Nuacht & Imeachtaí

Misean trádála leis an tSín tugtha chun críche ag an Aire Humphreys, misean a raibh sé mar aidhm leis cur leis an trádáil le hÉirinn ar fiú na billiúin euro í


• Thug an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta cuairt ar Hong Cong, Shenzhen agus Shang-hai

• Shínigh cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann conarthaí ar fiú os cionn €60m iad i gcaitheamh misean trádála  idir Taispeántas Iompórtála Idirnáisiúnta na   Síne agus Seachtain Teicneolaíochta Airgeadais (FinTech) Hong Cong

• Bhuail an tAire leis na cuideachtaí Síneacha Huawei, Newbaze agus WuXi

• Bhuail an tAire le hUachtarán Bhanc na Síne – an banc is mó ar domhan

Tá an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, tar éis misean trádála sé lá chun na Síne le 45 cliantchuideachta de chuid Fhiontraíocht Éireann a thabhairt chun críche. Ba iad aidhmeanna an mhisin trádála ná cur leis an trádáil idir an dá thír ar fiú na billiúin euro í, cumas nuálaíochta agus tairiscintí iomaíocha cuideachtaí Éireannacha i gcomhthéacs ceannaitheoirí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus lorg coise domhanda na hÉireann a leathnú, i gcomhthéacs an Bhreatimeachta go háirithe.

Thug an tAire Humphreys cuairt ar Hong Cong, Shenzhen agus Shang-hai i gcaitheamh na cuairte.

Is comhpháirtí trádála tábhachtach d’Éirinn í an tSín agus tá an trádáil sin ag fás. €12.9 billiún an luach iomlán a bhí ar an trádáil idir an dá thír in 2016. Méadú 15% a bhí ansin le hais 2015. €5.1 billiún an luach a bhí ar easpórtálacha earraí na hÉireann chun na Síne in 2017 agus €9.6 billiún an luach a bhí ar thrádáil earraí dhá bhealach.

Ag labhairt di as Shang-hai, dúirt an tAire Humphreys, “Bíonn caidreamh trádála na hÉireann leis an tSín ag fás an t-am ar fad, agus ba chúis mhór áthais dom cuairt a thabhairt ar an tSín chun an chomhpháirtíocht thairbheach seo, a théann chun leasa an dá thír, a fhorbairt a thuilleadh. Tá sé bunriachtanach go mbeidh gnólachtaí na hÉireann ag trádáil le tíortha éagsúla, go háirithe agus gan ach roinnt míonna fágtha go dtí an Breatimeacht. Tá margaí ar nós na Síne ríthábhachtach do ghnólachtaí Éireannacha ar mian leo dul san iomaíocht agus trádáil i margaí nua.

“Mar chuid de Cháinaisnéis 2019, mhéadaigh mé buiséad Fhiontraíocht Éireann agus na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (IDA) ionas go mbeidh siad in ann lorg domhanda na hÉireann a leathnú. Is cúis áthais dom a bheith in ann na héachtaí iomadála atá Foireann Éireann a dhéanamh a fheiceáil le mo dhá shúil féin, rud a bheidh ina fhíorbhuntáiste inláimhsithe do gheilleagar na hÉireann.
Faoi Lorg Domhanda 2025, tionscnamh de chuid an Rialtais, tá misin trádála den sórt seo ríthábhachtach ó thaobh Éire a bheith i mbun níos mó trádála go hidirnáisiúnta.

“B’ionann luach na n-easpórtálacha earraí ó Éirinn go dtí an tSín in 2017 agus níos mó ná dhá oiread luach 2012, agus tá mé lánmhuiníneach go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an leibhéal iontach feidhmíochta sin ó fhiontair atá bunaithe in Éirinn. Ba chúis áthais dom cuairt a thabhairt ar Hong Cong, ar Shenzhen agus ar Shang-hai le cúpla lá anuas chun léargas díreach a fháil le mo dhá shúil féin ar thodhchaí na trádála idir Éire agus an tSín, todhchaí a mbeidh rath uirthi gan amhras”, arsa an tAire.

I gcaitheamh na cuairte, bhí an tAire Humphreys i láthair ag Taispeántas Iompórtála Idirnáisiúnta na Síne in Shang-hai agus ag Seachtain Teicneolaíochta Airgeadais Hong Cong. Ba shárthaispeántas é Taispeántas Iompórtála Idirnáisiúnta na Síne. Bhí 3,000 taispeántóir ó 130 tír páirteach ann, cuideachtaí Éireannacha ar nós Hostelworld, Glen Dimplex agus Irish Breeze ina measc.

Shínigh cuideachtaí Éireannacha margaí ar fiú níos mó ná €50m iad le comhpháirtithe Síneacha ag an imeacht.
Lena linn sin, thug ceithre chuideachta teicneolaíochta airgeadais de chuid na hÉireann taispeántas ag Seachtain Teicneolaíochta Airgeadais Hong Cong. I measc na margaí a fógraíodh bhí margadh $15m a shínigh Global Shares le Huanying International agus conradh a shínigh Know Your Customer le Neat Limited.

