Nuacht & Imeachtaí

Athbhreithniú Lárthéarma ar Nuálaíocht 2020 agus ar Scórchlár Nuálaíochta Eorpach 2019

D’fháiltigh an tAire Stáit um Oiliúint, Scileanna, Taighde agus Nuálaíocht, John Halligan T.D., inniu roimh an Athbhreithniú Lárthéarma ar Nuálaíocht 2020, a foilsíodh an Mháirt, 18 Meitheamh 2019.

Is éard atá i Nuálaíocht 2020 straitéis na hÉireann maidir le taighde agus forbairt, eolaíocht agus teicneolaíocht. Tá fís ann go mbeidh Éire mar Cheannaire Nuálaíochta Domhanda, rud a chuirfidh leis na hiarrachtaí geilleagar láidir, inmharthana agus sochaí níos fearr a fhíorú. Cuimsíonn an tAthbhreithniú Lárthéarma ar Nuálaíocht 2020 an chéad trí bliana, suas go mí na Nollag 2018, agus déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa tréimhse sin. Aithnítear san Athbhreithniú na hathruithe atá tagtha ar pholasaithe agus athdhearbhaítear ann an tábhacht leanúnach atá le Nuálaíocht 2020 lena chinntiú go ndéanfar taighde den scoth ar fud na hÉireann. Is é an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a rinne an tAthbhreithniú ar son Ghrúpa Feidhmiúcháin Nuálaíocht 2020.

Dúirt an tAire Halligan: “Is mian liom aitheantas a thabhairt do na pobail taighde agus nuálaíochta as a dtiomantas agus as an obair chrua atá déanata acu. Déanann siad obair den chéad scoth agus bíonn tionchar acu i réimsí éagsúla, i gcúrsaí acadúla agus fiontraíochta, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Trí Nuálaíocht 2020, tá cló ‘uile-Rialtais’ curtha ar an taighde agus forbairt a dhéanann ranna éagsúla Rialtais trí mhaoiniú poiblí, agus tá ár gcuspóirí agus ár n-ardmhianta náisiúnta chun cinn san obair sin. Tá páirtithe éagsúla tagtha le chéile mar gheall ar an gclár as fud fad an phobal taighde agus forbartha chun dul i ngleic le saincheisteanna leathana amhail Taighde Oscailte, ionracas i gcúrsaí taighde agus cúrsaí inscne. Is ceiliúradh an tAthbhreithniú seo ar an iliomad éachtaí atá bainte amach againn le chéile. Ní féidir na maidí a ligean le sruth, áfach, agus ní mór dúinn tús áite a thabhairt do thaighde agus nuálaíocht sa tréimhse 18 mí atá fágtha i saolré na Straitéise seo.

Tá an Straitéis um Poist sa Todhchaí in Éirinn agus an tAthbhreithniú Lárthéarma seo suntasach agus straitéis nua á hullmhú againn ina bhfuil fís athmheasta maidir le cúrsaí taighde, forbartha agus nuálaíochta in Éirinn i ndiaidh 2020.”

Léiríonn an Scórchlár Nuálaíochta Eorpach, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach 17 Meitheamh 2019, go bhfuil Éire ina Nuálaí Láidir go fóill i gcomhthéacs an AE ina bhfuil méadú tagtha ar nuálaíocht. Táimid ar cheann den deich mBallstát is nuálaí, muid sa deichiú háit agus níos fearr ná meán an AE. Tá léiriú le fáil ar an Scórchlár ar mheasúnú comparáideach ar fheidhmíocht Bhallstáit an AE ó thaobh taighde agus nuálaíochta de. Léirítear freisin láidreachtaí agus laigí coibhneasta na gcóras taighde agus nuálaíochta ag gach Ballstát acu. Den chéad uair riamh, tá an AE i ndiaidh cruthú níos fearr ná na Stáit Aontaithe sna cúrsaí seo.

Ag labhairt faoi thoradh an Scórchláir dó, dúirt an tAire Halligan: “Tá mé sásta go bhfuil Éire go fóill i measc na ndeich dtír is fearr sa chomhthéacs ina bhfuil cúrsaí nuálaíochta ag dul i bhfeabhas ar fud an AE. Is ábhar misnigh dom go háirithe a rathúla a bhímid agus poist ardcháilíochta, díolacháin agus easpórtálacha á gcruthú bunaithe ar ár dtaighde, forbairtí agus nuálaíocht. Tá nuálaíocht san Eoraip agus níos faide i gcéin ag feabhsú de réir a chéile le blianta beaga anuas agus ní mór dúinne, anseo in Éirinn, ardtosaíocht a dhéanamh i gcónaí den infheistíocht i dtaighde, forbairt agus nuálaíocht lena chinntiú go mbímid in ann dul in iomaíocht lenár gcomhghleacaithe san Eoraip agus i dtíortha eile ar fud an domhain agus muid ag iarraidh a bheith mar Cheannaire Nuálaíochta Domhanda”.

Déantar measúnú ar fheidhmíocht nuálaíochta ar fud an AE de réir 27 táscaire i ndeich réimse nuálaíochta. I mbliana, tá Éire chun tosaigh arís eile sna réimsí a bhaineann le tionchar ar Fhostaíocht agus le tionchar ar Dhíolacháin. Sa réimse a bhaineann le tionchar ar Fhostaíocht, tomhaistear an tionchar ar fhostaíocht bunaithe ar dhlútheolais agus an tionchar ar fhostaíocht i ngnólachtaí mearfháis in earnálacha nuálaíochta. Sa réimse a bhaineann le tionchar ar Dhíolacháin, tomhaistear tionchar eacnamaíochta na nuálaíochta. Tá trí tháscaire san áireamh lena dtomhaistear easpórtálacha táirgí meánteicneolaíochta agus ardteicneolaíochta, easpórtálacha seirbhísí dlútheolais agus díolacháin bunaithe ar ghníomhaíochtaí nuálaíochta.

Léiríonn Scórchlár Réigiúnach 2019, a eisíodh inné freisin, gur Nuálaithe Láidre iad na trí réigiún in Éirinn, agus gur Nuálaithe Rí-Láidre iad réigiún an Deiscirt agus réigiún Lár na Tíre.

Naisc:

 

Críoch

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú agus tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.