh ó na Coimisinéirí Ioncaim, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ó Ghníomhaireachtaí Stáit eile ag obair ó dhubh go dubh ag calafoirt na tíre – 24 uair an chloig, seacht lá sa tseachtain – agus bíonn siad ag obair le comhlachtaí lóistíochta agus le hiompróirí lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis cheart i bhfeidhm. Mhaolaigh na Coimisinéirí Ioncaim roinnt riachtanas atá ar chomhlachtaí go sealadach an tseachtain seo caite chun aistriú seirbhísí Rolladh ann-Rolladh as a chinntiú. Chuir na comhlachtaí ar cuireadh isteach orthu fáilte roimh an tsolúbthacht seo.”

Dúirt sé freisin

“Tá an Rialtas fós tiomanta do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí atá ag dul i ngleic leis an saol mar atá anois agus táim ag moladh do chomhlachtaí leas a bhaint as oiliúint custam, deontais, seirbhísí comhairleacha taraifí, scéimeanna iasachtaí, agus tacaíochtaí comhairleacha eile atá ar fáil. Tuigim go bhfuil sé seo ag tarlú ag an am céanna atá gnólachtaí ag dul i ngleic le tionchair na paindéime orthu agus seans nach bhfuil siad ag trádáil mar is gnách faoi láthair. Ní mór do ghnólachtaí gníomhú anois, áfach. Spreagaim gnólachtaí go láidir le foghlaim faoi na roghanna cúnaimh atá ar fáil dóibh ar shuíomh gréasáin mo Roinne agus le leas a bhaint astu.” 

Bhí an Rialtas i mbun ullmhúcháin ó vótáil an Bhreatain ar son margadh aonair an AE a fhágáil, seo a leanas roinnt ullmhúcháin:

  • Tá tacaíochtaí deontais ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí ó thaobh na gcustam de tríd an deontas de chuid Fhiontraíocht Éireann ar a dtugtar “Réidh le haghaidh Custam” a chuireann suas le €9,000 ar fáil do gach fostaí a oibríonn i réimse na gcustam. Tá sé seo ar fáil do gach comhlacht allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin. 
  • Cuireann Skillnet Ireland oiliúint agus uas-sciliú maidir le custaim ar fáil saor in aisce ar líne.
  • Tá ceardlanna custam aon lae á reáchtáil ag na hOifigí Fiontair Áitiúla agus tá cúrsaí oiliúna custam á reáchtáil ag roinnt oibritheoirí príobháideacha freisin.
  • I gcás comhlachtaí a thrádálann ar bhonn uile-oileáin, reáchtálann InterTradeIreland seirbhís chomhairleach agus cuireann sé dearbhán pleanála Brexit ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid chun custaim a éascú.
  • Tá seimineáir ghréasáin Brexit a sholáthraíonn Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ar fáil ar leathanach Mhol Faisnéise Brexit ar gov.ie.

Maidir le cásanna ina bhfuil cúnamh práinneach agus láithreach ag teastáil, chuir Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais roinnt acmhainní i bhfeidhm chun cabhrú le gnólachtaí agus le saoránaigh sna laethanta ríthábhachtacha amach romhainn: féach Brexit - If you need to call

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí enterprise.gov.ie.

CRÍOCH

Tá príomhról ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó thaobh beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Is ar an Roinn atá an phríomhfhreagracht as beartas na hÉireann ar thrádáil dhomhanda agus ar infheistíocht isteach, agus tá sí freagrach as iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, agus as tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bPreasoifig, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, press.office@enterprise.gov.ie nó (01) 631-2200.