Comhairliúchán poiblí ar athbhreithniú ar na liostaí gairmeacha le haghaidh ceadanna fostaíochta

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag lorg aighneachtaí ó chomhlachtaí ionadaíocha, ó ranna rialtais, ó ghníomhaireachtaí, agus ó pháirtithe leasmhara eile chuig comhairliúchán poiblí chun athbhreithniú a dhéanamh ar incháilitheacht gairmeacha atá ar an Liosta Gairmeacha Scileanna Criticiúla agus ar an Liosta Gairmeacha Neamh-incháilithe le haghaidh ceadanna fostaíochta.

Iarrtar ort aighneacht a dhéanamh le do thuairimí a chur in iúl má shíleann tú go bhfuil ganntanas scileanna/saothair nó barrachais ann maidir le slite beatha i d’earnáil, a bhfuil tionchar diúltach acu ar do thionscal.

Ba cheart duit aon ghníomhaithe ábhartha a mheasann tú a bhfuil tionchar acu ar d’earnáil a chur san áireamh i d’aighneacht ionas gur féidir breithniú ar athruithe a dhéanamh ar na liostaí, mar shampla, sonraí ar na scileanna nó ganntanas saothair, faisnéis ar iarrachtaí a rinneadh maidir le hearcaíocht, deacrachtaí coinneála, dreasachtaí oiliúna ábhartha, tionchar ar ghnó, pleananna leathnaithe srl., agus aon fhianaise nó sonraí eile ar nós suirbhéanna tionscail nó tuarascálacha agus tuairimí i d’earnáil.

Foirm aighneachta

Ní ghlacfar ach le haighneachtaí a dhéantar trí úsáid a bhaint as an bhfoirm atá ceangailte thíos amháin. 

Príomhdhátaí

Aighneachtaí oscailte: Dé Luain, an 26 Meitheamh 2023

Dáta deiridh: 5pm, Dé hAoine, an 18 Lúnasa 2023

Fiosrúcháin agus aighneacht

Ba chóir gach fiosrúchán agus aighneacht a chur chuig EMPU@enterprise.gov.ie.

Cúlra

Tá córas ceadanna fostaíochta bainistithe i bhfeidhm in Éirinn a uasmhéadaíonn tairbhí na himirce eacnamaíche agus a íoslaghdaíonn an chontúirt go gcuirfí isteach ar mhargadh saothair na hÉireann. Tá sé i gceist go bhfeidhmeodh an córas mar bhealach isteach do na príomhscileanna atá ag teastáil chun fiontraíocht a fhorbairt sa Stát ar mhaithe lenár ngeilleagar, agus ag an am céanna cothromaíocht an mhargaidh saothair a chosaint.

Ceapadh an córas le gur córas folúntais-threoraithe a bheadh ann, agus tá sé á thiomáint ag riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair, ag leathnú agus ag crapadh in éineacht lena luaineachtaí inmheánacha. Chun a chinntiú go mbíonn na scéimeanna ceadanna fostaíochta freagrach d’athruithe ar chúinsí eacnamaíocha agus ar dhálaí an mhargaidh saothair, déantar an córas a bhainistiú trí oibriú an Liosta Gairmeacha Scileanna Criticiúla agus an Liosta Gairmeacha Neamh-Incháilithe ar mhaithe le cead fostaíochta a dheonú.

  • Is slite beatha ardoilte iad na gairmeacha atá ar an Liosta Gairmeacha Scileanna Criticiúla a mbeadh ganntanas saothair nó scileanna ag baint leo maidir le cáilíochtaí, taithí nó scileanna agus atá riachtanach le go meidh geilleagar na hÉireann in ann a bheith ag feidhmiú go maith.
  • Is slite beatha iad gairmeacha atá ar an Liosta Slite Beatha Neamh-incháilithe ina bhfuil fianaise ann go bhfuil níos mó ná dóthain oibrithe Éireannacha/LEE ar fáil chun na folúntais sin a líonadh, agus mar sin, ní thabharfar cead fostaíochta in Éirinn ina leith.
  • Maidir le gairmeacha nach bhfuil ar cheachtar den dá Liosta, nuair nach féidir le fostóir oibrí a aimsiú, meastar iad a bheith ina ngairmeacha incháilithe le haghaidh cead fostaíochta, faoi réir critéar. 

Aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise a Fhoilsiú

Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta, a thugann tú go deonach don roinn seo, leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go hiomlán de réir Achtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Tabhair faoi deara, áfach, an méid seo a leanas:

  • roinnfear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm aighneachta leis na ranna rialtais agus na heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe
  • foilseoidh an Roinn toradh na n-athbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a gheofar faoin gcomhairliúchán seo ar a suíomh Gréasáin
  • toisc go bhfuil faisnéis a fhaigheann an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, féadfar an fhaisnéis sin a bhreithniú le haghaidh scaoileadh a d’fhéadfadh a bheith ann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Rachaidh an Roinn i gcomhairle leat maidir le faisnéis den sórt sin sula ndéanfar cinneadh má bhíonn uirthi í a nochtadh
  • más mian leat faisnéis a mheasann tú atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach, cuir an fhaisnéis sin in iúl i d’aighneacht agus tabhair cúiseanna le breithniú a dhéanamh uirthi atá íogair ó thaobh na tráchtála de 

Topics: Employment Permits