Nuacht & Imeachtaí

Teach Oscailte Bhaile Atha Cliath

Is imeacht uathúil é Open House Dublin a chuireann Foras Ailtireachta na hÉireann i láthair.

13 Deireadh Fómhair 2016

Is cúis áthais arís eile don Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta a bheith páirteach in Open House Dublin (OHD), imeacht uathúil a eagraíonn Foras Ailtireachta na hÉireann. Gach bliain tugtar rochtain don phobal i gcoitinne ar níos mó ná 100 foirgneamh, foirgnimh theaghlaigh agus foirgnimh Rialtais ina measc, nach mbíonn rochtain acu orthu de ghnáth.

Is ag 23 Sráid Chill Dara atá na chéad oifigí Rialtais saincheaptha a tógadh i ndiaidh bhunú an Stáit. Is sampla é an foirgneamh seo d’ailtireacht Art Déco chlasaiceach. Is é JR Boyd Barrett a dhear é mar chuid de chomórtas ailtireachta sa bhliain 1935. Críochnaíodh an foirgneamh in 1941 agus i measc a chuid gnéithe tá rilífí snoite le dealbhóir mná darbh ainm Gabriel Hynes, an bhean chéanna a dhear na boinn dheachúlacha 1/2p, 1p agus 2p ar a bhfuil móitíf Cheilteach d’éan. Bhí na boinn sin fós in úsáid go dtí gur tugadh isteach an Euro in 2002.

Beidh 23 Sráid Chill Dara ar oscailt ó 11am go 5pm Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair. Beidh ailtire sinsearach ó Oifig na nOibreacha Poiblí ag tabhairt turas agus tabharfar tús áite dóibh siúd is túisce a thagann. Imeoidh an turas deireanach ag 4.30pm. Tá áiseanna againn do pháistí agus do chathaoireacha rothaí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil arwww.openhousedublin.com

 

Twitter: @IAFarchitecture #openhousedublinFacebook: www.facebook.com/irisharchitecturefoundation

Lárionad faisnéise: Beidh oibrithe deonacha OHD sásta cabhrú leat chun áit a chur in áirithe agus clárú don chrannchur agus freagróidh siad ceisteanna ginearálta. Luan go hAoine, 12:00-16:00, cuir glaoch ar 085 785 7801 085 7857829

 

An Phreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 01-6312200 nó press.office@djei.ie