Comhairliúchán Poiblí ar Scéim an Bhille um Chearta an Tomhaltóra 2021

Tá an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ag lorg tuairimí páirtithe leasmhara ar Scéim an Bhille um Chearta an Tomhaltóra ina ndéanfar comhdhlúthú agus uasdátú ar na forálacha reachtacha a rialaíonn na príomh-chineálacha conartha tomhaltóirí.

Is beartanna comhchuibhiú uasta iad na Treoracha AE maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, cearta tomhaltóirí agus cleachtais tráchtála éagóracha a gcuirtear i gcrích i bpáirteanna 2-3, 5-6 agus 9 den Scéim, nach féidir forálacha a shárú nó a chur leo i reachtaíocht náisiúnta. Tá béim an chomhairliúcháin seo ar na páirteanna seo den Scéim, ar na forálacha atá faoi rogha reachtaíochta na mBallstáit. I gcásanna áirithe, is mar gheall go bhfuil forálacha roghnacha sna Treoracha gur féidir leis na Ballstáit a roghnú cé acu an gcuirfidh nó nach gcuirfidh siad i bhfeidhm iad nó an féidir forálacha comhchuibhiú íosta a leathnú nó a chur leo i reachtaíocht náisiúnta. I gcásanna eile, is féidir leis na Ballstáit forálacha Treorach a leathnú amach taobh amuigh de réimse an Treorach. Ní rialaíonn an AE forálacha na gconarthaí le seirbhísí neamh-dhigiteach a sholáthar (Páirt 4 den Scéim)  agus mar sin tá tuairimí á lorg ar na forálacha substainteacha go léir sa Pháirt seo. Is beart comhchuibhiú íosta é an Treoir maidir le Téarmaí an Chonartha Éagórach (Páirt 7 an Scéim) agus tá tuairimí á lorg ar na forálacha atá le cosaintí na Treorach a leathnú sa Pháirt sin. Cé go gcuirfear fáilte roimh aighneachtaí ar aon cheann de na forálacha sa Scéim, bítear ar an eolas go gcaifear forálacha a chur i bhfeidhm a chuireann forálacha comhchuibhithe i dTreoracha AE i gcrích, i gcomhréir lenár oibleagáidí de réir an Dlí Eorpach.

Chomh maith leis sin, tá an Roinn ag lorg, tuairimí ar leasú na Rialachán maidir le Praghsanna Táirgí a Thairgtear nach bhfuil mar chuid den Scéim seo.

Spreagaimid tomhaltóirí, eagraíochtaí tomhaltóra, gnóthaí agus eagraíochtaí gnó agus páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na ceisteanna atá leagtha amach sa pháipéar. Is féidir leo siúd, daoine nó eagraíochtaí le suim faoi leith i ngné áirithe den mholadh, a gcuid tuairimí a thabhairt ar an ngné sin amháin más mian leo.

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a chur isteach ná 30 Meitheamh 2021. Tugtar tuilleadh ama don tréimhse chomhairliúcháin dóibh siúd ar mian leo freagra a thabhairt i nGaeilge. Deonaítear an síneadh ar aighneachtaí Gaeilge go dtí deireadh an ghnó Dé hAoine, 6 Lúnasa 2021. 

 

Published by Commerce, Consumer and Competition

Topics: Competition and Consumer Policy, Consumer and Competition, Your Consumer Rights