Comhairliúchán Poiblí maidir le Forfheidhmiú Náisiúnta ar Rialacha Comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (Acht IS)

Fáiltíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta roimh aighneachtaí maidir le comhairliúchán poiblí ar fhorfheidhmiú an Achta um Intleacht Shaorga (IS) an AE, ar glacadh go foirmiúil leis ag an AE an 21 Bealtaine 2024 agus a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2024.

Tá an comhairliúchán seo ar mhaithe le cur chuige na hÉireann a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Achta, agus go háirithe maidir le leagan amach na n-údarás inniúla náisiúnta, atá riachtanach don chur i bhfeidhm.

Beidh forálacha an Achta i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar feadh tréimhse 36 mí tar éis den Acht teacht i bhfeidhm. 

Léargas ginearálta ar an Acht agus míniú ar a phríomhfhorálacha

Aighneachtaí

Fáiltíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta roimh aighneachtaí i gcoitinne ar an ábhar seo agus iarrtar ar fhreagróirí, ach go háirithe, díriú ar na ceisteanna sonracha i gCuid 4. Iarrtar ar fhreagróirí a n-aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost. 

Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig ConsAIregulation@enterprise.gov.ie

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé Máirt, 16 Iúil 2024.

Topics: Artificial Intelligence