Nuacht & Imeachtaí

Córas Iarratais ar Líne nua le haghaidh Ceadanna Fostaíochta seolta ag an Aire Mitchell O’Connor

Ar líne a dhéanann 95% de pháirtithe leasmhara a n-iarratais anois

Córas Iarratais ar Líne nua le haghaidh Ceadanna Fostaíochta seolta ag an Aire Mitchell O’Connor

 Sheol an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor TD, Córas ar Líne nua le haghaidh Ceadanna Fostaíochta (“an Córas”) go hoifigiúil inniu.

Soláthraíonn an togra seo, atá ar an chaighdeán is airde ar domhan, ardán ar líne d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon iarratas a chur isteach le haghaidh ceadanna fostaíochta. Cuireann sé rogha dhigiteach ar fáil d’fhostóirí agus d’fhostaithe a bheith i gcomhpháirt lena chéile sa phróiseas iarratais ar dhóigh atá éifeachtúil ó thaobh ama de.

Nuair a chuirtear le chéile an Córas ar Líne le haghaidh Ceadanna Fostaíochta agus tionscnamh an Pháirtí Dhílis, a sheol mo Roinn anuraidh, féadfaidh sé go mbeidh an próiseas iarratais curtha i gcrích taobh istigh d’achar gairid 5-7 lá oibre. Toradh den scoth é sin i gcomhthéacs idirnáisiúnta: cuireann sé le clú na hÉireann agus cuidíonn sé linn ár sprioc a bhaint amach a bheith ar an tír bheag is fearr le gnó a dhéanamh ann.

Tá an Córas ar ghearrliosta Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse 2016 sa chatagóir “Chun Tosaigh in Athnuachan na Státseirbhíse”.

Tá an Córas ag teacht go dlúth le tosaíochtaí na Roinne agus an Rialtais i dtaca le seachadadh seirbhísí go digiteach. D’fhorbair an Roinn an córas nua i gcomhar le Open Sky Data Systems Ltd.

Agus í ag cur fáilte roimh an gcóras nua, dúirt an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor TD: “Is é is aidhm leis an tionscnamh is deireanaí seo de chuid na Roinne seachadadh ár seirbhísí do chustaiméirí a fheabhsú. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil córas ar líne nua den scoth againn le haghaidh Ceadanna Fostaíochta agus go n-athróidh sé ó bhun an t-eispéireas a bheidh ag na páirtithe leasmhara ar líne. Leis an gCóras nua, tá an córas iarratais ar fáil ó thús go deireadh ar líne; tá an rogha ann íocaíocht shlán a dhéanamh ar líne freisin. Beidh an próiseas iarratais níos gairide d’iarratasóirí agus ní ghlacfaidh sé an oiread ama agus a ghlacadh san am a chuaigh thart. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann mo Roinne a d’obair go dian lena chinntiú go bhfuil córas éifeachtach i bhfeidhm anois againn. Tréaslaím leo a n-ainmniúchán ar ghearrliosta Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse 2016.”

Is léiriú ar rath an togra an oiread úsáide atá bainte ag daoine as an tseirbhís nua ar líne go dtí seo. Bhí 95% d’iarratasóirí ag baint úsáide aisti taobh istigh de choicís ó cuireadh ar fáil í. Cinneadh nuálach a bhí ann ár bpáirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha a thabhairt isteach ón tús i gcéim deartha agus i gcéim tástála an chórais.

Tá an t-éileamh ar Chead Fostaíochta méadaithe de thrian bliain ar bhliain le trí bliana anuas (6,696 in 2013 go thart ar 14,000 in 2016). Níorbh fhéidir freastal ar an éileamh méadaithe sin agus cúrsaí mar a bhí: acmhainní na foirne a bheith ag fanacht ag an leibhéal céanna nó ag dul i laghad, agus an geilleagar a bheith i mbun fáis ag an am céanna. Tá an córas úr mar dhúshraith a fhreastalóidh ar an ngá méadaitheach atá le sainscileanna a chuideoidh le fás an gheilleagair.