12th February 2025 |
Open Consultations
Iarrann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta aighneachtaí chuig comhairliúchán poiblí faoi thogra maidir le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/32/AE i dtaca le trealamh soláthair feithiclí leictreacha, dáileoirí gáis chomhbhrúite, agus méadair fuinnimh leictreachais, gáis agus teirmeach.
Céard í an Treoir maidir le hIonstraimí Tomhais 2014/32/AE?
Leis an Treoir maidir le hIonstraimí Tomhais 2014/32/AE, 2004/22/CE roimhe seo, féachtar le go leor gnéithe den mhéadreolaíocht dhlíthiúil a chomhchuibhiú ar fud Bhallstáit uile an AE. Tá ionstraimí Tomhais amhail méadair uisce, méadair gháis agus feistí tiontaithe toirte tábhachtach don trádáil, do thomhaltóirí agus don tionscal. Is aidhm leis an Treoir a chinntiú go bhféadfar méadair arna bhformheas faoin Treoir a úsáid i ngach Ballstát den AE.
Céard atá á mholadh faoin Treoir nua?
- I bhfianaise an dul chun cinn teicniúil a rinneadh le fiche bliain anuas, ní chumhdaítear leis an Treoir ina foirm reatha ionstraimí tomhais nua atá riachtanach chun cuspóirí an Mhargaidh Ghlais Eorpaigh a bhaint amach, go háirithe maidir le trealamh soláthair feithiclí leictreacha, dáileoirí gáis chomhbhrúite (e.g. hidrigin agus gás nádúrtha) agus méadair fuinnimh theirmeach le haghaidh feidhmeanna fuaraithe.
- Ní thugtar aghaidh sa Treoir ar an ról méadaitheach atá ag digitiú (méadrú cliste le haghaidh méadair leictreachais agus gáis) ná ar úsáid gás nua (amhail hidrigin nó gáis in-athnuaite eile mar mhalairt ar gháis níos traidisiúnta) ag soláthar teaghlaigh.
- Táthar ag súil go dtiocfaidh reachtaíocht náisiúnta éagsúil chun cinn mar gheall ar easpa ceanglas comhchuibhithe do chatagóirí áirithe ionstraimí tomhais, i.e. ilroinnt ar an Margadh Aonair, as a dtiocfaidh costais níos airde ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar thomhaltóirí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé seo moill a chur ar fheidhmiú céimneach na dteicneolaíochtaí atá ríthábhachtach d’aistriú geilleagar an Aontais, idir dhá cheann, ghlas agus dhigiteach.
- Ina theannta sin, níl cuid de cheanglais fíor-riachtanacha na Treorach neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thuilleadh, mar shampla, ceanglais taispeána a chuireann cosc ar úsáid réitigh nua-aimseartha agus na tairbhí a bhaineann leo i dtéarmaí áise agus cosanta do thomhaltóirí.
- Mar sin, is é atá á mholadh ná leasú teicniúil spriocdhírithe ar an Treoir chun aghaidh a thabhairt ar an méid thuas.
Céard iad na nuashonruithe atá beartaithe?
Foráiltear leis an leasú atá beartaithe ar an Treoir do nuashonrú teoranta ar raon feidhme na Treorach (lena n-áirítear ceanglais riachtanacha nua chun an raon feidhme méadaithe sin a chumhdach) agus do nuashonrú teoranta ar roinnt ceanglas fíor-riachtanach maidir le méadair leictreachais agus gáis, mar a leanas:
- córais tomhais le haghaidh trealamh soláthair feithiclí leictreacha
- dáileoirí gáis chomhbhrúite (nar shampla, hidrigin)
- méadair chliste gáis agus leictreachais
- méadair fuinnimh theirmeach le haghaidh iarrataí fuaraithe
Príomhchuid na Treorach
Tá sé beartaithe réamhaithrisí nua a thabhairt isteach chun an leasú spriocdhírithe a chosaint agus a mhíniú, mar a leanas:
- leasú ar Airteagal 2 chun raon feidhme na Treorach a choigeartú
- leasú ar na hiarscríbhinní ábhartha a bhaineann go sonrach leis an ionstraim
- dhá iarscríbhinn nua a chur leis chun córais tomhais le haghaidh trealamh soláthair feithiclí leictreacha (‘EVSE’) agus córais tomhais le haghaidh dáileoirí gáis chomhbhrúite a chlúdach
- trasuíomh (12 mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh) agus teacht i bhfeidhm (24 mhí tar éis a fhoilsithe)
- bearta idirthréimhseacha maidir le trealamh atá curtha ar an margadh cheana féin agus le haghaidh deimhnithe AE agus náisiúnta
Ceisteanna comhairliúcháin
Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhairliúchán seo dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an méid seo a leanas:
- déantúsaíocht méadar cliste
- údaráis inniúla soláthair fóntais
Ba cheart na ceisteanna seo a leanas a chur san áireamh i dtéarmaí a bhfuil á mholadh:
- An dtugann na leasuithe spriocdhírithe aghaidh ar a bhfuil ag tarlú sa mhargadh? Mura bhfuil, tabhair téacs tacaíochta i do fhreagra, le do thoil.
