Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn an tAire Nash an tuarascáil arna coimisiúnú ag an Rialtas i leith Conarthaí Náid Uiareanta le hOllscoil Luimnigh

Is í toradh an staidéir nach mbaintear leas as conarthaí náid uaireanta go forleathan in Éirinn - aithníodh teach aníos na gconarthaí "fánacha"

D'fhoilsigh an tAire Gnó agus Fostaíochta, Ged Nash T.D. tuarascáil nua, “A Study on the Prevalence of Zero Hours Contracts among Irish Employers and their Impact on Employees” le hOllscoil Luimnigh.

Leanann an staidéar neamhspleách arna choimisiúnú ag an Aire Nash agus arna dhéanamh ag an Dr. Michelle O'Sullivan agus foireann ó Scoil Ghnó Kemmy ar thiomantas chun scrúdú dá shórt a dhéanamh i Ráiteas Tosaíochtaí an Rialtais i mí Iúil 2014.

Ba tar éis tairisceana iomaíche a iarradh ar thaighdeoirí ó UL chun méid na gconarthaí náid uaireanta agus uaireanta ísle i ngeilleagar na hÉireann a fháil amach, agus chun an chaoi a gcuirtear na conarthaí sin chun feidhme sa ghnáthchleachtadh agus an chaoi ina dtéann siad i bhfeidhm ar fhostaithe a nochtadh. Fuair an tAire Nash faomhadh na Comhaireachta chun an tuarascáil a fhoilsiú inniu (Dé Máirt 3 Samhain).

Áirítear le heochairthorthaí na tuarascála:

  • Nach mbaintear leas go forleathan in Éirinn as conarthaí náid uaireanta arna sainmhíniú laistigh de reachtaíocht reatha na hÉireann um chearta fostaíocht.
  • Tá fianaise ann, ámh, i leith conarthaí a dtugtar conarthaí "fánacha" orthu.. Cé go mbaineann uaireanta oibre neamhráthaithe leis an dá chineál, is í an phríomhdhifríocht eatarthu nach foláir d'oibrithe le conarthaí náid uaireanta iad féin a chur ar fáil don obair, agus nach gá de réir conartha dóibh siúd le conarthaí "fánacha" chun iad féin a chur ar fáil don obair.
  • Is í tuairim UL go bhfuil easpa soiléire ann i leith stádais fostaíochta díobh siúd nach n-oibríonn ach uaireanta fánacha amháin lena bhféadfaí ceisteanna a thabhairt aníos faoin méid cosanta a thugtar do na hoibrithe úd faoin reachtaíocht fostaíochta.
  • Is iad na heochair-fhachtóirí atá taobh thiar de na conarthaí fánacha:

-       Leibhéil mhéadaitheacha oibre le linn uaireanta neamhghnácha.

-       Riachtanas do sholúbthacht sna seirbhísí ina leantar an t-éileamh

-       Easpa an chúraim leanaí inacmhainne inrochtana

-       Roinnt fostóirí ag a mbíonn seift chun cosantaí reatha na reachtaíochta fostaíochta a sheachaint agus

-       Na samhlacha trína gcuirtear acmhainní ar fáil sna seirbhísí oideachais agus sláinte

