Cé muid féin

Neale Richmond

Neale Richmond

An tAire Stáit do Ghnó, Fostaíochta agus Miondíol

Ceapadh Neale Richmond TD ina Aire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta áit ina bhfuil freagracht ar leith aige as Gnóthaí Fostaíochta agus Gnó Miondíola, agus ina Aire Stáit ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an 13 Eanáir 2023.

Baineann go leor dá chuid oibre sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le gnólachtaí,le hoibrithe, a gcomhlachtaí ionadaíocha agus na Gníomhaireachtaí Stáit chun a chinntiú go leathnaíonn an borradh eacnamaíoch agus an fás chuig gach cearn den tír. Oibríonn sé go dlúth leis an earnáil FBManna, lena n-áirítear an earnáil mhiondíola, chun athléimneacht a chinntiú, agus tá sé gníomhach chomh maith ag obair ar son an aistriú chuig an ngeilleagar glas agus digiteach.

Tá an tAire Richmond freagrach sa Rialtas ag leibhéal idirnáisiúnta as EPSCO – an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí; EMCO - An Coiste Fostaíochta agus as an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair - ILO.

Roimh a ról mar Aire Stáit, toghadh ina TD do Bhaile Átha Cliath Ráth an Dúin é in Olltoghchán 2020. I mí Aibreáin 2016 toghadh chuig Seanad Éireann é, ar Phainéal an Lucht Oibre, áit a raibh sé ina Urlabhraí ag Fine Gael ar Ghnóthaí Eorpacha agus ina chathaoirleach ar Roghchoiste Speisialta an tSeanaid ar tharraingt siar na Riocht Aontahithe ón AE.

D’fhóin Neale ar feadh seacht mbliana ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin áit ar toghadh den chéad uair é in 2009, agus atoghadh é arís sa bhliain 2014.

D’fhóin Neale ar feadh dhá bhliain mar bhall de Choiste na Réigiún de chuid an AE, agus é i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann, ag gníomhú mar Rapóirtéir ar an Tuairim ar bheartas trádála agus infheistíochta níos freagraí.

Tá BA sa Stair agus MA sa pholaitíocht ó UCD ag Neale. Tá sé ina chónaí sa Chéim lena bhean chéile agus lena mbeirt leanaí.