- An leagann na hathruithe atá beartaithe ar na hiarscríbhinní amach go soiléir na hathruithe is gá do gach táirge? Mura bhfuil, conas is féidir iad a dhéanamh níos soiléire? Tabhair téacs tacaíochta i do fhreagra, le do thoil.
- An bhfuil aon earraí ar an margadh a d’fhéadfadh a bheith eisiata ón leasú atá beartaithe? Má tá, tabhair téacs tacaíochta i do fhreagra, le do thoil.
Iarratas ó Choimisiún an AE ar thuairimí
Tá cuireadh tugtha ag Coimisiún an AE do na Ballstáit tuairimí a chur isteach agus moltaí a dhréachtú maidir leis an togra trí úsáid a bhaint as teimpléid shonraithe. Beidh tuairimí a gheofar sa chomhairliúchán poiblí seo mar bhonn eolais d’fhreagairt na hÉireann ar an gCoimisiún.
Aighneachtaí
Iarrtar ar fhreagróirí a thabhairt faoi deara gurb é polasaí na Roinne caitheamh le gach aighneacht a fhaightear mar aighneachtaí poiblí mura n-iarrtar rúndacht go sonrach. Iarrtar ar fhreagróirí, mar sin, ábhar a mheasann siad a bheith faoi rún a shainaithint go soiléir agus é sin a chur in iarscríbhinn ar leith dá bhfreagra, lipéadaithe “rúnda”.
I gcás ina gcuirtear freagraí isteach le ríomhphost, agus go n-áirítear sna ríomhphoist sin fógraí arna nginiúint go huathoibríoch ag rá gur cheart déileáil leis an ábhar céanna mar ábhar rúnda, ba cheart do rannpháirtithe a shoiléiriú i gcorp a gcuid ríomhphoist an gcaithfear, i ndáiríre, lena gcuid tuairimí mar rún.
Iarrtar ar fhreagróirí a n-aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn nó trí ríomhphost. Ba cheart aighneachtaí nó ceisteanna maidir leis an gcomhairliúchán a mharcáil ‘Leasú ar Threoir 2014/32/AE’ agus iad a sheoladh trí ríomhphost chuig nsailiaison@enterprise.gov.ie nó a phostáil chuig:
Aonad Idirchaidrimh ÚCNÉ,
An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 TD30
Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé Máirt, an 25 Feabhra 2025.
Saoráil Faisnéise
Dírítear aird na bhfreagróirí ar an gcás gur féidir faisnéis a chuirtear ar fáil don Roinn a nochtadh mar fhreagra ar iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Dá bhrí sin, má mheasann tú go bhfuil aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú íogair ó thaobh na tráchtála de, sainaithin é sin, le do thoil, agus sonraigh an chúis atá lena íogaireacht. Rachaidh an roinn i gcomhairle le haon fhreagróir a bhféadfadh tionchar a bheith aige uirthi maidir le faisnéis a shainaithnítear a bheith íogair sula ndéanfaidh sí cinneadh ar aon iarraidh ar Shaoráil Faisnéise.
Topics:
The Business Environment, EU and Internal Market