  • I measc na gceithre earnáil a ndearna UL staidéar orthu, amhail an miondíol, an fáilteachas, an t-oideachas agus an tsláinte, bíonn na huaireanta oibre fánacha go forleathan sna hearnálacha cóiríochta/bia agus miondíola agus i roinnt gairmeacha san oideachas agus sa tsláinte cosúil leis an saothar cúraim phobail, an t-altranas cleachtaidh ghinearálta, an léachtóireacht tríú leibhéal agus an t-ionadú múinteoirí.
  • Féadanna uaireanta oibre ísle teacht aníos i gcineálacha éagsúla conarthaí fostaíochta, ar nós conarthaí páirtaimseartha rialta le huaireanta socraithe nó conartha le huaireanta "fánacha" amháin nó meascáin den dá cheann.
  • -Ó thaobh na n-uaireanta athraitheacha de, is é meastachán na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) go mbíonn uaireanta síor-athraitheacha ag 5.3% d'fhostaithe in Éirinn (is féidir le daoine ar uaireanta síorathraitheacha bheith lánaimseartha nó páirtaimseartha), leis an gcéatadán is airde ag obair sna hearnálacha mórdhíola/miondíola, cóiríochta/bia agus sláinte agus oibre sóisialta.
  • Taispeántar i bhfigiúirí an CSO freisin go n-oibríonn 2% d'fhostaithe 1-8 uair in aghaidh na seachtaine, oibríonn 6% idir 9-18 uair in aghaidh na seachtaine, oibríonn 24% idir 19-35 uair in aghaidh na seachtaine.
  • Is í an tsolúbthacht agus an costas laghdaithe na príomhbhuntáistí a bhaineann leis na conarthaí "fánacha" d'fhostóirí.
  • Is í argóint na gCeardchumann agus na nEagras Neamhrialtasach (NGO) go mbíonn tionchair dhiúltacha nach beag ag uaireanta "fánacha" ar oibrithe, lena n-áirítear:

-       Dothuarthacht na n-uaireanta

-       Deacrachtaí chun saol na hoibre agus saol an teaghlagh a chothromú

-       Ioncam neamhsheasmhach agus deacrachtaí ag fáil rochtana ar chreidmheas airgeadais

-       Conarthaí nach léirítear an líon uaireanta a oibrítear go réalaíoch iontu

-       Fógra neamhdhóthanach nuair a ghairtear chun na hoibre iad

-       Creidiúint go ngearrfar pionós ar fhostaithe as diúltú don obair a thairgtear

-       Deacrachtaí chun rochtain a fháil ar shochair leasa shóisialaigh.

Áirítear leis na moltaí a thugann UL:

  • Ba cheart d'fhostaithe conradh scríofa a fháil an chéad lá dá bpost nua. Bíonn dhá mhí ag fostóir i láthair na huaire chun conradh a eisiúint.
  • Ba chóir go soláthrófaí ráiteas i leith uaireanta oibre sa chonradh sin, ar léiriú fíor é ar na huaireanta a theastaíonn.
  • Ba cheart go mbeadh íoslíon 3 huaire oibre leanúnacha ann mar a gcaitheann fostaí tuairisciú don obair; ba chóir go n-íocfaí an t-oibrí as na 3 huaire murarbh amhlaidh.
  • Ba chóir go dtabharfadh fostóir fógra 72 uair ar a laghad a thabhairt i leith aon iarratais chun dul i mbun oibre, mura mbíonn imthosca eisceachtúla nach bhfacthas roimh ré ann. Ba chóir go gcúiteofaí oibrí má dhéanann siad uaireanta breise gan an fógra íosta a fháil, ag 150% den ráta a n-íocfaí leo.
  • Ba cheart go dtabharfadh fostóirí fógra íosta 72 uair i leith chealú uaireanta. Ba chóir go n-íocfaí na hoibrithe ag a ngnáthráta as na huaireanta dár sceidealadh mura bhfaigheann siad an fógra íosta.
  • Ba chóir go n-achtófaí reachtaíocht chun foráil d'fhostaithe gan uaireanta oibre ráthaithe ar bith nó dóibh siúd ar mheascán d'uaireanta ísle agus conarthaí fánacha, chun an meálíon uaireanta a obríodh sna sé mhí roimhe sin a ghlacadh mar an t-íoslíon le bheith choinníoll dá gcuid conartha.
  • Ba cheart go gcuirfí athbhreithnithe tréimhsiúla de na huaireanta úd i bhfeidhm ionas go léiríonn conradh réalaíocht na n-uaireanta oibre.
  • Na heagrais fostóirí agus na ceardchumainn a thagann ar chomhaontú comhchoiteann earnálach; is féidir leosan diúltú chun bheith páirteach i roinnt de na forálacha reachtaíochta a mholtar thuas.
  • Áiríonn an CSO rannán sa Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlach ina bpléitear go sonrach le huaireanta oibre neamhráthaithe.

