Gairm ar Léiriú Spéise – An Fóram um Chomhairle Dhigiteach d’Fhiontair

Tá an Roinn Fiontar Trádála agus Fostaíochta ar lorg léirithe spéise ó dhaoine ag a mbeadh na cáilíochtaí iomchuí le haghaidh ballraíocht ar an bhFóram um Chomhairle Dhigiteach d’Fhiontair (FCDF).

Ó bunaíodh é i mí na Bealtaine, 2022, tá croí-ról ag an bhFóram i dtaca le bheith ag cur comhairle ar an Rialtas agus ag comhoibriú leis chun glacacht na dteicneolaíochtaí digiteacha sa tionsclaíocht a chur chun sinn, i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Intleachta Saorga agus leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach.

Tá an Fóram tar éis a Clár Oibre le haghaidh 2023 a fhorbairt agus a chomhaontú (Iarscríbhinn 1), rud a chuimsíonn cúig shruth oibre:

  • Sruth Oibre 1: Múscailt feasachta, cur chun cinn an digitithe san fhiontraíocht & for-rochtain
  • Sruth Oibre 2: Cur le tionchar na Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach
  • Sruth Oibre 3: Cur chun cinn na hIntleachta Saorga (IS) in Éirinn
  • Sruth Oibre 4: Ionchuimsiú Digiteach, Scileanna, GovTech & Cibearshlándáil
  • Sruth Oibre 5: Teicneolaíocht, Forbairtí Rialála agus Digiteacha agus Treochtaí Todhchaí

Mar aon lena ról i dtaca le cur chun cinn ghlacacht dhigiteach na teicneolaíochta i measc lucht fiontraíochta, beidh ról comhairleach ag an bhFóram freisin maidir le GovTech, agus é ag obair go dlúth le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais.

Bunaithe ar Chlár Oibre nua 2023, fáiltíonn an Roinn roimh léirithe spéise ó ionadaithe de chuid fiontar ag a mbeadh an saineolas agus an taithí chuí, ó thaobh na sruthanna oibre de. Déanfar próiseas roghnúcháin a reáchtáil chun moltaí a dhéanamh i dtaobh bhallraíocht fhoriomlán an Fhóraim don Aire Stáit um Aistriú Digiteach agus Cur Chun Cinn na Trádála. Mar gheall ar na réimsí nua fócais faoin gClár Oibre agus lena chinntiú go mbíonn méid an Fhóraim iomchuí, d'fhéadfadh sé nach ndéanfaí comhaltaí reatha den Fhóram a athcheapadh.

  Táimid ar lorg léirithe spéise ó fhiontair dhúchasacha (micreafhiontair, gnóthais bheaga agus mheánmhéide, mórfhiontair) a mbeadh taithí acu ar an aistriú digiteach, corparáidí ilnáisiúnta (CIN) a mbeadh taithí acu ar an aistriú digiteach; agus saineolaithe ar an aistriú digiteach a mbeadh eolas agus taithí faoi leith acu ar:

  • Teicneolaíocht Thumthach
  • Treochtaí Todhchaí sna Réimsí Digiteacha
  • Cibearshlándáil i bhFiontair
  • Teicneolaíocht agus Inbhuanaitheacht
  • GovTech 

Is ar bhonn deonach a reáchtálfar ballraíocht san FCDF.  Is féidir go ndéanfaí comhalta den fhóram a athcheapadh uair amháin, agus go ndéanfadh sé nó sí seirbhís go ceann tréimhse uasta de thrí bliana. Is iad na comhaltaí féin nó a máthaireagraíochtaí a chlúdóidh aon chostais a thabhódh na comhaltaí agus iad ag gabháil do ghníomhaíochtaí an Fhóraim.

Is féidir aon cheisteanna nó iarratais ar shoiléiriú a bhaineann le gné ar bith den ghairm seo ar léirithe spéise a threorú chuig digitaleconomy@enterprise.gov.ie.

Freagrófar gach ceist agus iarratas ar shoiléiriú trí ríomhphost.

Iarratais

Ba cheart léirithe spéise a sheoladh chuig digitaleconomy@enterprise.gov.ie.

Dáta deiridh

Is é an dáta agus an t-am druidte faoinar gá léirithe spéise a bheith faighte ná 5pm Dé hAoine, an 30ú Meitheamh 2023.

Topics: Innovation Research and Development, The Business Environment