Nuacht & Imeachtaí

Ionad Tacaíochta agus Oibríochtaí le bunú ag Ipswitch, an Chuideachta Bogearraí Bainistíochta TF, i nGaillimh, 60 post le cruthú

D'fháiltigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD, roimh an bhfógra go bhfuil an chuideachta Ipswitch, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus a fhorbraíonn bogearraí Monatóireachta agus Slándála TF ar furasta triail a bhaint astu, iad a cheannach agus a úsáid, chun ionad tacaíochta agus oibríochtaí EMEA (an Eoraip, an Meánoirthear agus an Afraic) a bhunú i nGaillimh. Meastar go gcruthófar timpeall is 60 post san ionad sin thar thréimhse cúig bliana.

 

Is cuid lárnach de straitéis i leith fáis na cuideachta in EMEA é oscailt oifig nua Ipswitch. Tá foirne taighde agus forbartha, díolacháin agus teicniúla á mbunú ag Ipswitch agus é mar aidhm freastal níos fearr a dhéanamh ar chustaiméirí áitiúla agus cur leis an sciar den mhargadh atá acu sa réigiún. Chomh maith leis sin, bunóidh Ipswitch foirne T&F agus foirne forbartha táirgí i nGaillimh agus é mar aidhm acmhainn a sholáthar go sonrach do réigiún EMEA. Cuirfidh an méid sin ar chumas Ipswitch cur go mór leis an méid tacaíochta atá á sholáthar aige dá chomhpháirtithe cainéil agus dá chustaiméirí ar fud na hEorpa, i dteangacha agus amchriosanna áitiúla.

 

Tá an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag tacú leis an bhforbairt seo trí GFT Éireann. Is in Lexington, Massachusetts atá ceanncheathrú na cuideachta seo atá faoi úinéireacht phríobháideach. Tá breis is 300 duine fostaithe ag an gcuideachta in oifigí sna Stáit Aontaithe, san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Laidineach.

 

Tá bogearraí na cuideachta suiteáilte ar bhreis is 150,000 líonra i 168 dtír, agus áirítear Hamleys, NHS Wales, Comhairle Contae Cambridgeshire agus Community Integrated Care i measc chustaiméirí na cuideachta. Tá ionaid Taighde & Forbartha bunaithe ag Ipswitch sa Ghearmáin, in Atlanta agus Augusta, Georgia agus in Madison, Wisconsin.

 

Soláthraíonn bogearraí bainistíochta TF Ipswitch rialú slán i dtaobh idirbhearta, feidhmchláir agus bonneagar gnó. Soláthraíonn bogearraí monatóireachta aontaithe bonneagair agus feidhmchlár an díoltóra léargas ó cheann go ceann, agus tá na bogearraí thar a bheith solúbtha agus simplí le húsáid. Trí na bogearraí slándála faisnéise agus aistrithe bainistithe comhad atá ag an gcuideachta, cumasaítear idirbhearta gnó agus aistrithe comhad atá slán, uathoibrithe agus oiriúnach do na milliúin úsáideoirí.

 

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD, le linn dó fáiltiú roimh an bhfógra : “Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh Ipswitch Inc. go Gaillimh. Is dea-scéala don réigiún é go bhfuil ionad oibríochtaí á bhunú i nGaillimh acu le tacaíocht na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta trí GFT Éireann. Tarraingíonn sé seo aird an athuair ar an acmhainneacht atá ag ionaid réigiúnacha dhifriúla i dtaobh cuideachtaí a mhealladh bunaithe ar lucht oibre ábalta na háite agus timpeallacht láidir a thacaíonn le gnó. Guím gach rath ar Ipswitch Inc. agus ar fhoireann na cuideachta anseo in Éirinn.”

 

Dúirt Diane Albano, Príomhoifigeach Ioncaim Ipswitch agus Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Díolacháin Dhomhanda, go bhfuil áthas uirthi go bhfuil dlús á chur faoi fhorbairt na cuideachta trí oifig lánseirbhíse Ipswitch a bhunú san Eoraip. Éireoidh linn, ón gceanncheathrú seo agus leis na feidhmeanna riachtanacha ar fad lena n-áirítear Díolacháin, T&F agus seirbhísí iardhíolacháin, an buntáiste iomaíoch dár gcomhpháirtithe agus do Ipswitch a mhéadú, agus, rud is tábhachtaí ná sin, éireoidh linn tuiscint níos fearr agus leibhéal níos airde tacaíochta a fhorbairt dár n-acmhainn is luachmhaire: ár gcustaiméirí.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Rich Welch, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Sásaimh Custaiméirí Ipswitch: “Trí ionad tacaíochta teicniúla barrfheabhais a bhunú a bhfuil tacaíocht fheabhsaithe iardhíolacháin á soláthar aige agus ina bhfuil bainisteoirí ardoilte um chaidreamh le custaiméirí, éireoidh linn an tuiscint atá againn ar ár gcustaiméirí a fheabhsú go mór, rud a chuirfidh dlús faoi leibhéil sástachta níos airde agus a chinnteoidh go mbeidh níos mó úsáide á baint as táirgí Ipswitch trínár ngréasán láidir comhpháirtithe in EMEA.”

 

“Beidh tionchar suntasach ag foireann shinsearach speisialaithe i gcroílár na hEorpa ar an leibhéal tacaíochta is féidir linn a thairiscint dár ngréasán comhpháirtithe agus custaiméirí ar fud an réigiúin, rud a chabhróidh leis an tseirbhís agus leis an leibhéal tacaíochta atá á soláthar a fheabhsú, mar aon le dlús a chur faoi fhorbairt,” a dúirt Rich freisin.

 

Bhí an méid seo le rá ag Príomhfheidhmeannach GFT Éireann, Martin Shanahan, le linn dó fáiltiú roimh an bhfógra: “Is dea-scéala do chathair na Gaillimhe agus don réigiún mórthimpeall é cinneadh Ipswitch Inc. ionad a lonnú i nGaillimh. Tá dlús faoin bhforbairt atá ag teacht ar Ghaillimh mar phríomh-mhol teicneolaíochta, go háirithe chomh fada is a bhaineann le teicneolaíochtaí oibre idirlín agus teicneolaíochtaí comhoibríocha, agus is fianaise ann féin ar an méid sin cinneadh Ipswitch teacht go Gaillimh. Tá an líon daoine cáilithe atá ar fáil do chuideachtaí mar aon leis an mbonneagar oideachais agus digiteach, an timpeallacht iomaíoch a oireann do ghnóthaí, mar aon leis an oidhreacht chultúrtha shaibhir agus an fhlúirse taitneamhachtaí, ag cabhrú go mór le cuideachtaí domhanda cosúil le Ipswitch a mhealladh go hÉirinn. Guím gach rath orthu anseo.”

 

Tá tuilleadh eolais maidir leis na róil nua le fáil anseo: https://jobs.ipswitch.com

 

Eolas maidir le Ipswitch:

Soláthraíonn Ipswitch seirbhís chun deacrachtaí casta TF a réiteach go simplí. Tá bogearraí na cuideachta suiteáilte ar bhreis is 150,000 líonra i 168 dtír: bogearraí chun monatóireacht a dhéanamh ar líonraí, feidhmchláir agus freastalaithe, agus comhaid a aistriú ar bhealach slán idir córais, comhpháirtithe gnó agus custaiméirí. Bunaíodh Ipswitch sa bhliain 1991 agus tá ceanncheathrú na cuideachta in Lexington, Massachusetts, agus tá oifigí ag an gcuideachta sna Stáit Aontaithe, san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Laidineach. Tá tuilleadh eolais le fáil ag http://www.ipswitch.com/

 

 

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le:

 

Ipswitch

Richard Wolfe nó Robert Fretwell

TOUCHDOWNPR

Oifig: +44 (0) 1252 717 040

ipswitch@touchdownpr.com

 

GFT Éireann:

Ellen Lynch, Cumarsáid Réigiúnach

Feidhmeannach Preasa & Caidrimh Phoiblí

+353 874112084 or Ellen.lynch@ida.ie