Agus an tuarascáil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Nash, "Is é toradh an staidéir neamhspleáigh ag UL nach mbaintear leas go forleathan as conarthaí náid uaireanta in Éirinn. Is ábhar imní é áfach go dtugtar le fios i staidéar UL gurb í úsáid mhéadaitheach na gconarthaí "fánacha", nuair a bhaintear leas go míchuí astu, is cúis le coinníollacha oibre neamhbhuana.   Féadann na conarthaí sin an taca a bhaint de na coimircí a thugtar d'oibrithe ar chonarthaí náid uaireanta, mar nach foláir cúiteamh a íoc leo as 25% nó 15 uair den am arbh éigean dóibh iad féin a chur ar fáil.”

“Táimse chun dul i mbun tréimhse chomhairliúcháin ghairid cheithre seachtaine anois le fostóirí, ceardchumainn agus le páirtithe leasmhara eile i leith thorthaí agus mholtaí na tuarascála seo. Beidh mo Roinnse ag eisiúint páipéir chomhairliúcháin inniu chun cúnamh leo siúd ar mian leo freagra a thabhairt, agus thabharfainn spreagadh do dhuine ar bith ar spéis leo chun aighneacht a thaisceadh.”

"Breithneoidh mé na haighneachtaí úd dá éis sin, i gcomhar leis an staidéar cuimsitheach seo le UL agus tabharfaidh mé mo mholtaí féin os comhair na Comhaireachta go luath san athbhliain faoin gcaoi ar chóir dúinn dul i ngleic leis an gcineál oibre neamhbhuaine sin, agus ag an am céanna ag aithint an ghá do leibhéil solúbthachta éigin i gcomhair fostóirí agus fostaithe."

“Is mar chuid den chlár chun dínite na hoibre atáim daingean diongbháilte go leanfar ar aghaidh ag tabhairt cosanta do chearta na n-oibrithe. Más amhlaidh, faoi mar a thugtar le fios sa staidéar seo, nár choinnigh an dlí suas leis an margadh saothair nua-aimseartha; beidh mé ag moladh athruithe don Rialtas dá réir.”

CRÍOCH

Déan teagmháil leis an bPreasoifig press.office@djei.ie nó 01 631 2200 nó le Deirdre Grant 086 0484 279

Is féidir teach ar A Study on the Prevalence of Zero Hours Contracts among Irish Employers and their Impact on Employees

Nótaí d'Eagarthóirí

Is iad eochair-chuspóirí an staidéir:

• An t-easnamh eolais atá ann i láthair na huaire ó thaobh sonraí crua agus na faisnéise atá ar fáil maidir le forleithne na gconarthaí náid uaireanta agus uaireanta ísle i ngeilleagar na hÉireann agus maidir lena leas.

• Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na gconarthaí náid uaireanta agus uaireanta ísle ar fhostaithe.

• Chun cur ar chumas an Aire aon mholtaí beartais fianaise-bhunaithe a thabhairt don Rialtas agus a bhreithnítear bheith éigeantach de bhun an staidéir.

Foráladh le Téarmaí Tagartha an staidéir go mba cheart go mbeadh raon feidhme leathan ag an staidéar, ag clúdach idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, le béim faoi leith ar na hearnálacha miondíola, fáilteachais, oideachais agus sláinte.

An Mhodheolaíocht:

Áiríodh leis an modheolaíocht as ar baineadh leas ag UL anailís ar shonraí cainníochtúla i leith uaireanta oibre ó Shuirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlach an CSO (QNHS), arna bhforlíonadh le sonraí ón Suirbhé Eorpach i leith Coinníollacha Oibre (EWCS), sonraí cáilíochtúla ó agallaimh le geallsealbhóirí/comhlachtaí ionadaíocha agus ó theagmháil le saineolaithe idirnáisiúnta i leith an dlí saothair agus chaidreamh fostaíochta.

Rinne UL agallaimh gheallsealbhóra le 30 comhlacht (13 eagras fostóirí/gnólachtaí, 8 gceardchumann, 4 Eagras Neamhrialtasacha agus 5 Roinn/Ghníomhaireacht Rialtais.