Cé muid féin

Dara Calleary

Dara Calleary

An tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí

Is é Dara Calleary TD an tAire Stáit reatha um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí.

Mar Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tá an tAire Calleary freagrach as trádáil fhreagrach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, rialáil chothrom agus níos fearr a chinntiú do gach gnóthas, agus go n-oibríonn margaí go héifeachtach do thomhaltóirí agus don gheilleagar ina iomláine. Tá béim ar leith aige freisin ar chlaochlú leanúnach digiteach na fiontraíochta agus ar a chinntiú go gcoimeádann nó go bhfeabhsóidh Éire a seasamh sa 5ú háit sa DESI, agus go bhfanann sí ina tosaigh digiteach i gcroílár na hEorpa.

Déanann sé ionadaíocht ar Rialtas na hÉireann ag Comhairle Iomaíochais an AE a oibríonn chun iomaíochas a fheabhsú agus fás san AE a mhéadú, chomh maith leis an bhfóram D9+ agus Tionscnamh Domhanda Digiteach do Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide an OECD.

As Béal an Átha ó dhúchas, tá Dara Calleary ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ó toghadh den chéad uair é in Olltoghchán na bliana 2007.

Roimhe sin bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le freagracht as Gnóthaí Saothair ó 2009-2011 agus ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Airgeadais le freagracht as Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ó 2009-2011. D’fhóin sé mar Aire Talmhaíochta agus mar Phríomh-Aoire an Rialtais in 2020.

D’fhóin Dara mar Leas-Cheannaire ar Fhianna Fáil ó 2018-2020 agus d’fhóin sé freisin mar Urlabhraí ar Cheartas, Poist, Fiontraíocht agus Nuálaíocht, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an punann Coimirce Sóisialaí.

Sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht bhí baint ag Dara leis na hearnálacha baincéireachta agus gnó. Rinne Dara staidéar ar Ghnó agus ar Pholaitíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus d’fhreastail sé ar Choláiste Naomh Muredach, Béal an Átha agus ar Scoil Náisiúnta Naomh Oilibhéar Pluincéad.