Gairm ar thuairimí mar fhreagra ar togra le haghaidh treoir maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara i dtaobh Threoir bheartaithe ón AE arb é is aidhm dó tomhaltas inbhuanaithe a fheabhsú trí Rialachán (AE) 2017/2394 (maidir le comhar idir údaráis náisiúnta ar mhaithe le forfheidhmiú dlíthe um chosaint tomhaltóirí), Treoracha (AE) 2019/771 (maidir le Díol Earraí) agus (AE) 2020/1828 (maidir le Caingne Ionadaíocha) a leasú.

Is fadhb ar fud an AE é earraí tomhaltóirí indeisithe a dhiúscairt sular cheart agus baineann sé le raon leathan earraí tomhaltóirí (mar shampla, earraí bána, earraí leictreonacha, teilifíseáin).

Is éard is aidhm leis an togra ná tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí earraí atá laistigh agus lasmuigh den ráthaíocht chomhréireachta dhlíthiúil a dheisiú agus a athúsáid. Tá sé mar aidhm ag an togra é a dhéanamh níos éasca agus níos cost-éifeachtúla do thomhaltóirí earraí a dheisiú seachas earraí nua a fháil ina n-ionad. Táthar ag súil go sábhálfaidh tomhaltóirí airgead dá bharr agus go dtacófar le roinnt de chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, amhail dramhaíl agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Ba cheart go mbeadh borradh san earnáil deisiúcháin ann de bharr an éilimh mhéadaithe agus déanfar táirgeoirí agus díoltóirí a dhreasú chun múnlaí gnó níos inbhuanaithe a fhorbairt chomh maith. D'fhoilsigh Coimisiún an AE an dréacht-Treoir ar an 22 Márta 2023.

Mhol an Coimisiún meascán de shé rogha thosaíochta beartais a bheidh ina mbonn don phróiseas caibidlíochta:

  1. deisiú a chur chun cinn cibé uair atá sé níos saoire ná earra ionaid a fháil laistigh den chreat ráthaíochta dlíthiúla.
  2. Tairseach náisiúnta ar líne, a chuireann tomhaltóirí le deisitheoirí agus a chuireann earraí athchóirithe chun cinn.
  3. dualgas a chur ar dheisitheoirí meastachán den phraghas agus coinníollacha an deisiúcháin a chur ar fáil i bhfoirm chaighdeánaithe arna iarraidh sin.
  4. dualgas a chur ar tháirgeoirí earraí a mbaineann ceanglais indeisitheachta leo (faoi dhlí an Aontais) obair dheisiúcháin a dhéanamh lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil ar chostas.
  5. dualgas a chur ar tháirgeoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina ndualgas maidir le deisiú a dhéanamh, nuair is infheidhme.
  6. caighdeán deonach AE um dheisiú éasca. 

Tagann an togra ‘ceart deisiúcháin’ le dhá thogra eile maidir le tomhaltas inbhuanaithe a bhaint amach i rith shaolré iomlán táirge, rud a leagann síos an creat le haghaidh ‘ceart deisiúcháin’ ar fud an AE. Ó thaobh an tsoláthair de, oibreoidh an togra i gcomhar leis an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ÉDTI), lena gcuirtear indeisitheacht táirgí ag céim an táirgthe chun cinn agus, ó thaobh an éilimh de, i gcomhar leis an togra le haghaidh Treoir maidir le Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas (TCAG), lena gcuirtear ar chumas tomhaltóirí cinntí feasacha maidir le ceannach a dhéanamh ag an díolphointe. 

Rachaidh an dréacht-Treoir tríd an ngnáthphróiseas reachtach sna hInstitiúidí Eorpacha agus is féidir an dréacht-Treoir, Iarscríbhinn agus faisnéis bhreise a fháil ag Rialacha lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn (europa.eu)

Aighneachtaí

Tá Teimpléad le haghaidh Freagraí faoi iamh ina leagtar amach na hAirteagail agus na hAithrisí lena mbaineann sa Togra. Lorgaítear tuairimí i leith aon/gach Airteagal, le béim ar leith ar thuairimí ar phríomhghnéithe an togra mar a leagtar amach thuas é ag pointí 1 go 6 thuas. 

Lorgaítear tuairimí ó pháirtithe leasmhara ar an dréacht-Treoir tráth nach déanaí ná am scoir gnó ar an 8 Meán Fómhair 2023.

Ba cheart 'Treoir ón AE maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn' a mharcáil ar na haighneachtaí agus is féidir iad a sheoladh ar ríomhphost chuig conspol@enterprise.gov.ie nó iad a sheoladh i gcruachóip chuig an Aonad um Iomaíocht agus Beartas Tomhaltóirí, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 1 Ionad Phort an Iarla, Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 PW01. 

Tabhair do d'aire go bhféadfar faisnéis arna soláthar don roinn a nochtadh mar fhreagra ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Dá bhrí sin, ba cheart duit aon fhaisnéis a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh tráchtála de a shainaithint, agus sonraigh an chúis lena híogaireacht. Rachaidh an roinn i gcomhairle leat maidir le faisnéis a shainaithníonn tú mar íogair sula ndéantar cinneadh maidir le haon iarratas um Shaoráil Faisnéise. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo leis na caighdeáin um shlándáil agus rúndachta is airde agus ar bhealach atá i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018. 

Féadfaidh an roinn a chinneadh freisin aon aighneachtaí a fhaightear a chur ar shuíomh gréasáin na roinne. Féadfaidh cinneadh maidir le faisnéis den sórt sin a chur ar an suíomh gréasáin tarlú gan dul i gcomhairle le freagróirí an phróisis seo roimh ré. Dá bhrí sin, is chun leasanna freagróirí é aird a tharraingt ar aon fhaisnéis atá íogair nó rúnda ó thaobh tráchtála de nuair a chuirtear isteach an aighneacht. 

Ceisteanna

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí dhul i dteagmháil le hAonad um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí na roinne trí ríomhphost a sheoladh chuig conspol@enterprise.gov.ie.

Topics: Competition and Consumer Policy, Consumer and Competition