Aighneachtaí á Lorg: Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Dréachtscéim á hUllmhú

Tá sé i gceist ag an Roinn Fiontar, Trádalá agus Fostaíochta scéim a dhréachtú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaigdeán níos airde. 

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó aon pháirtithe leasmhara.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig:

gaeilge@enterprise.gov.ie

In a mhalairt de chás, is féidir iad a sheoladh chuig:

An t-Aonad Seirbhísí Custaiméirí (S. 207)

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

23 Sráid Chill Dara

Baile Átha Cliath 2

D02 TD30

Roimh 5.00in Dé Luain, 1 Samhain 2021.

Is féidir go mbeidh fáil go poiblí ar aighneachtaí ag enterprise.gov.ie.