An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Is é Simon Coveney TD a ceapadh i mí na Nollag 2022 an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Tá sé ina Leascheannaire ar Fhine Gael freisin.
Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha (2017-2022) agus ina Aire Cosanta (2020-2022). Idir mí na Samhna 2017 agus mí Meitheamh 2020, bhí oifig an Tánaiste aige chomh maith.
Roimhe seo bhí sé ina Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (2016-2017), ina Aire Cosanta (2014-2016) agus ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara (2011-2016).
Toghadh chun na Dála é den chéad uair i 1998. Toghadh chuig Parlaimint na hEorpa é in 2004 áit a raibh sé ina bhall den ghrúpa EPP-ED. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnóthaí Eachtracha Pharlaimint na hEorpa agus den Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí agus bhí sé ina chomhalta ionaid ar an gCoiste Iascaigh. Ba é an tUasal Coveney údar Thuarascáil Bhliantúil Pharlaimint na hEorpa ar Chearta Daona sa Domhan don bhliain 2004 agus arís don bhliain 2006. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae Chorcaí agus de Bhord Sláinte an Deiscirt ó 1999 go 2003.
Tá B.Sc. i dTalmhaíocht agus i mBainistíocht Talún ón gColáiste Talmhaíochta Ríoga, Gloucestershire ag an Aire Coveney. Cuireadh oideachas air freisin i gColáiste Choill Chluana Gabhann, i gContae Chill Dara; agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar Choláiste Talmhaíochta an Ghoirtín, i gCo. Thiobraid Árann. I 1997-1998 ba é a bhí i gceannas ar an Tionscadal Seolta Chernobyl inar seoladh 30,000 míle timpeall an domhain ar son na carthanachta.
Tá sé pósta ar Ruth agus tá cónaí orthu i gCorcaigh lena dtriúr iníonacha.