Bhuail an tAire Humphreys le feidhmeannaigh shinsearacha de chuid na gcuideachtaí Síneacha Huawei, Newbaze agus WuXi i gcaitheamh na cuairte, cuideachtaí atá ag infheistiú agus ag cruthú post in Éirinn.

Bhuail an tAire Humphreys le hUachtarán Bhanc na Síne, Liange Liu, freisin, Is iad na clocha is mó ar phaidrín Bhanc na Síne ná earnáil na teicneolaíochta airgeadais a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscal na slí maireachtála agus do thionscal an chultúir. Is é an banc is idirnáisiúnaithe ar domhan é agus tá an brainse i mBaile Átha Cliath fós ag fás.

In Shenzhen bhuail an tAire Humphreys le V&P Media atá i gcomhpháirt le Cartoon Saloon ar an scannán nua “Wolfwalkers”.
Bhí cruinniú ag an Aire Humphreys le Príomh-Rúnaí Hong Cong, Matthew Cheung, freisin. Leag sí béim ag an gcruinniú sin ar a thábhachtaí agus atá tionscail chruthaitheacha agus dearadh cruthaitheach mar earnáil fáis i Hong Cong agus in Éirinn araon. Thug an tAire cuireadh don Rúnaí Stáit teacht go hÉirinn chun dea-ghnásanna san earnáil seo agus saincheisteanna eile a bhfuil suim ag an dá thír iontu a phlé.

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir
Áirítear ar na margaí a fógraíodh i gcaitheamh an mhisin trádála arbh fhiú níos mó ná €60m ar fad iad:
• Síníonn Irish Breeze margadh le JD.com le pleananna chun díolacháin €25 milliún a bhaint amach faoi cheann cúig bliana lena gceirtíní uisce
• Déanann Reagecon Diagnostics Ltd comhaontú dáileacháin le Beijing Thorigin le haghaidh €10 milliún thar 5 bliana
• Síníonn Solvotrin Therapeutics agus Shanghai Fosun Pharmaceutical comhaontú faoi dháileadh eisiach i margadh na Síne do tháirge Solvotrin, Active Iron, le haghaidh níos mó ná €15m in aghaidh na bliana thar 3 bliana
• Déanann Novaerus comhaontú dáileacháin trí bliana le Hangzhou Door Import & Export ar fiú €760,000 i gceannach táirgí é
• Síníonn Global Shares margadh $15m le Huanying International agus fógraíonn siad go mbeidh oifig nua á hoscailt i mBéising
• Síníonn Know Your Customer conradh le Neat Limited

WuXi Biologics
Tá suíomh straitéiseach na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail i Mullaigh Chairlinn, Dún Dealgan, Co. Lú roghnaithe ag WuXi Biologics le haghaidh infheistíocht mhór in oibríocht a bhaineann le druga bitheolaíoch nua. Déanfar infheistíocht €325 milliún agus cruthófar 400 post nua. D’fhreastail an Taoiseach agus an tAire Humphreys ar an bhfógra suntasach sin in Aibreán na bliana seo. Meastar go mbeidh an tsaoráid réidh le haghaidh táirgeadh i gcaitheamh 2021. Is í seo an chéad oibríocht déantúsaíochta ag WuXi Biologics taobh amuigh den tSín.

Huawei
Tháinig Huawei isteach i margadh na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2004. Bhí siad ag freastal ar mhargadh na hÉireann go príomha agus bhí siad ag obair leis na móroibreoirí go léir, Eircom/Meteor, Vodafone, O2, H3G agus Imagine ina measc.
Sa bhliain 2010, bhunaigh Huawei Ionad Taighde agus Forbartha um Chóras Tacaíochta Oibriúcháin píolótach i mBaile Átha Luain i gcomhar leis an ngnólacht comhairliúcháin teileachumarsáide Éireannach, Nopsar Ltd.
In 2012, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail Éireann, bhunaigh Huawei Ionaid Taighde agus Forbartha i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. D’fhostaigh siad 50 duine i dtosach idir an dá shuíomh. Tá Huawei ag cur lena chuid gnó in Éirinn ó shin i leith i dtrí áit: Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Baile Átha Luain agus tá 101 duine fostaithe acu go lánaimseartha in Éirinn anois mar aon le 60 conraitheoir.

Newbaze
In 2017 chaith Newbaze, cuideachta táirgthe bia de chuid na Síne, beagnach €2 mhilliún chun saoráid táirgthe Éireannach a bhunú i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin agus tá siad ag feistiú na monarchan nua faoi láthair. Tá sé beartaithe tús a chur leis an táirgeadh in 2019 le heaspórtálacha chuig roinnt margaí idirnáisiúnta.

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.
Mura mian leat ríomhphoist a fháil ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a thuilleadh, is féidir leat é sin a chur in iúl dúinn ach ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie