Comhairliúchán poiblí maidir le forbairt Straitéise Náisiúnta um Leathsheoltóirí

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag lorg tuairimí pháirtithe leasmhara chun eolas a dhéanamh d'fhorbairt straitéise náisiúnta um leathsheoltóirí.

Beidh sé mar aidhm ag an straitéis teacht i dtír ar dheiseanna d'earnáil na leathsheoltóirí ag leibhéal an AE agus uaillmhian agus treo a leagan amach maidir le gníomhaíocht san earnáil. Iarrann an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney, ort anois páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí sin, tríd a ndírítear ar na bearta agus tionscnaimh is féidir le hÉirinn a thabhairt isteach d'fhonn tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thugtar sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna agus d'fhonn uaillmhianta don earnáil a bhaint amach. 

Cúlra

Tá leathsheoltóirí (‘sliseanna’) le fáil i ngach áit inár saol laethúil, agus tá gá leo i mbeagnach gach earnáil agus seirbhís bhunriachtanach. Is inchinní na leictreonaice nua-aimseartha iad leathsheoltóirí, agus iad mar chomhpháirteanna ríthábhachtacha i dtáirgeadh beagnach gach fearais leictreonaigh agus gach innealra a mbraithimid orthu ar bhonn laethúil, lena n-áirítear fóin phóca, ríomhairí, carranna agus freastalaithe, chomh maith le bheith bunriachtanach d'earnálacha eile den gheilleagar, amhail i dtáirgeadh trealaimh TFC, d'fheistí leighis, san aerloingseoireacht agus mar sin de.

De bharr a n-úsáide mar ionchuir sa déantúsaíocht, tá leathsheoltóirí ag croílár cion mhóir den ghníomhaíocht gheilleagrach, agus mar sin tá feidhmíocht na hearnála lárnach d'ionchas an gheilleagair dhomhanda. Ina theannta sin, tá an t-éileamh do leathsheoltóirí le dul in airde go mór sna blianta atá le teacht de bharr a n-úsáide san intleacht shaorga, i bhfeithiclí leictreacha, agus sa néalríomhaireacht, rud a chabhróidh le haistriú glas an fhuinnimh agus na tionsclaíochta a spreagadh dá réir. Sa chomhthéacs sin, tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag seoladh comhairliúchán pháirtithe leasmhara chun eolas a dhéanamh do straitéis náisiúnta um leathsheoltóirí. 

Díreofar sa chomhairliúchán sin ar na bearta agus tionscnaimh is féidir le hÉirinn a thabhairt isteach d'fhonn tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thugtar sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna agus d'fhonn uaillmhianta don earnáil a bhaint amach. 

Príomhthéamaí

Cuirfear fáilte roimh thuairimí pháirtithe leasmhara ó pháirtithe ábhartha, lena n-áirítear tionscal na déantúsaíochta, FBManna, an lucht taighde, agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart aighneachtaí a leagan amach de réir na dtéamaí a achoimrítear thíos, agus ceann amháin nó níos mó de na téamaí á bhfreagairt de réir mar is cuí.

  • Ardaidhmeanna don earnáil – Cad iad na hardaidhmeanna atá ag páirtithe leasmhara do thionscal leathsheoltóirí na hÉireann sna blianta atá le teacht?
  • Deiseanna don earnáil – Cad iad na príomhdheiseanna a aithníonn páirtithe leasmhara chun go bhforbrófaí an earnáil tuilleadh?
  • Dúshláin roimh ghnóthaí agus roimh an earnáil – Cad iad na príomhdhúshláin atá roimh ghnóthaí aonair in earnáil na leathsheoltóirí? Cad iad na dúshláin uileghabhálacha atá roimh earnáil leathsheoltóirí na hÉireann ar an iomlán?
  • Rochtain ar thallann do ghnóthaí – Cad iad na riachtanais scileanna (ar fud réimse na hoiliúna, an oideachais agus an taighde) a bheidh ann don earnáil sna blianta atá le teacht?
  • Bacainní ar fhorbairt – Cad iad na bacainní a d'fhéadfadh cosc a chur ar idir ghnóthaí aonair agus an earnáil ar an iomlán a n-ardaidhmeanna a bhaint amach?
  • Maolú – Cad iad na gníomhartha maolaithe féideartha a d'fhéadfaí a dhéanamh (agus cé a dhéanfadh iad) chun dul i ngleic leis na dúshláin agus bacainní a aithnítear? 

Freagairtí comhairliúcháin

Iarrtar go gcuirfí tuairimí ó pháirtithe leasmhara agus páirtithe ábhartha maidir leis an rialúchán molta isteach tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine, 15ú Márta 2024.

Ba chóir aighneachtaí a mharcáil 'Comhairliúchán maidir le Straitéis Náisiúnta um Leathsheoltóirí' agus iad a chur ar an ríomhphost chuig chips@enterprise.gov.ie.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus foilseachán na naighneachtaí

Cuirfidh an roinn gach aighneacht a fhaightear faoin gcomhairliúchán sin ar fáil ar a suíomh gréasáin. Tabhair do d'aire go bhféadfar faisnéis arna soláthar don roinn a nochtadh mar fhreagra ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Dá bhrí sin, ba cheart duit aon fhaisnéis a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh tráchtála de a shainaithint, agus sonraigh an chúis lena híogaireacht. Rachaidh an roinn i dteagmháil leat maidir le faisnéis atá sainaitheanta agat a bheith íogair sula bhfhoilsítear nó a nochtar é ar bhealach eile.

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Ba chóir do fhreagróirí a thabhairt dá n-aire gur tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) i bhfeidhm in Éirinn ar an 25 Bealtaine 2018 agus é i gceist leis tuilleadh smachta a thabhairt do dhaoine aonair i leith a sonraí pearsanta. Is iad príomhphrionsabail an rialacháin ná:

  • dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht
  • teorannú de réir cuspóra
  • íoslaghdú sonraí
  • cruinneas
  • teorannú stórála
  • sláine agus rúndacht
  • cuntasacht

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi réir fhorálacha an rialacháin maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn sí ón 25 Bealtaine 2018. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo leis na caighdeáin um shlándáil agus rúndachta is airde agus ar bhealach atá i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018.

Topics: Trade and Investment