Nuacht & Imeachtaí

Tá Páirt le Glacadh ag an Tánaiste i Misean Trádála Fíorúil le Cuideachtaí ón India, ón Astráil, ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ó na Stáit Aontaithe

Glacfaidh Leo Varadkar TD, an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, páirt go fíorúil an tseachtain seo i roinnt ócáidí móra a bhaineann leis an trádáil. Beidh sé sin ina chuid de chlár Lá Fhéile Pádraig de chuid an Rialtais. 

Dúirt an Tánaiste:

“Cé go mbeidh Féile Pádraig i mbliana an-difriúil leo sin a bhí againn i mblianta roimhe seo, tá sé beartaithe againn fós an deis a thapú Éire a chur chun cinn thar lear, ach gan é a dhéanamh i bpearsa. Is féidir a fheiceáil ón bpaindéim cé chomh spleách is atáimid ar an trádáil idirnáisiúnta ó allmhairí amhail vacsaíní agus trealamh cosanta pearsanta agus ar onnmhairí amhail bia agus aerálaithe. Bímid uile spleách ar a chéile i saol an lae inniu. 

“Cé go raibh bliain dhoiligh gan fasach againn, thaifeadamar glanmhéadú in onnmhairí agus i bpoist a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach eachtrach sa bhliain 2020 fós. Mar thoradh ar an ioncam atá ginte ag cuideachtaí ilnáisiúnta agus ag onnmhaireoirí eile, bhíomar in ann deontais ghnó, an íocaíocht dífhostaíochta paindéime agus fóirdheontais phá a chistiú agus infheistíocht bhreise a dhéanamh sa chúram sláinte agus san oideachas a mhéid nach mbeadh indéanta ar shlí eile.

“Beidh mé ag glacadh páirt i misean trádála fíorúil sna laethanta atá le teacht, agus páirt á glacadh agam i gcruinnithe ardleibhéil le cuideachtaí ón India, ón Astráil, ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ó na Stáit Aontaithe a bhfuil infheistíocht déanta acu in Éirinn cheana féin nó atá ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh inti.

“Ar dheireadh na héigeandála sláinte poiblí, beidh orainn dlús a chur le trádáil chun ár mbealach a dhéanamh amach as an ngéarchéim gheilleagrach a d’eascair aisti ar mhaithe le lánfhostaíocht a bhaint amach, agus is ócáidí tábhachtacha iad seo le haghaidh caidreamh a chothú agus Éire a chur chun cinn mar láthair infheistíochta.”

An India

Dé Luain (an 15 Márta), glacfaidh an Tánaiste páirt i seimineár Gréasáin lena mbainfidh feidhmeannaigh shinsearacha ghnó ón India. Pléifear san ócáid seimineár Gréasáin raon topaicí amhail plean téarnaimh na hÉireann tar éis na paindéime, an beartas trádála idir an India agus an tAontas Eorpach, an Breatimeacht, plean gnímh na hÉireann don aeráid agus na tionscnaimh de chuid na hÉireann a bhfuil mar aidhm leo tacú le tionscadail infheistíochta inbhuanaithe.

Dúirt an Tánaiste:

“Is fiú ár dtrádáil leis an India thart ar €4.9 billiún agus fostaíonn cuideachtaí Indiacha breis agus 2,500 duine sa tír seo. Tá an India ina margadh an-tábhachtach dúinn mar chuid dár straitéis fhoriomlán le haghaidh Éire a éagsúlú agus a oscailt do mhargaí nua.”

An Astráil agus an tSín

Tabharfaidh an Tánaiste aitheasc freisin ag cruinniú le ceannaithe Astrálacha a thug cuairt ar Éirinn roimhe seo le blianta beaga anuas mar chuid den tsraith ócáidí “Ireland Revisited”, rud a bhfuil mar aidhm leis naisc a choinneáil ar bun leo sin a rinne gnó in Éirinn cheana féin. 

Bhí méadú 15% in onnmhairí earraí (go €889 milliún) agus méadú 14% in allmhairí earraí (go €116 milliún) idir Éire agus an Astráil ann sa bhliain 2020.

