Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Nuacht & Imeachtaí

Tugann an tAire English rabhadh do ghnólachtaí taraif 0% a éileamh ar earraí a thagann ón Ríocht Aontaithe

Beidh cáipéisíocht tacaíochta ag teastáil ó ghnólachtaí atá ag éileamh na taraife 0%

Thug an tAire Stáit do Ghnó, Fostaíocht agus Miondíol, Damien English TD, rabhadh do ghnólachtaí, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) go háirithe, inniu (Dé hAoine, 8 Eanáir) nach mór dóibh ráta na taraife nialasaí a éileamh ar earraí a thagann ón Ríocht Aontaithe.  

Faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, cuirtear deireadh le dleachta taraife le haghaidh trádála idir an AE agus an Ríocht Aontaithe i gcásanna ina mbaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh amach.  Baineann an ráta tosaíochta, nó ráta na taraife nialasaí, le hearraí a allmhairítear ón Ríocht Aontaithe, nuair a bhaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh amach – go bunúsach, iarrtar sna rialacha sin cinnte a dhéanamh de gur ionchuir de chuid na Ríochta Aontaithe atá sna hearraí go príomha. (Féach nótaí 1 agus 2)

Dúirt an tAire English:

“Cuirtear fáilte roimh an gcomhaontú idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus is céim sa treo ceart é chun caidreamh nua a chothú leis an gcomhpháirtí trádála is gaire dúinn. Foráiltear sa chomhaontú taraifí nialasacha agus nach mbeidh aon chuóta i gceist (teorainneacha ar líon na n-earraí is féidir a allmhairiú). Cé gur maith an rud é seo do ghnólachtaí na hÉireann ag a bhfuil caidreamh allmhairiúcháin seanbhunaithe le soláthraithe sa Ríocht Aontaithe, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil riachtanais oibriúcháin i gceist chun leas a bhaint as an ráta nialasach.   Caithfidh allmhaireoirí a thaispeáint go bhfuil na hearraí atá á n-allmhairiú acu de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh agus an ráta nialasach a éileamh.”

Maidir le honnmhaireoirí na hÉireann, baineann an ráta tosaíochta, nó ráta na taraife nialasaí, le hearraí a allmhairítear isteach sa Ríocht Aontaithe ón AE, nuair a bhaintear na rialacha iomchuí tionscnaimh sa Chomhaontú amach – go bunúsach, iarrtar sna rialacha sin cinnte a dhéanamh de gur ionchuir de chuid an AE atá sna hearraí go príomha. Ba chóir don onnmhaireoir ‘Ráiteas maidir le Tionscnamh’ a chur ar fáil ar shonrasc nó ar dhoiciméad eile ina ndéantar cur síos ar an táirge le gur féidir an táirge sin a aithint, de réir mar a iarrtar sa Chomhaontú Trádála agus Comhair.  Ní mór dóibh siúd ag a bhfuil coinsíneachtaí a bhfuil luach níos mó ná €6,000 orthu clárú ar Chóras Onnmhaireoirí Cláraithe na gCoimisinéirí Ioncaim.

De rogha air sin, is féidir leo doiciméid nó taifid tacaíochta a thabhairt don allmhaireoir de chuid na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear na doiciméid nó na taifid a chuir an monaróir ar fáil, ionas go bhfuil an t-allmhaireoir in ann tionscnamh AE a chruthú bunaithe ar eolas an allmhaireora.

Dúirt an tAire English:

“Tá réimse tacaíochtaí saor in aisce ar fáil ó Ranna agus ó Ghníomhaireachtaí Rialtais chun cabhrú le gnólachtaí impleachtaí na gcustam a thuiscint, rialacha tionscnaimh san áireamh (Féach nóta 3).  Tá eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá seoladh ríomhphoist tiomnaithe acu (originandquotasection@revenue.ie), mar aon le seimineáir ghréasáin thiomnaithe a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí. Tá an Ríocht Aontaithe fós ina comhpháirtí tábhachtach trádála d’Éirinn agus dá bharr sin, spreagaim gach gnólacht a allmhairíonn nó a onnmhairíonn chuig an Ríocht Aontaithe leas a bhaint as tacaíochtaí Rialtais chun buntáiste an chomhaontaithe nua trádála a uasmhéadú.”  

 Nótaí don Eagarthóir

  1. Ní mór d’allmhaireoirí na hÉireann an ráta nialasach a éileamh ar na dearbhuithe allmhairiúcháin agus ní mór dóibh a bheith in ann a chruthú gur as an Ríocht Aontaithe a tháinig na hearraí. Ní mór dóibh é a dhéanamh bunaithe ar ‘Ráiteas maidir le Tionscnamh’ ón onnmhaireoir de chuid na Ríochta Aontaithe i dtaca le tionscnamh na Ríochta Aontaithe. Caithfear é a éileamh ar shonrasc nó ar dhoiciméad eile ina ndéantar cur síos ar an táirge le gur féidir an táirge sin a aithint. De rogha air sin, is féidir leo é a dhéanamh bunaithe ar an eolas atá acu féin ar na hearraí bunaithe ar dhoiciméid nó taifid tacaíochta a chuir an t-onnmhaireoir nó an monaróir ar fáil agus atá i seilbh an allmhaireora anois.
  1. D’fhéadfadh sé go ngearrfaí taraifí ar earraí a thagann ó thíortha eile nach bhfuil san Aontas Eorpach tríd an Ríocht Aontaithe.  D’fhéadfadh sé nach mbeidh earraí de chuid na Ríochta Aontaithe, a sháraíonn leibhéil cheadaithe i dtaca le hábhar neamh-AE, i dteideal an ráta nialasaigh ach oiread agus seans go mbeidís faoi réir taraifí. D’fhéadfadh sé go dtabhódh earraí de thionscnamh AE a bhí i saorchúrsaíocht sa Ríocht Aontaithe sular onnmhairíodh chun na hÉireann taraifí freisin.  
  1. Cuireann Fiontraíocht Éireann deontas ar a dtugtar ‘Réidh le haghaidh Custam’, ar a mbíonn luach suas le €9,000, ar fáil do gach fostaí incháilithe a fostaíodh, nó a athlonnaíodh laistigh den ghnólacht, i ról tiomnaithe custam.  Reáchtálann sí cúrsa ar líne Léargas ar Chustaim ina gcabhraítear le gnólachtaí foirmiúlachtaí custam a thuiscint.  Tá tionscnamh de chuid Skillnet Ireland ar a dtugtar “Custaim Shoiléire” ar fáil chun tacú le hearnáil inmheánach na gcustam agus le gnólachtaí a thrádálann go minic leis, nó tríd, an Ríocht Aontaithe.    Ina theannta sin, óstálann na hOifigí Fiontair Áitiúla “Ullmhaigh do Ghnólacht le haghaidh Custam” ar fud na tíre go fóill.