Ócáidí leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Limistéar Euro

Le linn Lá Fhéile Pádraig, freastalóidh an Tánaiste ar ócáidí ina gcuirfear gnólachtaí Éireannacha chun cinn ar fud an Limistéir Euro agus na Ríochta Aontaithe. Tabharfaidh an Tánaiste aitheasc don lucht freastail le linn ócáid de chuid Fhiontraíocht Éireann leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin um Ullmhú do Thodhchaí Ghlas. Is seimineár gnó ar líne é ina leagfar béim ar réitigh nuálacha inbhuanaitheachta ó Éirinn.

Freastalóidh an Tánaiste ar ócáid fhíorúil leis an Ríocht Aontaithe ina ndéanfar an caidreamh uathúil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a aithint agus a cheiliúradh. Le linn na hócáide sin, sárthaispeánfar gnólachtaí Éireannacha a rannchuidigh leis an gcomhrac in aghaidh Covid-19 in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon. I measc na gcuideachtaí a bheidh i láthair beidh Nearform, a chabhraigh le leathadh Covid-19 a theorannú tríd an aip oifigiúil rianaithe teagmhála de chuid Thuaisceart Éireann, na hAlban agus Gheirsí a chruthú; agus Silvercloud, a sholáthair cúram iargúlta digiteach meabhairshláinte agus folláine ar éileamh ar fud na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte ar fad dá fórsa saothair agus dá hothair araon.

Na Stáit Aontaithe

Dé Máirt (an 16 Márta), labhróidh an Tánaiste leis an Leifteanantghobharnóir Eleni Kounalakis ó California mar chuid d’ócáid Fhiontraíocht Éireann lena mbainfidh roinnt chuideachtaí ó Limistéar an Bhá.  Ar Lá Fhéile Pádraig, glacfaidh an Tánaiste agus an Leifteanant-Ghobharnóir Denny Heck, an Gobharnóir ar Washington, páirt in ócáid eile de chuid Fhiontraíocht Éireann, ar lena linn a dhíreofar ar an gcaidreamh trádála idir Éire agus na Stáit Aontaithe i mórlimistéar Seattle.

Dúirt an Tánaiste:

“Mar Aire Trádála, is eol dom cé chomh tábhachtach is atá na misin seo le haghaidh caidreamh nua a chothú, caidreamh atá ann cheana a neartú agus gnó nua a mhealladh go hÉirinn. Is cuideachtaí iad sin a chruthaíonn na mílte post nuair a roghnaíonn siad Éire mar láthair ghnó. Ní bheidh an misean trádála i mbliana cosúil leo sin a bhí againn roimhe seo. Dá bhrí sin, déanfaimid a dhá oiread oibre ón mbaile chun a chinntiú go mbainfimid na torthaí céanna amach.

Eolaíochtaí Beatha

Beidh an Tánaiste ina aoi oinigh ag cruinniú chomhchéime fíorúil Eolaíochtaí Beatha GFT Dé Luain freisin, rud a bhfreastalóidh déantóirí beartas agus tionchairí ó thionscal eolaíochtaí beatha na Stát Aontaithe air.  Is freagrach as 39% d’onnmhairí earraí Éireannacha, arbh fhiú €62 billiún iad sa bhliain 2020, a bhí an earnáil ina hiomláine, idir chuideachtaí ilnáisiúnta agus chuideachtaí dúchasacha.  Tá na Stáit Aontaithe ar an gcomhpháirtí trádála is mó de chuid na hÉireann. B’ionann luach iomlán na trádála idir an dá thír agus níos mó ná €150 billiún sa bhliain 2019.

Dúirt an Tánaiste:

“Tá an t-ádh orainn go bhfuil an-chuid de na cuideachtaí cógaisíochta is mó ar domhan lonnaithe in Éirinn agus go bhfuil breis agus 41,000 duine i mbun fostaíochta san earnáil bithchógaisíochta anseo. Táim ag súil le bualadh le hionadaithe ó thionscal eolaíochtaí beatha na Stát Aontaithe de réir mar a leanaimid le fáilte a chur rompu in Éirinn agus a láithreacht anseo a mhéadú.”